Express Post International

An bhfuil seirbhís seachadta mear iontaofa idirnáisiúnta ag teastáil uait?

Mír le seachadadh go hidirnáisiúnta agat? An bhfuil seirbhís mhear iontaofa seachadta uait? Seol litir nó paicéad beag thar sáile go sciobtha le seirbhís Luasphost Idirnáisiúnta An Post. Is bealach sciobtha, costas-éifeachtach é, ar féidir brath air, Luasphost Idirnáisiúnta chun do mhír a sheachadadh go dtí roinnt ceann scríbe idirnáisiúnta.

Eolas tábhachtach maidir le post a sheoladh thar lear.

Conas a oibríonn sé?

Ofráltar seirbhís mhear iontaofa ar chostas níos ísle le Mearphost Idirnáisiúnta. Faigh lipéad barrachóid Mearphost Idirnáisiúnta on aon Oifig Phoist. Greamaigh an lipéad ar aghaidh do mhíre agus cuir an postas cuí air. Is féidir leat a dul chun cinn a leanúint ar líne agus a seachadadh* a dheimhniú go dtí roinnt ceann scríbe idirnáisiúnta.*Deimhneofar gur seachadadh an mhír chuig an seoladh, ach ní bheidh síniú ar fáil.

 

Céim ar chéim

Pioc suas lipéad barrachóid Mearphoist ó d'Oifig Phoist áitiúil, íoc an postas cuí agus greamaigh an lipéad ar aghaidh do mhíre in aice leis an seoladh. Féadfaidh tú Litreacha*, Clúdaigh Móra nó Paicéid a mheánn suas le 2kg a sheoladh chuig na cinn scríbe idirnáisiúnta sa liosta. * Ní ghlacfar le clúdach níos lú ná C5 le haghaidh míreanna chuig SAM. Iarr Easi Pak saor in aisce ag an gcuntar má tá do mhír le dul go SAM agus í níos lú ná C5 i méid.

Nuair a bhíonn an phostáil déanta agat:

  • Coinnigh d'admháil - is cruthúnas postála é
  • Rianaigh d'earra ar líne leis an uimhir uathúil ar an admháil
  • Beidh an síniú ar fáil ar líne ar feadh suas le mí tar éis an tseachadadh
  • Má bhíonn fianaise ag teastáil uait faoin té ar cuireadh an mhír chuige/chuici, iarr Deimhniú Postála ag am postála. 
  • Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm

Cé mhéid?

Crios 2 - an Bhreatain Mhór


an Bhreatain Mhór
Meáchan Faoi

Litir

Clúdach Litreach

Paicéad
100g €9.85 €9.85 €9.85
250g €10.85 €10.85
500g €12.35 €12.35
1kg €15.35
1.5kg   €18.85
2kg €18.85

Crios 3 - An Eoraip


An Eoraip
Meáchan Faoi

Litir

Clúdach Litreach

Paicéad
100g €9.85 €9.85 €9.85 
250g €10.85 €10.85
500g €12.35 €12.35
1kg €15.35
1.5kg   €18.85
2kg €18.85
An Eoraip: Austria,Belgium, Croatia, Denmark, Estonia, Finland, France (inc. Corsica & Monaco), Germany, Hungary, Iceland, Latvia, Luxembourg, Malta, Netherlands, Poland, Portugal, Slovakia, Spain, Sweden & Switzerland.

Crios 4 - An Chuid eile den Domhan


An Chuid eile den Domhan
Meáchan Faoi

Litir

Clúdach Litreach

Paicéad
100g€9.85€9.85€9.85
250g€10.85€10.85
500g€12.35€12.35
1kg€18.35
1.5kg €25.35
2kg€25.35

An Chuid eile den Domhan: Australia, Canada, Israel, New Zealand, Singapore, United States of America

 

Eolas Ginearálta faoin tSeirbhís

  1. Níl sna hamanna seachadta le haghaidh Mearphost Idirnáisiúnta ach meastúcháin agus ní dhéantar ráthaíocht orthu. 
  2. Luaitear amanna seachadta i laethanta oibre. Is laethanta oibre iad an Luan go dtí an Aoine agus ní áirítear an Satharn, an Domhnach, ná laethanta saoire Bainc agus Poiblí. 

 

Eolas tábhachtach maidir le post a sheoladh thar lear

De bharr méadú ar shlándáil aerlínte, ní féidir glacadh níos mó le cartúis dúigh ná tonóra.
De bharr bearta breise slándála sealadacha atá curtha i bhfeidhm ag Gníomhaireacht Homeland Security na Stáit Aontaithe, d'fhéadfaí moill ghearr a chur ar phost chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá a mheánn níos mó ná 450g.

 

Cúiteamh

  1. Níl cumhdach cuimsitheach árachais á thairiscint ag Mearphost Idirnáisiúnta. Ní thugtar aon chúiteamh ar son caillteanais, damáiste ná moille.
  2. Caillteanas iarmhartach: ní íoctar aon chúiteamh, cibé cúis a bhíonn leis.
  3. Comhábhar: níor chóir airgead, seodra, ná nithe luachmhara a sheoladh le Mearphost Idirnáisiúnta. Ba chóir do chustaiméirí a dteastaíonn uathu na míreanna sin a phostáil an Post Cláraithe a úsáid. Déantar foráil don Luasphost Idirnáisiúnta faoin na Rialacháin um Phost Eachtrach 2008 (mar atá leasaithe).
    Tá téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i bhfeidhm.

 

Gluais

  • Mearphost Idirnáisiúnta
  • Rianaigh Earra

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta