Header Image Placeholder

 

Bainistíocht

Image Placeholder on top of main text

Main Text Placeholder

  • 1. Donal Connell

    C.Eng., F.I.E.I., B.E.
    Príomhfheidhmeannach
    Aois 55
    Ceapadh an tUasal Connell mar Phríomhfheidhmeannach ar an 14 Lúnasa 2006. Chuir sé tús lena shaol oibre sa Roinn Poist agus Teileagrais agus bhí poist shinsireacha bainistíochta aige in Unitrode Ireland, 3Com Ireland agus Maxtor Ireland mar a raibh sé ina Bhainisteoir Ginearálta sular tháinig sé isteach in An Post. Tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmeannach ar Bhord Eorpach Xilinx Corporation agus ar Postbank Ireland Limited. Tá sé ina Chathaoirleach freisin ar Chuideachta Chrannchur Náisiúnta An Post.

  • 3. Jack Dempsey

    B.Comm., M.B.A., M.P.A.
    Stiúrthóir Oibriúcháin Postais
    Aois 58
    Tháinig an tUasal Dempsey isteach in Oifig an Phoist sna 1960í mar Oifigeach Feidhmiúcháin sa Roinn Poist agus Teileagrafa. Le linn a shaol oibre tá taithí leitheadach faighte aige i ngach gné d’oibriúcháin agus de ghíomhaíochtaí tráchtála poist, náisiúnta agus idirnáisiúnta, le poist shinsireacha éagsúla bainistíochta aige ar fud na Cuideachta. Ceapadh é ina Stiúrthóir Oibriúcháin Postais i mí Mhárta 2007.

  • 5. Pat Knight

    M.Sc.(Mgmt.), F.C.I.P.D.
    Stiúrthóir Acmhainní Daonna
    Aois 54
    Tháinig an tUasal Knight isteach in An Post i mí Mhárta 2004 mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna.Roimhe sin bhí sé ina Bhainisteoir Ginearálta Acmhainní Daonna i Waterford Crystal, cuideachta a ndeachaigh sé leo i 1986. Chuaigh sé ar aghaidh trí phoist éagsúla sinsireacha AD in Éirinn agus sa RA leo sin. Bhí sé tráth ina Oifigeach Pearsanra le Bord na Móna plc i measc postanna eile. Tá sé ina Iontaobhaí ar Scéimeanna Aoisliúntais An Post.

  • 7. Liam O’Sullivan

    Stiúrthóir Cláir agus Oibriúcháin Athruithe
    Bailiúcháin & Seachadadh
    Aois 42
    Tháinig an tUasal O’Sullivan isteach in An Post i 1985 mar Chléireach Post-Oifige. Tá taithí fhairsing faighte aige ina shaol oibre i réimse iomlán gnó na Cuideachta. Sular ceapadh é mar Stiúrthóir Próiseáil Postais i mí Iúil 2004, bhí poist sinsireacha bainistíochta agus bainistiú tionscadail aige sa Chuideachta. Thosaigh sé ina phost reatha i mí Iúil 2007.

  • 9. Liam Sheehan

    Stiúrthóir Díolacháin agus Margaíochta
    Aois 49
    Tháinig an tUasal Sheehan isteach in An Post mar Bhainisteoir Ginearálta Díolacháin agus Margaíochta agus ceapadh é mar Stiúrthóir Díolacháin agus Margaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2006. Tá taithí leitheadach aige in earnáil bhríomhar earraí tomhaltóirí na hÉireann agus i gcruthú brandaí, bainistiú cainéal agus straitéis díolacháin. Bhí poist shinsearacha Díoacháin agus Margaíochta aige roimhe seo le Procter & Gamble agus i Guinness agus bhí sé ina Stiúrthóir Tráchtála le Erin Foods. Tá sé ina stiúrthóir ar Chumann Margaíochta Dírí na hÉireann.

