An Fhoireann Shórtála

Bhailigh an giollaphost do phost agus anois tá sé sa lárionad poist agus é réidh le sórtáil. Tá ceithre lárionad poist ag An Post in Éirinn, Baile Átha Luain, Corcaigh, Port Laoise agus Baile Átha Cliath. Déantar an post go léir ó Éirinn agus ó thíortha eachtracha - litreacha agus beartáin - a shórtáil sna lárionaid poist seo. Tá an lárionad poist chomh gnóthach dáiríre le coirceog. Agus an gcreidfeá é? Déantar an post go léir a shórtáil i rith na hoíche nuair a bhíonn tú i do chodladh go sámh!

An Duine In Aghaidh An Mheaisín

Téann na litreacha go léir trí mheaisín mór sórtála, a léann an seoladh ar an gclúdach. Cuirtear i ngrúpaí difriúla iad chun an post go léir atá ag dul go dtí na bailte céanna a chur le chéile. Nach meaisín cliste é!

Uaireanta, ní féidir leis an meaisín an seoladh a léamh agus tógann sé pictiúr de. Féachann duine ar an bpictiúr ar scáileán ríomhaire, léann an duine an seoladh agus brúnn cnaipe a insíonn don mheaisín an contae a gcuirfear an litir chuige chun í a sheachadadh an lá dar gcionn.

Fíric Spraoiúil

Fíric Spraoiúil

Oibríonn níos mó ná seacht míle (Sea, seacht míle!) fear agus bean de lá agus d'oíche in An Post chun a chinntiú go seachadtar do litreacha agus do bheartáin go sábháilte timpeall na tíre.