Courier Post

Seachadadh Práinneach ar fud an Domhain

An bhfuil rud éigin le seachadadh go práinneach agat? Déanann Courier Post ó An Post ráthaíocht ar sheachadadh ar an gcéad lá oibre eile roimh 12.00 i mórionaid uirbeacha i bPoblacht na hÉireann agus seachadadh ar lá cinnte go níos mó ná 200 tír ar fud an domhain**
** Braitheann soláthar na seirbhíse ar an spriocthír.

 

Conas a Oibríonn sé?

Níl le déanamh ach lipéad a phiocadh suas in Oifig Phoist. Cuir an lipéad ar do chlúdach mór, do phaicéad nó do bheartán, íoc as an bpostas agus déanfaimidne an chuid eile.

 

Céim ar chéim

Cad atá á thairiscint?

Seirbhís cúiréara ráthaithe ar fud an domhain ar lá cinnte
Is féidir do mhír a rianadh ar líne i dtíortha áirithe
Cruthú seachadta
Síniú an fhaighteora ar fáil ar líne*
Cumhdach árachais suas go €350 ar fud an domhain
(Beidh íoc an chúitimh ag brath ar luach luaite na míre ag am an phostála)
* Beidh infhaighteacht na seirbhíse ar brath ar an spriocthír.

Conas a úsáidtear é?

Beir leat do mhír, gan séala, chuig aon Oifig Phoist uathoibrithe sa tir le seachadadh ráthaithe ar lá cinnte a fháil.

Deimhnigh an t-am postála is déanaí do International Courier Service le d'Oifig Phoist áitiúil
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ní mór lá eile a chur le hamanna seachadta idirnáisiúnta
I mórcheantair uirbeacha tá seirbhís bailiúcháin ar an fón á thairiscint (do chustaiméirí le cuntais amháin)
Comhlánaigh an fhoirm chuí Custaim do mhíreanna idirnáisiúnta.

Cé chomh tapa is a dhéanann An Post an seachadadh?

Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain - seachadadh ar an gcéad lá oibre eile. (Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath cuir lá leis).
An Chuid eile den Eoraip agus an Chuid eile den Domhan - tugtar amanna seachadta nuair a dhéanann tú an postas a ríomh chuig mórchathracha agus bailte. Tá amanna seachadta ar fáil chomh maith i Treoir na Seirbhísí Poist (Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath cuir lá leis).
** A4 an méid is lú atá inghlactha le haghaidh CourierPost..

Cé mhéid?

Crios 1 - Éire, Express Post

Meáchan nach mó ná Litir / Cárta Poist Clúdach Mór Pacáiste Beartán
100g €7.25 €7.25 €7.25 €12.50
250g €9.00 €9.00 €12.50
500g €10.25 €10.25 €12.50
1kg €12.25 €14.00
1.5kg €16.25 €16.25
2kg €16.25 €16.25
2.5kg €18.00
3kg €18.00
3.5kg €20.50
4kg €20.50
4.5kg €22.50
5kg €22.50
Gach 1kg breise (uasmhéid 20kg)   €1.00

International Courier Service

Meáchan nach mó ná Crios 2 - An Bhreatain Crios 3 - An Eoraip EU Zone 3 - An Eoraip Non EU Crios 4 - An Chuid Eile den Domhan
100g €31.50 €43.00 €46.50 €49.00
250g €31.50 €43.00 €46.50 €49.00
500g €31.50 €43.00 €46.50 €49.00
1kg €41.50 €59.50 €62.50 €64.00
1.5kg €44.50 €63.50 €66.50 €68.50
2kg €47.50 €67.50 €70.50 €73.00
2.5kg €50.50 €71.50 €74.50 €77.50
3kg €53.50 €75.50 €78.50 €82.00
3.5kg €56.50 €79.50 €82.50 €86.50
4kg  €59.50 €83.50 €86.50 €91.00
4.5kg  €62.50 €87.50 €90.50 €95.50
5kg  €65.50 €91.50 €94.50 €100.00
Gach 1kg breise (uasmhéid 20kg)  
€1.50 €3.00 €3.50 €4.50
Delivery Time *   1 lá 1 lá 1 - 3 lá 1 - 5 lá


Eolas Ginearálta faoin tSeirbhís

A4 an méid is lú le mír CourierPost. Má tá do cháipéis níos lú ná sin, iarr pacáiste cáipéise in Oifig an Phoist. Tabhair faoi deara nach bhfuil Bosca PO sásúil mar sheoladh d'aon seirbhís a mbeidh síniú léi. D'fhonn cloí le rialacháin slándála IATA ní mór gach mír a thabhairt i láthair gan séala ag an gcuntar lena scrúdú. Braitheann infhaighteacht na seirbhíse ar an spriocthír. Tá téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i bhfeidhm.

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta