Ag cur do litir nó do bheartán go ceann scríbe
Post a Sheoladh
Tá ár gcuid seirbhísí poist ar fad dírithe ar na rudaí atá tábhachtach duitse.
Is féidir gnáthlitir a sheoladh chuig aon áit in Éirinn ar chostas ó 70c. Faigh amach tuilleadh faoi Standard Post nó faigh amach costas seirbhísí poist.
Bain úsáid as ár n-áireamhán rátaí chun costas a áireamh agus faigh amach cé mhéad ama a thógfaidh sé do chuid poist a sheachadadh.
Is féidir stampaí a cheannach ag d’Oifig Poist áitiúil nó ar líne ag www.irishstamps.ie, Bain úsáid as ár mapa idirghníomhach chun Oifig Poist atá gar duit a aimsiú.
Lean do chuid poist
Cabhraíonn ár gcóras Lean & Lorg leat do chuid poist a leanúint ón am a nglactar leis go dtí am a sheachadta. Is féidir na seirbhísí seo a leanúint:
Braitheann caighdeán na leanúna ar phost a sheoltar go hidirnáisiúnta ar an tír cheann scríbe.
Déan Breis…
Seirbhís nua i gcóir beartán
Bailiú agus seachadadh ar chostas chomh beag le €11 CBL san áireamh.
Tá An Post tar éis seirbhís nua i gcóir beartán a sheoladh. Ligeann an tseirbhís nua seo do chustaiméirí i mBaile Átha Cliath a gcuid beartán a bheith bailithe ag a seoladh baile nó ag a seoladh gnó agus a bheith seachadta chuig áit ar bith i bPoblacht na hÉireann an lá oibre dár gcionn - agus sin ar fad ar chostas chomh beag le €11 (CBL san áireamh). Faigh amach tuilleadh faoin tseirbhisnua i gcóir bailiúagus seachadadh beartán.