Lig d'Fheidhmchlár Guthán Póca An Post do phost a rianú
Bíonn rochtain agat i gcónaí ar Oifig an Phoist a bhuíochas le Feidhmchlár Fóin Póca An Post. Is féidir an feidhmchlár sin a úsáid chun aon mhír phoist a chuireann tú tríd an bpost a rianú, ón uair a chuirtear tríd an bpost í go dtí go seachadtar í. Mar sin, beidh a fhios agat i gcónaí gur shroich sí a ceann scríbe. Is féidir leat an Oifig an Phoist is cóngaraí duit a aimsiú chomh maith, beag beann ar an áit a bhfuil tú sa tír. Chomh maith leis sin, is féidir leat na huaireanta oscailte a fháil amach. Nach bhfuil sé sin áisiúil?
Is féidir leat Oifigí an Phoist a aimsiú chomh maith ar shuíomh gréasáin An Post www.anpost/localpostoffice.ie