Header Image Placeholder

Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh

Image Placeholder on top of main text

Main Text Placeholder

Bliain a bhí dúshlánach ach dearfach

Rinne An Post brabús oibreacháin de €5.7 milliún i 2009 in ainneoin gur tháinig titim de 5.4% ar an ioncam foriomlán go €804 milliún. Ba é an cúlú eacnamaíochta ba mhó ba chúis leis seo, chomh maith le géarú in iomaíocht agus in ionadaíocht leictreonach. D’fhreagair an Chuideachta go mear do na deacrachtaí eacnamaíochta agus d’éirigh léi costais oibriúcháin a laghdú de 2.5%, ó €819 milliún go €798 milliún. Léiríonn an teacht aniar seo sa bhfeidhmíocht, chomh maith leis an tríú bliain de thorthaí Chaighdeán Seirbhíse, go bhfuil ag éirí le nuachóiriú ár gnó.

D’éirigh go maith le feidhmiúchán ár ngnó miondíola i rith na bliana. Rinne custaiméirí infheistíocht láidir i dTáirgí Coigiltis an Stáit atá á ndíol againn, agus á mbainistiú thar ceann Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, agus tháinig méadú €1.5 billiún ar na cistí. Bhí bliain rathúil ag na Duaisbhannaí le méadú de €269m sa chiste. Eascraíonn an fás sna cistí seo den chuid is mó as an muinín atá ag daoine as branda An Post agus as gnéithe Táirgí Coigiltis an Stáit. Tháinig méadú chomh maith ar líon na n-idirbhearta eile ar nós idirbhearta na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, agus Western Union, gan ach roinnt acu a lua. Ní raibh cúiteamh iomlán ar fáil sa bhforbairt seo áfach, cé gur mór an fáilte atá roimpi, ar thionchar an mheath in ioncam ár ngnó poist. Tá sé ar intinn againn táirgí breise airgeadais agus miondíola a chur lenár bpunann táirgí.

Chuir an laghdú i gcostais oibriúcháin go mór le feidhmíochtairgeadais na Cuideachta. Baineadh é seo amach trí Chláir Athruithe na Cuideachta a fhorfheidhmiú go rathúil, go háirithe an Clár Bailiúcháin agus Seachadta, a raibh laghdú de chóibhéis lánaimseartha de 402 (FTE) ann dá bharr, reo pá ar fud na cuideachta, agus laghdú mór i gcostais oibriúcháin neamhphá. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe laghdú 1,375 de chóibhéis lánaimseartha a dhéanamh sna trí bliana seo chugainn chun laghdú eile fós a chur ar bhonn costais na Cuideachta.

Mar go bhfuil riocht láidir airgid tirim ag An Post is féidir leis an gCuideachta infheistíocht bhreise a dhéanamh mar atá riachtanach don todhchaí. I gcomhar le forfheidhmiú leanúnach na gclár athruithe beidh an infheistíocht seo mar bhunchloch againn chun oibríochtaí poist den chéad scoth a sholáthar sna blianta atá romhainn.

Tá an Clár Bunathraithe comhdhéanta de phunann de na tionscadail straitéiseacha is tábhachtaí ar fud na heagraíochta. Clúdaítear gach gné den athrú ullmhúcháin atá riachtanach sula n-osclaítear go hiomlán don mhargadh agus tugtar tosaíocht dó ó thaobh acmhainní agus forfheidhmithe. Déantar monatóireacht dhíograiseach ar fhorfheidhmiú na dtionscadal agus rinneadh dul chun cinn mór i rith na bliana 2009.

Bíonn ioncam agus brabúsacht tábhachtach i gcónaí mar thomhaiseanna do rath aon fhiontraíocht tráchtála. Áirítear ina measc bearta ar nós caighdeán na seirbhíse, a léirítear i seachadadh an phoist in am; leathnú an bhonn ioncaim; fíorfhócas custaiméara a chur in iúl agus teicneolaíocht na faisnéise a úsáid chun éifeachtúlacht a bhreisiú. Is cúis áthais dom a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn suntasach léirithe againn i ngach ceann de na réimsí tábhachtacha seo.

