Ard-Oifig an Phoist i 1916
I 1916, tharla ceann de na himeachtaí ba thábhachtaí i stair na hÉireann nuair a bhí Ard-Oifig an Phoist ina ceanncheathrú d’Éirí Amach na Cásca. Ag an am, ba Ríocht Aontaithe Éire agus an Bhreatain ach creid go leor Éireannach gur cheart d’Éirinn a bheith i gceannas ar a gnóthaí féin agus bhí roinnt díobh sásta troid ar son shaoirse na hÉireann.
Luan Cásca 1916, ghlac reibiliúnaigh Éireannacha seilbh ar Ard-Oifig an Phoist, faoi cheannas Phádraig Mhic Phiarais, agus d’úsáid siad í mar a mbunáit. Léigh an Piarsach Forógra na Poblachta do lucht éisteachta ar an tsráid agus, ansin os comhair Ard-Oifig an Phoist, d’fhógair sé gur Phoblacht ab ea Éire.
I ndiaidh tús ciúin, d’éirigh an troid fíochmhar agus mhair sí beagnach seachtain, tráth ar scriosadh formhór de lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Rinneadh an-dochar d’Ard-Oifig an Phoist féin agus thosaigh tine fhíochmhar laistigh den fhoirgneamh a d’fhág nach bhféadfadh na fir agus na mná a bhí istigh ann fanacht ann. Rinne siad iarracht leanúint ar aghaidh ag troid i bhfoirgnimh eile, ach is ag snámh in aghaidh easa a bhí siad, agus shocraigh an Piarsach géilleadh.
Cé gur theip ar an Éirí Amach, bhí an-tionchar aige ar mhuintir na tíre agus réitigh sé an bealach do shaoirse na hÉireann cúpla bliain ina dhiaidh sin. Suimiúil go leor, bhí ról tábhachtach ag foireann Oifig an Phoist san Éirí Amach; chabhraigh roinnt díobh leis na reibiliúnaigh agus rinne daoine eile a ndícheall cúrsaí cumarsáide a choinneáil ag obair, agus is féidir níos mó a léamh fúthu sa leabhar GPO Staff in 1916 - Business as Usual atá ar fáil ó shiopa stampshanais Ard-Oifig an Phoist.