An Áit Inar Thosaigh Sé Go Léir
I bhfad roimh an guthán, ríomhphost agus Facebook, b'éigean do dhaoine litreacha a scríobh chun scéala a chur chuig a chéile thar achair fhada, agus iompraíodh na litreacha ar mhuin capaill agus sa cóiste poist níos déanaí arís.
Ar dtús, ba iad na saoránaigh oilte saibhre agus baill den rialtas amháin a d'úsáid an tseirbhís phoist mar bhí sí an-daor. I rith na 1700í, rinneadh forbairt bhreise ar chóras poist na hÉireann agus d'fhás an tseirbhís go mór nuair a eisíodh an chéad stampa i 1840, nár chosnaigh ach pingin amháin. Gan mhoill ina dhiaidh sin, bhí se de ghuastal ag a lán daoine An Post a úsáid chun fanacht i dteagmháil lena gcairde agus lena gclann, nó ag daoine eile chun críocha gnó.