Lé déanaí bheartaigh An Post agus BGL BNP Paribas, comhscairshealbhóirí Postbank Ireland Ltd., an comhfhiontar a scor faoi dheireadh na bliana 2010. Speag cúinsí éagsúla na scairshealbhóirí i dtreo an chinneadh seo, ina measc na dála gan fasach ina bhfuil earnáil na seirbhísí airgeadais faoi láthair, margadh ard-íomaíocht an choigiltis in Éirinn agus gan aon deis brabúis a bheith ann sna dála margaidh atá ann faoi láthair.

Ag eascairt ar an gcinneadh seo, tabharfaidh bainistíocht Postbank an bank chun críche go gairmiúil ordúil. Idir an dá linn, beidh gnó mar is gnách ar bun Postbank, One Direct agus PostPoint lena gcustaiméirí agus beidh siad in ann dul ar aghaidh lena ngníomhaíochtaí baincéireachta, árachais agus gaolmhara mar is gnách.

Caighdeán Feabhsaithe Poist

Tá feidhmíocht chomhleanúnach agus caighdeán feabhsaithe ríthábhachtach dár gcroíchghníomhaíocht: bailiúchán, próiseáil agus seachadadh an phoist. Is é ár sprioc go ndéanfaí seachadadh ar 94% den phost intíre an chéad lá eile agus seachadadh ar 99.5% laistigh de thrí lá. Tá feabhsú leanúnach ag teacht ar ár bhfeidhmíocht ag gach céim den phróiseas - ó bhailiúchán go próiseáil, dáileadh agus seachadadh. Tháinig feabhas mór orainn ó thaobh na spriocanna seo a bhaint amach i 2009, agus sháraigh na torthaí feidhmíocht na bliana roimhe sin den tríú bliain as a chéile. Deimhnítear sna sonraí bliana iomláine ó ComReg, an Coimisiún um Rialáil Chumarsáide gur seachadadh 84% den phost intíre an chéad lá eile agus 98.3% laistigh de thrí lá. Is méadú an-suntasach de chúig phointe céatadáin é seo ar sheachadadh intíre an chéad lá eile ón bhfeidhmíocht a baineadh amach sa bhliain 2008.

D’éirigh linn arís na spriocanna caighdeáin indirnáisiúnta do sheachadadh poist, mar atá leagtha síos ag Treoracha Poist Aontas na hEorpa (AE) a bhaint amach, is é sin 85% i dtrí lá, mar atá tomhaiste ag an gCorparáid Idirnáisiúnta Poist (IPC) I gCóras Tomhaiste UNEX. Bhain an Chuideachta amach 96.0% ar phost isteach agus 94.6% ar phost amach agus bronnadh Teastas Feabhais i mBainistiú agus i bPróiseáil Post Litreacha Idirnáisiúnta uirthi. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradam Feidhmíochta Chomharchumann Aonad Poist an Domhain “Leibhéal Óir” orainn; tá An Post anois curtha i ngrúpa beag de chuideachtaí ceannasacha a ghnóthaigh an gradam seo.

Mar chuid de chlár infheistíochta ilbhliana €150 milliún, táimid ag díriú go leanúnach ar na réimsí seo a chabhróidh linn éifeachtúlacht bhreise a bhaint amach agus caighdeán na seirbhíse a fheabhsú. Mar shampla, d’fhaomhaigh an Bord caiteachas caipitil ar an gcéad ghlúin eile de threalamh sortála poist uathoibrithe. Faoi láthair tá ár gcóras in ann 35% den phost uile a shortáil go leibhéal an bealach seachadta. Nuair a bheidh sé curtha i gcrích beifer in ann ann sortáil a dhéanamh ar 80% den phost go dtí an leibhéal seo.

I rith na bliana leathnaigh muid canáil na mbailiúchán amach go dtí 100% de na pointí Bailiúcháin ar fud na tire, rud a chuir go mór le feabhsú caighdeáin.

Chomh maith leis sin, sheoil muid ár gclár Six Sigma chun oiliúint den chaighdeán is airde a thabhairt don bhainistíocht inár n-oibríochtaí poist. Cuirfidh an cur chuige cruthaithe seo i leith bainistiú próisis go mór lenár gcumas na spriocanna caighdeáin a bhaint amach sna blianta atá romhainn.

