Leas Sóisialach

Is mórpháirtí de chuid an Roinn Choimirce Sóisialaí (fuinneog nua) é An Post. Féadfaidh tú d'íocaíocht Leasa Sóisialaí a bhailiú in aon cheann dár nOifigí Poist ar fud na tíre.

 

Conas a oibríonn sé?

Más mian leat go n-íocfaí d'íocaíochtaí Leasa Sóisialaí leat trí an Oifig Phoist ní mór duit iarratas a dhéanamh go díreach leis an Roinn Choimirce Sóisialaí.
Féadfaidh tú aon cheann dár líonra Oifigí Poist a ainmniú mar oifig íocaíochta.

 

Cad iad na híocaíochtaí is féidir a dhéanamh tríd an Oifig Phoist?

  • Tá an réimse seo a leanas d'íocaíochtaí ar fáil:
  • teaghlaigh agus leanaí
  • daoine ar scor nó scothaosta
  • daoine tinne nó ar mhíchumas
  • cúramóirí
  • daoine le méala
  • dífhostaithe
  • filleadh ar an obair/oideachas/ oiliúint
  • I bhfostaíocht/feirmeoireacht
  • Tacaíocht Phobail

Má tá íocaíochtaí Leasa Sóisialaí á bhfáil agat d'fhéadfá a bheith i dteideal úsáid a bhaint as ár seirbhís Buiséad Teaghlaigh chun cabhrú leat bainistiú a dhéanamh ar bhillí an teaghlaigh.

 

Breis eolais

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ón Roinn Choimirce Shóisialaí (fuinneog nua)

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta