An Duine In Aghaidh An Mheaisín
Ag brath ar cibé litir nó rud éigin níos mó atá i gceist, mar bheartán, déanann duine nó meaisín an post a shórtáil. Tá meaisíní ollmhóra sna lárionaid phoist a dhéanann na seoltaí ar chlúdaigh litreach a scanadh agus a léamh agus a chuireann na litreacha sa charn ceart. Ciallaíonn sé sin go ngrúpáiltear le chéile na litreacha go léir atá ag dul go dtí an áit chéanna ionas go mbeidh sé éasca iad a sheachadadh.
Uaireanta, ní féidir leis an meaisín an seoladh a léamh agus tógann sé pictiúr de. Féachann duine ar an bpictiúr ar an scáileán ríomhaire, léann an duine an seoladh agus brúnn cnaipe a insíonn don mheaisín cén áit den tír a gcuirfear an litir chuici chun í a sheachadadh an lá dar gcionn.