Tús an Phoist in Éirinn
Thosaigh an chéad sheirbhís phoist in Éirinn níos mó ná 350 bliain ó shin! Daoine saibhre agus baill den rialtas amháin a bhain úsáid as an tseirbhís ar dtús, mar bhí sí an-daor. Úsáideadh cóiste poist chun an post a sheachadadh ach thóg sé méid mór ama mar bhí na bóithre an-chorracha agus lán de linntreoga.
I 1840, cruthaíodh an chéad stampa agus chosnaigh sé pingin amháin. Ní raibh sé sin ró-dhaor agus, mar sin, bhí a lán daoine in ann úsáid a bhaint as an tseirbhís phoist. Bhí sé seo go hiontach mar bhí daoine, nach raibh mórán airgid acu, ábalta fanacht i dteagmháil lena chéile.