Post a Sheoladh

Neamhchinnte faoin tseirbhís atá uait?

Tá ár seirbhísí poist deartha de réir na nithe atá tábhachtach duitse.
 

Costas

Más costas is tábhachtaí duit ba chóir duit an Standard Post a roghnú le seirbhís seachadta costaséifeachtach ar fud an domhain. 
 

Slándáil

Más í an tSlándáil is cás leat, ba chóir duit Registered Post a roghnú, an tseirbhís seachadta is mó slándála atá ar fáil. 
 

Luas
Má bhaineann práinn le do mhír, is í an tseirbhís Courier Post a oireann duit. Ráthaíonn Courier Post seachadadh ar an gcéad lá oibre eile roimh 12.00 (i mórcheantair uirbeacha i bPoblacht na hÉireann) agus seachadadh ar lá cinnte ar fud an domhain.
 
Má tá seachadadh ar an gcéad lá eile (gan a bheith cinnte faoin am) uait, ba chóir duit Express Post a roghnú. Ráthaíonn Express Post seachadadh ar an gcéad lá eile i bPoblacht na hÉireann agus tá síniú agus árachas ar fáil ar tháille bheag.
 
Tairgíonn ár seirbhís Express Post International seirbhís seachadta mear iontaofa duit ar son litreacha nó beartáin go 15 ceann scríbe idirnáisiúnta.
 
Má tá seirbhís seachadadh iontaofa idirnáisiúnta beartán  (gan a bheith cinnte faoin lá) uait is í an tseirbhís Priority Post International a oireann duit. Ofráileann Tosaíocht Idirnáisiúnta Beartán amanna iontaofa seachadta go 15 ceann scríbe idirnáisiúnta le cruthú seachadta agus dliteanas faoi bhealach san áireamh.
 

Tuilleadh Faisnéise
 

Níl seirbhísí áirithe ar fáil go Cosobhó, faigh amach faoi...
 
Ofráilimid roinnt seirbhísí eile a bheadh úsáideach duit nuair a bhíonn post á sheoladh agat, lena n-áirítear Bosca PO agus 'Ceadúnas'. Is féidir leat a fháil amach comh maith conas do chuid poist a bhrostú trína ullmhú ionas gur féidir é a shortáil go héasca.
 
'eDocketing' an bealach éasca chun do phostáil bulc a bhainistiú ar líne. Bealach éifeachtúil simplí eile in ionad duillíní postála a úsáideann custaiméirí a bhfuil Cuntas Taisce Poist acu.
 

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta