Do Phost A Thomhas
Ag Oifig an Phoist, tá ceithre shórt pacáiste ar fáil do do phost. Braitheann sé ar an rud ar mian leat a chur tríd an bpost. Cibé an litir chuig do Mhamó i gCeatharlach atá i gceist nó bronntanas lá breithe do do chol ceathrair i Nua Eabhrach, déan cinnte de pacáiste oiriúnach a roghnú!
Úsáidtear an Clúdach Litreach Beag chun litreacha, billí agus cártaí buíochais a chur tríd an bpost.
Úsáidtear an Clúdach Litreach Mór chun irisleabhair agus bróisiúir a chur tríd an bpost. B'fhéidir go mbeadh spás ann freisin do phéire stocaí!
Tá an Pacáiste níos mó ná an clúdach litreach mór agus úsáidtear é chun rudaí mar DVDanna nó leabhair a chur tríd an bpost.
Úsáidtear an Beartán chun rudaí atá ró-mhór d'aon sórt clúdaigh eile, a chur tríd an bpost, mar ríomhaire glúine nua nó b'fhéidir bróga reatha fiú amháin!