Ná bí caifeach is ní bheidh tú gann!
Ag An Post, déanaimid iarracht solas a shábháil inár n-oifigí móra trí shoilse gluaisne-bhraiteora a shuiteáil nó soilse a fhreagraíonn don méid solais nádúrtha atá ar fáil - ní chasfaidh siad ar siúl go dtí go mbeidh gá leo. Chomh maith leis sin, úsáidimid na hábhair agus an teicneolaíocht is déanaí chun foirgnimh a athchóiriú, rud a chinntíonn go bhfuilimid chomh tíosacht ar fhuinneamh agus is féidir linn, mar shampla, tá doirse le haerbhac dúbailte againn chun an teas a choimeád san fhoirgneamh.
Thugamar scéim Dul go hObair ar Rothar isteach chomh maith, a thugann spreagadh d'fhostaithe dul go hobair ar rothar - rud a dhéanann a lán díobh anois! Bhunaíomar córas bainistíochta dramhaíola inár n-oifigí chomh maith chun ár ndramhaíl a athchúrsáil. Sin é an fáth go bhfuil ráta athchúrsála 91% againn! Seo roinnt de na rudaí a dhéanaimid chun an comhshaol a chaomhnú agus beidh níos mó smaointe nua agus bealaí níos fearr againn chun fuinneamh a choigilt, sna blianta atá romhainn.