Méadaigh D'Airgid De Réir Mar A Fhásann Tú Féin
Nuair a osclaíonn tú cuntas coigiltis in Oifig an Phoist áitiúil, faigheann tú do leabhar coigiltis féin. Gach uair a chuireann tú airgead isteach i do chuntas, cuirfidh An Post stampa i do leabhar coigiltis agus beidh tú ábalta súil a choinneáil ar d'airgead ag méadú, de réir mar a fhásann tú féin.