Rannpháirtíocht na Foirne

Tá sé fíorthábhachtach dár dtodhchaí go ndéanfaimis dea-chaidreamh a fhorbairt agus a choinneáil lenár bhfostaithe go léir. Maireann an caidreamh atá againn leis an bhfoireann agus le hionadaithe a gcearchumann oscailte agus cuiditheach. Cinntíonn sé seo soiléirí cuspóra agus fíor-chomhoibriú ag gach leibhéal ar mhaithe le rath na heagraíochta. Is cúis áthais dom a thuairisciú maidir leis seo go bhfuil na clár athraithe ag leanúint ar aghaidh go rathúil le tacaíocht na foirne agus na gceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar a son.

Dhá bhliain ó shin, gheall mé go gcuirfinn le hinniúlacht An Post trí infheistíocht shuntasach a dhéanamh in oiliúint agus i bhforbairt na ndaoine. Chuir an grúpa sinsireach bainistíochta críoch le clár forbairt chinnireachta módúlach le linn na bliana 2009. Chuir baill foirne as go leor réimsí eile den Chuideachta, agus an urbhainistíocht san áireamh, tús le cláir oiliúna agus forbartha chosúla. Inár ngnó miondíola, mar shampla, rinne muid infheistíocht shunstasach in oiliúint na foirne agus na máistrí poist in oifigí poist, togra a bhfuil méadú ar ioncam cheana féin dá bharr. Creidim go daingean go bhfuil an cur chuige seo ríthábhachtach don rath a bheith orainn amach anseo.

Sruthanna Ioncaim na Todhchaí a dhaingniú

Thaispeáin an Chuideachta go leanúnach chomh héifeachtúil is atá an post díreach mar mheán margaíochta do ghnólachtaí agus tugadh faoi réimse gníomhaíochtaí fógraíochta chun cabhrú le cuideachtaí a gcumas a úsáid.

Bhí ceardlanna ann le saineolaithe agus máistir-ranganna i ngach gné den phost dhíreach. Tugaimid tacaíocht leanúnach don lucht margaíochta díreacha agus dá ngníomhairí trí urraíocht a dhéanamh ar Ghradaim Náisiúnta na Margaíochta Dírí.

Aithnímid an deis a chruthaíonn an ríomhthráchtáil dár ngnó poist. Tá ról ríthábhachtach ag soláthróirí seirbhísí poist ó thaobh orduithe a dhéantar ar an idirlíon a chomhlíonadh agus tugann sé seo deis dúinn atá ag síormhéadú. Chun spreagadh breise a thabhairt don ghnó seo, cuireann Eolaire Siopadóireachta Ar Líne An Post tairseach chuimsitheach suas chun dáta ar fáil a thugann rochtain aon stad ar shiopaí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus ar ríomhchomhlánú. Táimid dírithe i gcónaí ar tháirgí nua a sholáthar sna hearnálacha fáis seo agus beidh réitigh saincheaptha á soláthar go leanúnach againn dár mórchliantaí.

An Margadh Poist ag Oscailt

Tá an margadh iomaíoch ann cheana féin, mar go bhfuil iomaíocht ceadaithe in os cionn 60% den mhargadh poist le blianta fada anois.

Creidim go bhfuil an Chuideachta suite go maith chun deileáil le liobrálú iomlán an mhargaidh i 2011. Cuireann An Post fáilte roimh iomaíocht; déanfaidh an margadh liobrálaithe leas an chustaiméara agus tabharfaidh sé deiseanna nua dúinn a thaispeáin, mar fhiontar tráchtála faoi úinéireacht Stáit, gur féidir leis An Post dul san iomaiocht agus buachaint ar bhonn caighdeáin, costais agus nuála.

Is cúis bróid do An Post a bheith ina Sholáthróir Seirbíse Uilíche in Éirinn. Creidim gur mór an cúram é an tseirbhís seo a sholáthar agus ní foláir don Chuideachta a chinntiú go mbeidh an tsamhail ghnó seo téagartha. Tá an Chuideachta tiomanta an oiread céanna do mhéid an phoist a fhás cibé bealach is féidir, i beartáin agus i bpost díreach mar shampla, trí luach ar airgead a sholáthar, tuilleadh feabhais a chur ar chaighdeán agus trí tháirgí nua agus nuálacha a fhorbairt agus a thabhairt isteach.

