Gluaiseacht an Phoist

Do Phost A Bhogadh

Roimhe seo, bhíodh an-difríocht ar bhail na mbóithre ach fiú ar bhóthar maith, d’fhéadfadh an taisteal ar chóiste poist a bheith mall agus contúirteach uaireanta. Bhí a cion féin de ropairí ag Éirinn a bhíodh ag goid ó fhir an phoist agus ó chóistí poist, agus uaireanta theastaigh cosaint ó gharda faoi airm ón bpostas. Mar go mbíodh rudaí ar nós airgid, billí poist agus nótaí bainc á n-iompar ar na cóistí poist, bhíodh an-fhonn ar dhaoine a bhí bocht agus ar anchaoi iad a ghoid. Nuair a tháinig na hiarnróid, d’úsáidtí traenacha in áit cóistí poist de réir a chéile.

Mar oileán, bhíodh Éire ag brath ar bháid poist agus ar ghaltáin chun postas agus earraí a thabhairt ó thír go tír. Bhíodh na longa ar Mhuir Éireann i measc na long ba sciobtha ar domhan. Chuaigh go leor postais trí Queenstown, an Cóbh anois, i gContae Chorcaí ar an mbealach go Meiriceá Thuaidh.

Taisteal ar Thraenacha

Ar dtús, úsáideadh cóistí capaill chun an post a sheachadadh, ach thógadh sé na seachtainí mar bhí na bóithre in Éirinn go huafásach. Tháinig athrú ar an scéal nuair a tógadh an chéad líne iarnróid in Éirinn i 1834. Gan mhoill ina dhiaidh sin, úsáideadh traenacha chun an chuid is mó den phost a iompar agus ó 1891 go 1994, bunaíodh Oifig an Phoist Faoi Ghluaiseacht ar thraenacha ar fud na tíre. D'fhéadfaidís an post a shórtáil ar na traenacha chomh maith, bealach a bhí i bhfad níos sábháilte agus níos tapúla chun an post a sheachadadh.

Ach bhog cúrsaí ar aghaidh, agus sa lá atá inniu ann ní úsáidtear traenacha a thuilleadh chun an post a sheachadadh. Ina áit sin, úsáidtear trucailí, veaineanna agus rothair chun an post a bhailiú agus a sheachadadh do thithe agus do ghnólachtaí ar fud na tíre.

An raibh a fhios agat?

An raibh a fhios agat?

Fadó, b'éigean don duine a fuair litir ó fhear an phoist íoc aisti. Mar gheall ar sin, ní raibh sé de ghustal ar chor ar bith ag daoine bochta litreacha a chur tríd an bpost mar ní raibh go leor airgid ag an duine a bhfaighfeadh na litreacha chun íoc astu.  Chomh maith leis sin, ní raibh an chuid is mó de dhaoine ábalta léamh ná scríobh. Go buíoch beannachtach, tháinig athrú ar chúrsaí i 1840 agus bhí ar an seoltóir íoc as an stampa – díreach mar atá sé sa lá atá inniu ann!