Ag Seoladh gach Cruth agus gach Méid
Tá an mhéid an-tábhachtach nuair a chuirtear rud ar bith tríd an bpost. Cosúil le Cinnín Óir agus na Trí Bhéar, ina raibh méid difriúil ag gach béar, is é an scéal céanna in Oifig an Phoist, áit ina bhfaighidh tú an clúdach ceart do d’earra, is cuma é a bheith beag nó mór.
An Litir - Tá mise foirfe chun rudaí cosúil le cartaí lá breithe agus cártaí buíochais a chur tríd an bpost!
An Clúdach Litreach Mór - Bain úsáid asam chun rudaí cosúil le hirisleabhair nó fiú amháin péire stocaí a chur tríd an bpost, ach ná déan iarracht do rothar a chur isteach anseo!
An Paicéad - Baintear úsáid asam chun rudaí cosúil le leabhair nó fiú amháin DVDanna a chur tríd an bpost - bheadh clúdach litreach beagáinín ró-bheag dóibh, agus is gá a gcúinní géara a chosaint!
An Beartán - Bain úsáid asam chun rudaí an-mhóra cosúil le béirín bréige nó na geansaithe a chniotálann do mhamó a chur tríd an bpost! Baintear úsáid asam go minic chun bronntanais a chur tríd an bpost, mar sin, bí ar d'aire ar do chéad lá breithe eile. Nó níos fearr arís - cuir beartán tríd an bpost chuig gaol nó cara leat.