I rith na bliana 2009, chuir an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus ComReg tus le tograí comhairliucháin maidir le struchtúr an mhargaidh liobrálaithe. Ghlac muid páirt iomlán sa phróiseas seo trí sheasamh mionsonraithe a ullmhú maidir le gach gné de struchtúr an mhargaidh sa todhchaí. Bhí seasamh again maidir le saincheisteanna éagsúla ón Oibleagáid Seirbhíse Uilíche agus rialáil táirgí, praghasanna agus caighdeáin, go bonneagar agus rochtain iartheachtach, ar mhaithe le cinntiú go mbeimid in ann an tseirbhís a theastaíonn ó chustaiméirí a sholáthar ar bhonn inmharthanach tráchtála.

Cóid Phoist

I mí Mheán Fómhair seo caite d’fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Eamon Ryan TD, go raibh córas cóid poist d’Éirinn faomhaithe ag an rialtas. Cuirfear cuireadh amach chun tairiscintí a dhéanamh chun an córas nua seo a fhorfheidhmiú agus tá an Rialtas ag súil go mbeidh na cóid seo sannaithe agus in úsáid faoi dheireadh na bliana 2011.

Tá An Post ag tacú le tabhairt isteach na gcód poist agus beidh ról tábhachtach aige ag cuir ar fail do ár geallsealbhóirí ilghnéitheach na sochair iomadúla éagsúla an bhonneagair Náisiúnta seo.

Fochuideachtaí

Tá a láithreacht i roinnt margaí coimhdeacha neartaithe chomh maith ag an gCuideachta.

Déanann Air Business, fochuideachta in úinéireacht 100% ag An Post, dáileadh ar son foilsitheoirí agus cliantaí poist díreach sa Ríocht Aontaithe. Feidhmíonn an chuideachta lasmuigh de chóras traidisiúnta na ndleachtanna ceann cúrsa poist agus tá sí chun cinn mar sholáthróir ardchaighdeáin seirbhísí poist i margadh na RA atá liobrálaithe go hiomlán agus lán d’iomaíocht ghéar. Bhí fássuntasach Bealtaine agus a lán deiseanna nua ann don chuideachta le linn 2009. I mí Meitheamnh, ghlac an chuideachta seilbh ar mhór-iomaitheoir, Jordan and Co International Limited, soláthróir seirbhísí poist agus comhaill, atá bunaithe in aice le Oxford, chun gnó an-rathúil le láimhdeachas £30 milliún sterling a chruthú. Cuireann ár rannpháirtíocht ar ár gcumas trácht idirnáisiúnta poist d’ardchaighdeán a sholáthar, ach tugann sé taithí dhíreach dúinn freisin ar an mhargadh liobrálaithe.

Sa dara leath de 2009 cheannaigh An Post scairshealbhóireacht 53.6% sa Gift Voucher Shop (GVS). Is mar chomhpháirtíocht straitéiseach a thosaigh gnó an GVS sa bhliain 2002 agus tá sé ag fás go tréan ó shin.

Díolann an chuideachta dearbháin bhronntanais trí líonra na nOifigí Poist in Éirinn agus go direach trína fhoireann chorparáideach díolacháin, ar líne agus trína ionad glaonna. Go dtí seo is é an Cárta Bronntanais il-stór leictreonach One4All, an táirge is rathúla atá aige agus seoladh an táirge san RA anuraidh. Léiríonn GVS conas is féidir leis An Post gnó láidir saincheadúnais a fhorbairt, ag obair go dlúth le comhpháirtithe sa bhaile agus thar lear, ag baint leasa as a chaidreamh seanbhunaithe gnó chun fás mear a sholáthar.

Tá sreabhanna oibre leictreonacha á n-úsáid níos mó agus níos mó ag gnólachtaí ar mhaithe le héifeachtúlacht a mhéadú agus slándáil a bhreisiú. I gcomhpháirtíocht le Adobe Corporation, cuireann táirgí Post.Trust’s ar chumas cuideachtaí cáipéisí leictreonacha a chruthú (i réimsí forghníomhú conartha, giniúint sonrasc agus comhfhreagras ginearálta gnó) ina mbíonn sínithe a mbaineann ceangal dlí leo). Bíonn na táirgí seo ar fáil do ghnólachtaí beaga agus móra araon. Soláthraíonn an teicneolaíocht seo céannacht deimhnithe údair agus iontaofacht cáipéise. Táimid deimhnitheach go bhfuil an togra seo ag teacht roimh riachtanais na gcustaiméirí sa mhargadh seo atá ag fás, agus go sásóidh sé na riachtanais sin.

