Rudaí Le Déanamh Ag Oifig An Phoist
Insítear sa rannóg seo do dhaltaí faoi na rudaí difriúla is féidir leo a dhéanamh ina nOifig Phoist áitiúil ar nós litreacha agus beartáin a chur, creidmheas fóin a cheannach, cártaí dearbháin a cheannach agus airgeadra eachtrach a fháil.
Is féidir gníomhaíocht an phlean ceachta seo a úsáid i gceacht tíreolaíochta na ndaltaí. Iarrtar ar na daltaí buille faoi thuairim a thabhairt faoi ainmneacha na dtíortha ar léarscáil den Eoraip, trí bhreathnú ar bhratach agus ar stampa ó gach tír.
Stampaí agus bratacha na hEorpa
An bhfuil a fhios agat cé as don stampa seo?
Tabhair buille faoi thuairim faoin tír.
Íomhá: Léarscáil na hEorpa a thaispeánann bratach agus stampa na dtíortha seo a leanas.
Tíortha: An Ghearmáin, An Fhrainc, Éire, An Bhreatain, An Iodáil, An Spáinn, An Phortaingéil.