Sínithe, Séalaithe, Seachadta
Nuair a bhíonn an post go léir sórtáilte de réir baisce do gach limistéar, pacáiltear i dtráidirí agus i gcásanna é agus cuirtear ar aghaidh é i dtrucailí go dtí oifigí seachadta ar fud na hÉireann. An post atá ag dul go dtí tíortha eile, téann sé go dtí an t-aerfort chun a aistear timpeall an domhain a thosú!
Téann seachadóir poist áitiúil go dtí an oifig sheachadta chun an post a bhailiú. Úsáideann an chuid is mó de sheachadóirí poist veaineanna, gluaisteáin agus rothair nó siúlann siad chun an post a sheachadadh trid an cheantair - beag beann ar an aimsir - braitheann sé go léir ar an áit ina mbíonn siad ag obair.