Tabharfaimid cluas éisteachta duit

Geallaimid go dtabharfaimid cluas éisteachta dár gcustaiméirí agus go ndéanfaimid forbairt dá réir ar ár seirbhísí.

Cuirfimid fáilte roimh aiseolas faoi na seirbhísí atá á gcur ar fáil againn. Éascaímid é seo duit trí shonraí teagmhála do chustaiméirí a thaispeáint ar ár gcuid cumarsáide go léir, ar fud ár gcraobhacha miondíola agus ar bhoscaí poist ar thaobh na sráide.

Déanfaimid monatóireacht ar shástacht na gcustaiméirí lenár seirbhísí agus déanfaimid iarracht gach réimse a fheabhsú ar mhaithe le freastal ar do chuid riachtanas.

Déanfaimid iarracht seirbhísí a chomhordú le gníomhaireachtaí stáit agus le cuideachtaí eile ar mhaithe le caighdeán na seirbhísí a fheabhsú.

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta