Leabhair a Sheoladh Thar Lear
Rátaí laghdaithe chun leabhair a sheoladh thar lear
An dteastaíonn uait leas a bhaint as na rátaí speisialta atá againn chun leabhair a sheoladh thar lear?
Conas a oibríonn sé?
Is féidir leabhair a sheoladh thar lear ar ráta postais laghdaithe.
Céim ar chéim
Tugann An Post cead do chustaiméirí leabhair a sheoladh thar lear ar rátaí laghdaithe postais.
- Úsáid pacáistí ar féidir iad a athshéalú, nó fág do mhír gan séala (ní mór do mhíreanna a bhaineann tairbhe as an tseirbhís seo a bheith ar oscailt le haghaidh scrúdúcháin).
- Meáigh d'earra.
- Déan an postas cuí a áireamh agus a chur uirthi.
- Marcáil go soiléir gur Ábhar Clóite atá i d'earra, sa chúinne thuas ar clé.
An bhfuil srianta meáchain agus méide ann?
- Meáchan: suas le 5kg
- Tá toisí méide le haghaidh na gcatagóirí poist Litir/Cárta Poist, Clúdach Mór agus Paicéad i bhfeidhm.
Cé mhéid?
| Meáchan nach mó ná |
An Eoraip (An Bhreatain san áireamh) |
An Chuid Eile den Domhan |
| 3kg |
€19.00 |
€21.50 |
| 4kg |
€25.50 |
€28.00 |
| 5kg |
€31.00 |
€33.50 |