Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair
Tá an oiread sin le foghlaim faoi Ard-Oifig an Phoist agus faoi Éirí Amach na Cásca 1916 nach féidir linne fiú é ar fad a insint duit.
Ach tá áit ann ina bhfaighidh tú an t-eolas ar fad atá uait. Sin Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair, an áit a mbíonn an stair beo beathach.
Tá dalladh teicneolaíochta, físeán, fuaime agus déantúsáin bhunaidh ó Éirí Amach na Cásca 1916 i measc na dtaispeántas. Ní fhaca an pobal cuid mhaith de na hearraí sin riamh cheana.
Uaireanta oscailte
Ar oscailt ó cheann ceann na bliana, ó 9am go 5.30pm.
Turais Scoile
Leid: Is áit iontach é Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair, ar cuid de Chosán Cultúrtha Bhaile Átha Cliath é, le haghaidh turas scoile.
Cuirfidh ionad léirithe taispeántais nua Bhaile Átha Cliath, Ionad Cuairteoirí Ard-Oifig an Phoist – Féach ar an Stair, meascán uathúil d’fhoghlaim, de rannpháirtíocht agus de spraoi ar fáil do scoláirí, beag beann ar a n-aois, ar a spéiseanna agus ar a náisiúntacht. Cláraigh do spéis le kellyc@shannonheritage.com