An Duine In Aghaidh An Mheaisín
Téann na litreacha go léir trí mheaisín mór sórtála, a léann an seoladh ar an gclúdach. Cuirtear i ngrúpaí difriúla iad chun an post go léir atá ag dul go dtí na bailte céanna a chur le chéile. Nach meaisín cliste é!
Uaireanta, ní féidir leis an meaisín an seoladh a léamh agus tógann sé pictiúr de. Féachann duine ar an bpictiúr ar scáileán ríomhaire, léann an duine an seoladh agus brúnn cnaipe a insíonn don mheaisín an contae a gcuirfear an litir chuige chun í a sheachadadh an lá dar gcionn.