Airgeadraí a Chomhaireamh
Má bhíonn an t-ádh ort dul thar lear i gcomhair na laethanta saoire, beidh airgead ag teastáil uait ar féidir a úsáid sa tír sin. Úsáidtear an Euro in a lán tíortha anois, Éire san áireamh, ach tá a n-airgeadra féin ag a lán tíortha eile. Ag Oifig an Phoist, is féidir leat an Euro a mhalartú i bPuint Steirling - a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe nó i ndollair na Stát Aontaithe - a úsáidtear i Meiriceá. An chéad uair eile a mbeidh puint Steirling nó Dollair na Stát Aontaithe ag teastáil uait, buail isteach in Oifig an Phoist áitiúil!