An Fhoireann Bhailiúcháin

An raibh ionadh ort riamh faoin áit a théann do litir nó do bheartán tar éis di nó dó a shleamhnú isteach sa bhosca poist? Nó conas a bhailítear iad agus faoi cén áit a thugtar iad chun iad a shórtáil agus a sheachadadh? Gheobhaidh tú na freagraí go léir anseo.

Do Phost A Bhailiú

Gach lá, bailítear an post, ní amháin ó na boscaí poist atá le feiceáil ar na sráideanna, ach ó ghnólachtaí móra agus beaga suas síos na tíre chomh maith. Tagann an post ón gcoigríoch isteach go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath ar eitleáin. Cuirtear an post go léir i gcásanna cosúil leis an gceann seo, agus tiomáintear é go dtí ceann de na ceithre lárionad poist difriúla - Baile Átha Luain, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Port Laoise chun é a phróiseáil.

Bailitheoir an Phoist agus an Bosca Poist

Gach tráthnóna, bailítear an post ó na boscaí poist go léir ar fud na hÉireann.  Bailítear an post i rith an lae chomh maith agus ag a 5:30in nó 6in, ar a dhéanaí, de ghnáth. Úsáidtear eochair speisialta chun an bosca poist a oscailt. Tá scanóir ag fear an phoist chomh maith a dhéanann an cód ar an taobh istigh den doras ar gach bosca poist a scanadh. Deimhníonn sé seo an t-am a bhailigh fear an phoist an post chun a chinntiú go mbailítear é ar an bpointe i gcónaí, gan bheith ró-dhéanach ná ró-luath riamh. Cuirtear an post i veaineanna An Post agus tugtar é go dtí ceann de na ceithre lárionad poist, i mBaile Átha Luain, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath nó i bPort Laoise, chun é a phróiseáil.

An raibh a fhios agat?

An raibh a fhios agat?

Cruthaíodh an bosca poist níos mó ná 150 bliain ó shin ag fear darbh ainm Anthony Trollope. Bhí sé ina chónaí in Éirinn agus d'oibrigh sé d'Oifig an Phoist. Bhí sé ina úrscéalaí cáiliúil Sasanach nuair a bhí sé níos sine.