  • 11. Barney Whelan

    B.Sc., M.B.A., F.P.R.I.I.
    Stiúrthóir Gnóthaí Cumarsáide
    agus Corparáideacha
    Aois 54
    Tháinig an tUasal Whelan isteach in An Post i mí Eanáir 2005. Tar éis tamall maith de bhlianta a chaitheamh i dtionscal na talmhaíochta bhí sé freagrach as caidreamh poiblí agus cumarsáid bhranda san ESB. Ina dhiaidh sin bhí sé ina Stiúrthóir, Díolacháin agus Margaíocht sa Bhord um Chur Chun Cinn Sábháilteacht Bia. Ceapadh é sa phost atá aige faoi láthair i mí Dheireadh Fómhair 2006.

Main Text Placeholder 2

  • 2. John Daly

    A.C.M.A., M.Sc.(Mgmt.)
    Stiúrthóir Oibriúcháin Mhiondíola
    Aois 46

    Tháinig an tUasal Daly isteach in An Post i mí na Nollag 1988 tar éis tamall a chaitheamh mar chuntasóirí bainistíochta i FÁS. Sa chuid luath dá shaol oibre leis An Post bhí sé ag obair sa roinn Airgeadais mar chuntasóir bainistíochta. Bhí poist éagsúla shinsearacha airgeadais agus bainistíochta aige ansin sa roinn Mhiondíola sular ceapadh ina phost reatha i mí Dheireadh Fómhair 2006. Tá sé ina stiúrthóir ar Chuideachta na nDuaisbhannaí Teoranta.

  • 4. Peter Gallagher

    B.Sc., M.B.A., M.Inst.D
    Stiúrthóir Straitéise agus Feabhas Gnó
    Aois 47

    Tháinig an tUasal Gallagher isteach in An Post i mí Aibreáin 2007 mar Cheann Straitéise agus Feabhas Gnó. Roimh theacht isteach in An Post, bhí sé ina Chomhpháirtí i gCleachtas Bunathrú Gnó Domhanta Ghrúpa Comhairliúcháin PA mar a raibh sé i mbun mórchláir bunathraithe agus feabhsúcháin oibriúcháin gnó do chliaintí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Fuair sé taithí chomh maith mar Stiúrthóir Straitéise le KPMG Consulting agus mar Bhainisteoir Oibriúcháin Gnó (RA agus Éire) do Dell Computer Corporation.

  • 6. Brian McCormick

    B.E. (Mech.), M.B.A.
    Stiúrthóir Seirbhísí
    Aois 49

    Tháinig an tUasal McCormick isteach in An Post i mí Bhealtaine 2002 mar Stiúrthóir Straitéise agus ceapadh ina phost reatha mar Stiúrthóir Seirbhísí é i mí Dheireadh Fómhair 2003. Bhí taithí aige roimhe sin i CRH plc agus i Merrion Corporate Finance mar a raibh sé ina Stiúrthóir. Tá sé ina Iontaobhaí ar Scéimeanna Aoisliúntais An Post.

  • 8. Peter Quinn

    B.Comm., F.C.A., M.B.A.
    Príomhoifigeach Airgeadais
    Aois 50

    Tháinig an tUasal Quinn isteach in An Post i mí Lúnasa 2004 tar éis poist shinsireacha airgeadais agus straitéiseacha a bheith aige i PJ Carroll and Company plc agus i Monaghan Mushrooms Limited. Fuair sé oiliúint roimhe seo mar chuntasóir cairte agus bhí sé ag obair i gcleachtas le KPMG. Tá sé ina stiúrthóir ar Postbank Ireland Limited.

  • 10. Michael Tyndall

    B.Comm., F.C.A.
    Rúnaí na Cuideachta
    Aois 58

    Tháinig an tUasal Tyndall isteach in An Post i mí Eanáir 1989 mar Cheann ar Chuntasaíocht Airgeadais agus ceapadh mar Rúnaí Cuideachtaí é i mí Aibreáin 1998. Chuir sé tús lena shaol oibre i ngairm na cuntasaíochta agus fuair cáilíocht ansin mar chuntasóir cairte. Bhí sé ag obair ansin i bpoist shinsireacha airgeadais agus bainistíochta i ngnólachtaí árachais agus dáiliúcháin. Tá sé ina Iontaobhaí ar Scéimeanna Aoisliúntais An Post agus ina Rúnaí Cuideachta chomh maith ar Chuideachta Chrannchur Náisiúnta An Post.