€160 a chosnaíonn ceadúnas teilifíse.
Conas is féidir liom Ceadúnas Teilifíse a cheannach?
- Íoc ar líne le Laser, Mastercard nó Visa
- In aon oifig phoist le hairgead tirim nó le seic
- Dochar Díreach
- Íosghlao1890 228528 le Laser, MasterCard nó Visa
- Seol seic (crosáilte agus iníoctha le An Post) chuig Oifig Taifead na gCeadúnas Teilifíse áitiúil
- Tá stampaí do cheadúnas teilifíse ar fáil i d'Oifig Phoist áitiúil
- Airgead tirim ag ionaid áirithe Postpoint
Ar athraigh tú do sheoladh? Má tá tú ag dul go seoladh nua is féidir do Cheadúnas Teilifíse a aistriú ar líne chuig do sheoladh nua.
Tuilleadh eolais faoi do Cheadúnas Teilifíse
Faoi Alt 148 den Acht Craolacháin 2009, is cion inchúisithe é a bheith i seilbh teilifíseáin neamhcheadúnaithe. Is féidir fíneáil suas le €1,000 a ghearradh ar an gcéad chion le haghaidh teilifíseáin neamhcheadúnaithe agus €2,000 le haghaidh cionta ina dhiaidh sin.
Athnuachan ar do Cheadúnas Teilifíse
Nuair a bhíonn do cheadúnas teilifíse á athnuachan agat bíodh d'Uimhir Thagartha Teilifíse reatha ar láimh agat agus d'Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) don Seirbhís Ar Líne mar atá ar an bhfógra athnuachana a cuireadh chugat ó rannóg na gCeadúnas Teilifíse. Le moill a sheachaint is ceart duit d'fhógra athnuachana a bhreith leat nuair a bhíonn tú ag íoc san Oifig Phoist.
Is féidir íoc i dtráthchodanna:
- Le Dochar Díreach ó chuntas reatha bainc. Beidh sainordú dochair dhírígh ag teastáil atá ar fáil ar líne nó ónár nOifigí Taifead Ceadúnais Teilifíse
An bhfuil íocaíochtaí Leasa Sóisialaigh á bhfáil agat?
Má tá, d'fhéadfá a bheith i dteideal ceadúnais shaor:
- Déan teagmháil leis An Roinn Coimirce Sóisialaí (fuinneog nua) ag Íosghlao1890 500 000 agus iarr an fhoirm iarratais do Phacáiste Sochair Teaghlaigh
Ag athrú seoladh?
Má athraíonn tú do sheoladh, is féidir logáil isteach chuig ár Seirbhís ar Líne agus do Shonraí Pearsanta a athrú nó teagmháil a dhéanamh le hOifig Taifead na gCeadúnas Teilifíse áítiúil agus leasófar do cheadúnas le do sheoladh nua.
Mura bhfuil d'Uimhir Thagartha Teilifíse 17 ndigit agus d'Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) 5 dhigit agat, is ceart duit ríomhphost nó litir a chur chuig Oifig Thaifead na gCeadúnas Teilifíse áitiúil ag iarraidh do cheadúnas a aistriú. Tá na sonraí teagmhála seo ar fáil ar chúinne dheis uachtair do chomhfhreagas Ceadúnas Teilifíse.
Cuir na sonraí seo a leanas le d'iarratas:
- D'ainm (.i. ainm shealbhóir an Cheadúnais)
- An seanseoladh iomlán - le hainm agus uimhir an tí san áireamh
- An seoladh nua iomlán - le hainm agus uimhir an tí san áireamh
- Ainm an sealbhóra roimhe seo, má bhaineann seo le hábhar, ionas gur féidir linn an taifead a bhaint as bunachar sonraí Náisiúnta na gCeadúnas Teilifíse
** Mura bhfuil tú cinnte faoin Oifig Thaifead Ceadúnas áitiúil cuir do chuid sonraí, le do thoil, chuig tvlicence.web@anpost.ie
Teagmháil
Má tá an meabhrúchán athnuachana caillte agat agus má tá tú ag iarraidh athnuachan a dhéanamh is féidir leat an rogha "Ceadúnas Céad Uaire" a phiocadh. Beidh an ceadúnas ceangailte le do bhuntaifead agus féadfar go n-athrófaí an dáta éaga. Má tá ceist agat maidir lenár Seirbhís Ar Líne déan teagmháil linn ag:
|
|
Seoladh |
Uimh Theileafóin |
Ríomhphost |
Web Sales
|
1-2 Sráid Uí Chonaill Uachtar Baile Átha Cliath 1 |
1890 252 749 |
tvlicence.web@anpost.ie |
Má tá ceisteanna ginearálta agat déan teagmháil le d'Oifig Taifead Ceadúnais Teilifíse áitiúil
Oifigí Taifead Ceadúnais Teilifíse
Cuir gach comhfhreagras chuig Oifig Taifead Ceadúnais Teilifíse, leis an seoladh i do cheantar féin ón liosta thíos.
Téarmaí agus Coinníollacha
- Tá gach duine atá i ngnáthsheilbh i seoladh ina bhfuil teilifíseán á chomeád freagrach as ceadúnas a fháil don teilifíseán sin beag beann ar úinéireacht an áitribh nó an teilifíseáin féin.
- Faoi Alt 148 den Acht Craolacháin 2009, is cion inchúisithe é a bheith i seilbh teilifíseáin neamhcheadúnaithe. Is féidir fíneáil suas le €1,000 a ghearradh ar an gcéad chion le haghaidh teilifíseáin neamhcheadúnaithe agus €2,000 le haghaidh cionta ina dhiaidh sin.
- Meastar go dtugtar Ceadúnas Teilifíse trí athnuachan ar cheadúnas roimhe sin nuair a) a thugtar an ceadúnas don té céanna dár tugadh an ceadúnas roimhe sin, b) a bhaineann an ceadúnas leis an áit shonrach chéanna lenar bhain an ceadúnas roimhe sin agus nuair a thugtar an ceadúnas taobh istigh d'aon mhí amháin roimh dhul in éag an cheadúnaIs roimhe sin nó taobh istigh de dhá mhí dhéag i ndiaidh a dhul in éag.
- Is Ceadúnas Teilifíse den Chéad Uair gach ceadúnas nach trí athnuachan a thugtar é. Bíonn feidhm leis ón lá a dtugtar é agus leanann sé i bhfeidhm go ceann an aonú míosa déag tar éis na míosa a dtugtar é.
Gluais
- Oifig Thaifead Ceadúnais Teilifíse
- Uimhir Thagartha Teilifíse