Nuáil

Tá mé tiomanta do phróiseas a fhorbairt chun an nuáil a neadú (bealaí nua chun smaoineamh agus obair a sholáthróidh táirgí/seirbhísí nua) mar chomhpháirt chórasach de bhealach oibre An Post. Beimid ag tógáil ar thograí úrnua - ár ndíolmheasíní lánseirbhíse, postfone, tairiscint seirbhís teileafóin so-iompair a bheith ar fail go luath inár n-ionaid mhiondíola, féidearachtaí Shiopa Dearbháin Bhronntanais agus eile. Fiosróimid freisin na deiseanna atá ar fáil sa réimse digiteach, an post hibrideach san áireamh.

I gcomhthéacs an phoist, níl de theorainn ar an nuáil ach forbairt na teicneolaíochta féin agus tá réimse sochar le baint as sin, ó fheabhsú díreach ar éifeachtúlacht go tairiscintí breisluacha do mhórchustaiméirí.

Is féidir tograí an-fheiceálacha le próifíl ard a bheith mar thoradh ar na deiseanna seo, mar atá le feiceáil inár n-ionaid mhiondíola. Tá sé ar intinn agam bonn níos daingne a chur faoin ngníomhaíocht seo in An Post sa bhliain atá romhainn.
 
Is mian liom buíochas a ghabháil leis an mBord as ucht a gcúnamh, a dtacaíocht agus a dtreoir i rith na bliana 2009, agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil lenár gCathaoirleach, John Fitzgerald, ar son a chuid oibre agus a chuid tacaíochta. Táim buíoch chomh maith don bhfoireann bainistíochta, dár bhfoireann agus dár gconraitheoirí as a dtiomantas agus a ndúthracht agus iad i mbun a gcuid dualgas. Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas lenár gcomhpháirtithe gnó as muinín a chur ionainn. Beidh a gcuid muiníne dár spreagadh chun ár bhfeidhmíocht a fheabhsú agus a chintiú go mbeimid inár gcomhpháirtithe iontaofa i ngach gné, idir lóistíocht, chumarsáid agus idirbhearta airgeadais.

Léiríonn torthaí airgeadais agus oibríochta na bliana 2009 a fheabhas is a d’éirigh leis an gCuideachta bhreá seo plé le hathrú mór. D’éirigh linn é sin a dhéanamh trí chomhoibriú le chéile, trí dhíriú inár n-iarrachtaí ar na gnéithe den ghnó a sholáthraíonn luach don chustaiméir agus a fheabhsaíonn caighdeán na seirbhíse. Agus muid ag druidim leis an mhargadh lán-iomaíoch is mithid go mbeidh an cur chuige seo ina chuid lárnach dár n-iarrachtaí.

Donal Connell
Príomhfheidhmeannach
25 Márta, 2010

Right Column Image Placeholder

Right Column Text Placeholder

 


 












Tá an Clár Bunathraithe comhdhéanta de phunann de na tionscadail straitéiseacha is tábhachtaí ar fud na heagraíochta.












Tá feidhmíocht chomhleanúnach agus caighdeán feabhsaithe ríthábhachtach dár gcroíchghníomhaíocht: bailiúchán, próiseáil agus seachadadh an phoist.









Tá sé fíorthábhachtach dár dtodhchaí go ndéanfaimis dea-chaidreamh a fhorbairt agus a choinneáil lenár bhfostaithe go léir.







Thaispeáin an Chuideachta go leanúnach chomh héifeachtúil is atá an post díreach mar mheán margaíochta do ghnólachtaí agus tugadh faoi réimse gníomhaíochtaí fógraíochta chun cabhrú le cuideachtaí a gcumas a úsáid.




Tá an margadh iomaíoch ann cheana féin, mar go bhfuil iomaíocht ceadaithe in os cionn 60% den mhargadh poist le blianta fada anois.






Tá An Post ag tacú le tabhairt isteach na gcód poist agus beidh ról tábhachtach aige ag cuir ar fail do ár geallsealbhóirí ilghnéitheach na sochair iomadúla éagsúla an bhonneagair Náisiúnta seo.




Tá a láithreacht i roinnt margaí coimhdeacha neartaithe chomh maith ag an gCuideachta.




I gcomhthéacs an phoist, níl de theorainn ar an nuáil ach forbairt na teicneolaíochta féin agus tá réimse sochar le baint as sin, ó fheabhsú díreach ar éifeachtúlacht go tairiscintí breisluacha do mhórchustaiméirí.