An Post A Úsáid Mar Do Mhuicín Taisce.

An raibh a fhios agat go dtugann Oifig an Phoist aire do d'airgead, chomh maith le do litreacha?

Is smaoineamh iontach é airgead a chur i dtaisce. Ciallaíonn sé go gcuireann tú méid áirithe airgid i leataobh aon uair is féidir leat. An rud atá tábhachtach ná cleachtadh a dhéanamh d'airgead a chur i leataobh faoi choinne na coise tinne, ionas go mbeidh dóthain agat i gcónaí i gcomhair laethanta saoire an tSamhraidh nó chun rud deas a cheannach duit féin.

Méadaigh D'Airgid De Réir Mar A Fhásann Tú Féin

Nuair a osclaíonn tú cuntas coigiltis in Oifig an Phoist áitiúil, faigheann tú do leabhar coigiltis féin. Gach uair a chuireann tú airgead isteach i do chuntas, cuirfidh An Post stampa i do leabhar coigiltis agus beidh tú ábalta súil a choinneáil ar d'airgead ag méadú, de réir mar a fhásann tú féin.

Fíric Spraoiúil

Fíric Spraoiúil:

An bhfuil a fhios agat cad a rinne daoine sular cruthaíodh airgead? Mhalartaídís a rudaí féin, mar shampla, muince álainn nó b'fhéidir bó fiú amháin, i gcomhair cibé rud a bhí ag teastáil uathu.

Gníomhaíocht

Gníomhaíocht

Cúrsaí Airgid