Rudaí Le Déanamh Ag Oifig An Phoist

Siúl isteach an doras in Oifig an Phoist agus beidh tú i ndomhan draíochtach litreacha agus beartán, foirne cuntair agus daoine an phoist. Tá iliomad rudaí iontacha le déanamh agat in Oifig an Phoist, mar shampla, litreacha a chur tríd an bpost, stampaí a cheannach agus fiú amháin breisiú creidmheasa a fháil do do ghuthán.

Litreacha Agus Beartáin A Chur Tríd an bPost

Is iontach ar fad é litir a fháil ach tá sé níos fearr arís má fhaigheann tú beartán! Níl ach stampa uait chun litir nó beartán a chur tríd an bpost go dtí aon áit ar domhan ó Oifig an Phoist, fiú amháin go dtí Daidí na Nollag sa Phol Thuaidh!

Ceannaigh Roinnt Stampaí Greamaitheacha

Bíonn cruth difriúil agus méid dhifriúil ar stampaí. Bíonn pictiúir dhathannacha orthu de dhaoine, d'éin, de phlandaí agus d'ainmnithe. Tá a stampaí féin ag gach tír. An chéad uair eile a fhaigheann tú litir, féach ar an stampa agus déan iarracht an tír bhunaidh a fháil amach.

Fíric Spraoiúil

Fíric Spraoiúil

Bailíonn a lán daoine stampaí ó thimpeall an domhain. Cruthaíodh an chéad stampa riamh sa Bhreatain i 1840, sin níos mó ná 170 bliain ó shin!! Tugadh "The Penny Black" air mar chosnaigh sé pingin amháin.

Gníomhaíocht

Gníomhaíocht:

Stampaí agus Bratacha na hEorpa