Aistear Traenach An Post
Ar feadh na mblianta fada, úsáideadh cóistí capaill chun an post a sheachadadh timpeall na tíre. Ach nuair a cruthaíodh córas iarnróid, tháinig athrú mór ar chúrsaí.
Ar feadh breis is 100 bliain, ó 1891 go dtí 1994, bunaíodh Oifig an Phoist faoi Ghluaiseacht ar a lán traenacha timpeall na hÉireann. Bealach i bhfad níos tapúla agus níos sábháilte ná riamh cheana a bhí ann chun an post a sheachadadh agus d'fhéadfaidís an post a shórtáil ar an traein fiú amháin. Ar bord libh go léir!
Sa lá atá inniu ann, ní úsáidtear traenacha a thuilleadh chun an post a shórtáil agus a sheachadadh. Ina ionad sin, tá a lán veaineanna agus trucailí ann a thugann an post go dtí na ceithre lárionad poist difriúla ionas gur féidir é a shórtáil thar oíche. Bíonn sé réidh ansin an mhaidin dar gcionn chun é a sheachadadh do thithe agus do ghnólachtaí timpeall na tíre ar fad, i veaineanna, ar rothair nó fiú amháin de chois ag daoine an phoist!