Cnag, Cnag!
Seachadtar an post Luan go hAoine. Bhuaigh An Post duais óir fiú amháin as an post a sheachadadh go cúramach agus in am do thíortha eile.
Má sheachadtar beartán do do dhoras ach níl tú ann, cuirtear bileog trí do bhosca litreacha, ag insint duit go bhfuil beartán duit ag d'oifig sheachadta áitiúil agus gur gá duit é a bhailiú. Tugtar Duillín sa Bhosca nó DSB ar an mbileog sin. Chomh maith leis sin, is féidir le daoine an tseirbhís Mailminder a úsáid nuair a théann siad ar laethanta saoire. Coimeádtar a bpost slán sábháilte ag an oifig sheachadta áitiúil, agus beidh siad ábalta é a bhailiú nuair a thiocfaidh siad ar ais.