Post a Sheoladh

Níl tú cinnte cén seirbhís atá uait?

Tá ár seirbhísí poist go léir deartha de réir an rud atá tábhachtach duitse. 

Chun siopa nó Oifig Phoist a dhíolann stampaí a fháil atá in aice leat roghnaigh Ionad


Costas

Más costas is tábhachtaí duit ba chóir duit an Standard Post a roghnú. Cuireann Standard Post seirbhís seachadta costaséifeachtach ar fáil ar fud an domhain. 

Slándáil

Más í an tSlándáil  is cás leat, ba chóir duit Registered Post a roghnú, an tseirbhís seachadta is mó slándála atá ar fáil. 
 

Luas

Nuacht Reatha

Tá leathnú le déanamh ag An Post ar a sheirbhís idirnáisiúnta seachadadh cáipéisí agus beartán le seirbhís nua seachadta ar a dtugtar International Courier Service.  Beidh an tseirbhís nua á sholáthar ag DHL Services Ireland, agus beidh custaiméirí An Post in ann cáipéisí nó beartáin a fhágáil isteach in Oifigí Poist atá rannpháirteach agus déanfaidh DHL Express Ireland a gcuid earraí a sheachadadh. Ofráileann an tseirbhis seachadadh ar an gcéad lá eile laistigh den Aontas Eorpach agus idir 1 agus 5 lá don chuid eile den domhan. 
 

Práinneach!

Má bhaineann práinn le do mhír, is í an tseirbhís Courier Post a oireann duit. Ráthaíonn CourierPost seachadadh ar an gcéad lá oibre eile roimh 12.00 (i mórcheantair uirbeacha i bPoblacht na hÉireann) agus seachadadh ar lá cinnte ar fud an domhain.
 

Seachadadh ar an gcéad lá eile

Má tá seachadadh ar an gcéad lá eile (gan a bheith cinnte faoin am), ba chóir duit Express Post a roghnú. Ráthaíonn ExpressPost seachadadh ar an gcéad lá eile i bPoblacht na hÉireann agus tá síniú agus árachas ar fáil ar tháille bheag. 
 

Seachadadh Mear Iontaofa

Is é an Express Post International an tseirbhís duit ar son litreacha agus beartáin bheaga. Tairgíonn ár seirbhís ExpressPost International seirbhís seachadta mear iontaofa duit, le rianadh idirlín, ar son litreacha nó beartáin go 15 ceann scríbe idirnáisiúnta. 
 
Níl seirbhísí áirithe ar fáil go Cosobhó, faigh amach faoi...
 
Is féidir leat an uirlis Ríomh an Postas a úsáid chun an tseirbhís is oiriúnaí duit a roghnú.

Nuacht

tuilleadh

Cliceáil anseo le haghaidh gach míreanna nuachta