Rianaithe De Gach Sórt
Tá a lán bealaí difriúla ann chun do phost a leanúint. Braitheann sé go léir ar cé chomh tapa ar mian leat go bhfaighfaí é.
Má tá rud éigin cosúil le leabhar á chur tríd an bpost agat agus más mian leat a fháil amach go bhfuarthas go sábháilte é, úsáideann tú Post Cláraithe. Ansin beidh tú ábalta do phost a leanúint go dtí go sroichfidh sé a cheann scríbe. Beidh a fhios agat go bhfuair an duine go sábháilte é mar síneann sé nó sí dó. Nach cliste é sin!
Agus más rud an-phráinneach é, rinne tú dearmad cárta lá breithe a chur chuig do mham (whoops!), is féidir leat Mearphost a úsáid. Is seirbhís fíorthapa é seo a chinnteoidh go sroichfidh do phost a cheann scríbe in am! Zooooom!