Ar Do Rothar!
Is rás rothaíochta ocht-lá é An Rás a bhíonn ar siúl in Éirinn gach bliain. Tá sé ar siúl anois ar feadh i bhfad, ó 1953 i leith! An raibh a fhios agat gurb é RÁS an focal Gaeilge ar 'Race'. Is rás an-deacair é agus glacann roinnt de na rothaithe is láidre ar domhan páirt ann!
Bíonn Sraith Rothaíochta An Post ar siúl gach Samhradh ó mhí na Bealtaine go dtí mí Mheán Fómhair. Tugann sí spreagadh do dhaoine dul in airde ar a rothair agus dul ag rothaíocht lena gclann agus lena gcairde. An bhfuil rothar agat? Cén fáth nach dtéann tú in airde air agus amach faoin aer glan chun dul ag rothaíocht le do chairde nó le do chlann? Ach ná déan dearmad do chlogad a chur ort!