Craig – Bailitheoir an Phoist
Haló! Craig is ainm domsa. Ar maidin, seachadaim an post do ghnólachtaí trasna na cathrach agus um thráthnóna bailím an post ó chuideachtaí, ó bhoscaí poist agus ó Oifigí an Phoist i mo veain ghlas An Post. Bailítear an post don uair dheireanach ag tráthanna difriúla in áiteanna difriúla sa chathair agus sna bruachbhailte, ach don chuid is mó déantar é seo thart timpeall a cúig a chlog um thráthnóna.
Tá eochair speisialta agam chun gach bosca poist a oscailt agus bainim úsáid as mo scanóir chun am an bhailiúcháin a dheimhniú sula ndéanaim mo veain glas An Post a lódáil agus sula dtiomáinim ar aghaidh go dtí an chéad phointe bailiúcháin eile. Ansin tugaim an post go léir go dtí Lárionad Poist Bhaile Átha Cliath ina ndéanfar é a shórtáil de réir baisce, chun é a sheachadadh ar fud na tíre agus ar fud an domhain!
Ná déan dearmad, beannaigh domsa an chéad uair eile a fheicfidh tú mé timpeall na háite! Aithneoidh tú mé leis an éide fhaiseanta agus mo chaipín An Post!