Insíonn an taispeántas idirghníomhach scéal shaol na nÉireannach roimh Éirí Amach 1916, imeachtaí Sheachtain na Cásca 1916 agus an méid a thit amach i ndiaidh an Éirí Amach.
Tá Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair taobh istigh d’Ard-Oifig an Phoist féin. Chomh maith le scéal Éirí Amach na Cásca 1916 a insint, tá neart eolais ann freisin faoi ról Oifig an Phoist in Éirinn ag an am.
Gníomhaíochtaí in Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair
- Foghlaim faoi Ard-Oifig an Phoist agus faoin ról a bhí ag an bhfoirgneamh agus ag an bhfoireann in Éirí Amach 1916
- Léigh litreacha a scríobhadh na céadta bliain ó shin ina ndéantar cur síos ar an gcineál saoil a bhíodh ag daoine sna seanlaethanta
- Breathnaigh ar an tseanchulaith a chaitheadh na fir phoist ar fad agus iad i mbun oibre
- Foghlaim faoin gcaoi ar chabhraigh Oifig an Phoist le daoine a bheith i dteagmháil le chéile, ní amháin le litreacha agus le cártaí, ach ar an teileafón freisin
- Dear do chuid stampaí féin
Léirítear an chaoi a raibh Ard-Oifig an Phoist i gcroílár imeachtaí Éirí Amach 1916 in Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair. Léirítear freisin an chaoi a bhfuil Oifig an Phoist ar cheann de na seirbhísí is tábhachtaí i saol na nÉireannach; rud a bhí fíor fadó fadó, agus atá fós sa lá atá inniu ann.