Lean do chuid poist ar líne
Conas gur féidir liom mo chuid poist a leanúint?
Is féidir leat do chuid poist a leanúint ar líne ag baint úsáide as an uimhir leanúna a thugtar duit.
Taobh istigh de Phoblacht na hÉireann is féidir linn deimhniú seachadta a chur chugat ar ríomhphost. Is féidir linn cóip den taifead seachadta a chur chugat ar ríomhphost freisin i gcás seirbhísí síniú-bhunaithe, cosúil le Registered Post.
Cad is féidir liom a leanúint?
Braitheann caighdeán na leanúna ar phost a sheoltar go hidirnáisiúnta ar an tír cheann scríbe.
An féidir liom post ata ag teacht isteach as foinse idirnáisiúnta a leanúint?
Is féidir, a fhad is atá sé tar éis teacht go hÉirinn agus go bhfuil uimhir leanúna agat lena aghaidh.