Coigilt agus Infheistíocht Stáit
Roghanna Coigilte agus Infheistíochta
Tá achoimre agus foirmeacha iarratais ar fáil thíos ar son na dtáirgí coigiltis agus infheistíochta atá ar fáil duit ag d'Oifig Phoist áitiúil. Gheobhaidh tú sonraí faoi rátaí úis agus toradh ar infheistíocht inár mbileog: Roghanna Coigiltis faoi Ráthaíocht Stáit ó An Post.
Is ainm branda é State Savings nó Coigilteas an Stáit a úsáideann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN/NTMA) le cur síos ar an réimse táirgí coigiltis atá curtha ar fáil do choigilteoirí pearsanta ag an GBCN. Tá na táirgí seo á dtairiscint ag An Post mar ghníomhaire don GBCN.
Ní choinníonn An Post aon airgead de chuid Coigilteas an Stáit, is é an GBCN a dhéanann bainistiú ar an airgead sin go léir. Tá na foirmeacha iarratatais go léir do na táirgí Coigiltis agus Infheisíochta ar fáil ar an suíomh gréasáin statesavings.ie (fuinneog nua).