Post a Bhainistiú

Cuir eagar ar do phost gnó

Sábháilfidh tú am agus airgead má chuireann tú eagar níos éifeachtúla ar do phost gnó. Tá réimse seirbhísí agus saoráidí forbartha againn le cinntiú go gcuirfidh tú eagar ar do chuid poist ar an gcaoi is fearr a oireann do do ghnó.

Is féidir le gnólachtaí a sheolann líon mór poist níos mó a fháil amach faoi cheadúnas poist 'Ceadúnas' nó meaisín frainceála a fháil le leas a bhaint as rátaí lacáiste agus an post a ullmhú níos tapúla.

Lenár seirbhísí freagartha gnó ofrálaimid freagraí custaiméirí níos tapúla ag méideanna níos airde ar do chuid postála.

Féadfaidh gnólachtaí gan buanseoladh triail a bhaint as ár Redirection Service nó an dara buanseoladh a fháil trí iarratas a dhéanamh ar Bosca OP.
 
Chomh maith leis sin is féidir leat a fhoghlaim conas do chuid poist a bhrostú trí é a ullmhú ar bhealach a ligeann duit é a shortáil go héasca.

Is bealach éasca é eDocketing le do phostáil i mbolc a chur in áirithe agus a chur in eagar ar bhealach éifeachtúil simplí mar mhalairt ar na duillíní postála a úsáideann custaiméirí a bhfuil Cuntas Taisce Postála acu. 
 

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta