Header Image Placeholder

 

NÓTAÍ DO NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CRÍOCH AN 31 NOLLAIG, 2009

Main Text Placeholder

1. Stádas Na Cuideachta

Is cuideachta le dliteanas teoranta í an Chuideachta atá corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go dtí 2009.  Tá an Chuideachta i dteideal an focal ‘Teoranta’ a fhágáil ar lár ina hainm faoi Acht na Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983.

2. Láimhdeachas

  2009
€'000
2008
€'000
Tá anailís déanta ar an láimhdeachas mar seo a leanas:
Poblacht na hÉireann
Postas: Litreacha agus beartáin
Postas: Toghcháin agus reifreann
Oifigí Poist: Gníomhaireacht, seoltán agus seirbhísí gaolmhara
Seirbhísí eile
Ioncam úis
565,640
15,494
163,950
19,783
12,890
624,820
4,708
156,407
18,547
21,622
  777,757 826,104
An Ríocht Aontaithe agus Tíortha Eorpacha eile
Seirbhísí eile 26,459 23,939
  804,216 850,043
Níl cion an Ghrúpa de láimhdeachas an chomhfhiontair de €15,081,000 (2008: €14,126,000) san áireamh sa láimhdeachas thuas. Dar leis na stiúrthóirí, dhéanfaí dochar do leasanna an Ghrúpa dá gcomhlíonfaí ceanglais nochtaithe SSAP 25 ‘Tuairisciú Teascána’ níos mó fós.

3. Costais Oibriúcháin

  2009
€'000
2008
€'000
Costais foirne agus máistrí poist 588,975 599,010
Costais eile:    
Dáiliúchán 61,356 66,521
Cóiríocht 27,367 26,561
Oibriúchán 52,212 62,644
Riarachán 47,369 44,681
Dímheas agus amúchadh cáilmheasa 21,196 19,391
  798,475 818,808
     


4. (Caillteanas)/Brabús ar Ghnáthghníomhaíochtaí Roimh Chánachas

  2009
€'000
2008
€'000
(Caillteanas)/brabús ar ghnáthghníomhaíochtaí sula luaitear cánachas tar éis muirir:
Luach saothair na Stiúrthóirí:
Táillí
Luach saothair eile
Ranníocaíochtaí pinsin

268
407
77

287
400
75
Speansais Íoctha le Stiúrthóirí:
Táisteal
Cothabháil
Eile

21
6
1

14
7
1
Luach Saothair Iniúchóra – iniúchadh 260 270
Dímheas 20,235 18,573
Amúchadh cáilmheasa 961 818
Oibriú léaschíosanna:
Cíos ar fhoirgnimh
Eile - trealamh agus feithiclí mótair

8,532
13,912

6,707
11,674
agus tar éis creidiúnaithe:
Deontais chaipitil amúchta
Brabús ar dhíolachán sócmhainní seasta

102
307

102
310


Ní áirítear ar na suimeanna atá taispeáinte thuas mar luach saothair stiúrthóirí ach amháin na suimeanna a íoctar le stiúrthóirí i bhfeidhmiú a ndualgas mar stiúrthóirí agus tuarastal an Phríomhfheidhmeannaigh, ar stiúrthóir é freisin. Seachas sin, ní chuirtear tuarastail na stiúrthóirí ar fostaithe agus máistrí poist iad san áireamh.

De réir Treoirlínte an Rialtais um Luach Saothair agus Coinníollacha eile na bPríomhfheidhmeannach, feidhmíonn an Chuideachta scéim pá de réir feidhmíochta don Phríomhfheidhmeannach a sholáthraíonn uasmhéid bhliantúil fhéideartha de 35% den bhunphá. Faoin scéim seo, baineann suas le 25% le cuspóirí bliantúla (an scéim ghearrthéarmach 25%) agus suas le 10% le cuspóirí ilbhliantúla (trí bliana) (an scéim fhadtéarmach 10%). Tá a theidlíocht faoin scéim ghearrthéarmach 25% tarscaoilte ag an bPríomhfheidhmeananch go deonach don bhliain reatha agus sa bhliain roimhe seo. Níl na suimeanna atá tuillte faoin scéim fhadtéarmach 10% tugtha chun críche agus ní bheidh siad iníoctha go dtí deireadh an téarma trí bliana. Meastar áfach go bhfuil suim €97,000 tuillte ag an bPríomhfheidhmeannach faoin scéim fhadtéarmach 10% ó dháta a cheapacháin, an 14 Lúnasa, 2006, go dtí an 31 Nollaig, 2009.

Bhí an pacáiste luach saothair seo a leanas, atá áirithe sna suimeanna a thaispeántar thuas mar íocaíochtaí stiúrthóirí, ag Donal Connell, an Príomhfheidhmeannach:

  2009
€'000
2008
€'000
Buntuarastál
Pá neamh-inphinsin a bhain le feidhmíocht
386
-
379
-
Pá Iomlán 386 379
     
Luach Saothair eile:
Sochair inchánaithe, lena n-áirítear úsáid carr comhlachta
Táille Stiúrthóra
Ranníocaíochtaí Pinsin
21
16
77
21
18
75
  500  493



  2009
€'000
2008
€'000
Ba iad seo a leanas na táillí a íocadh le gach stiúrthóir:  
John Fitzgerald (Cathaoirleach) 33 29
Patrick Compton 16 18
Jerry Condon 16 18
Donal Connell 16 18
Anne Connolly 16 18
Paddy Costello 16 3
Patrick Davoren 16 18
Louise English 16 18
Ciara Hurley 16 18
James Hyland 27 28
Brian McConnell 16 18
Gerry O’Toole 16 3
John Quinlivan 16 14
Alan Sloane 16 18
Catherine Woods 16 15
Thomas Devlin - 14
Terry Kelleher - 14
Margaret McGinley (iar-Chathaoirleach) - 4
Peter Wyer - 1
  Iomlán 268 287 
     


5. Cáin ar (Chaillteanas)/Bhrabús ar Ghnáthghníomhaíochtaí

 
2009
€'000

2008
€'000
Cáin Reatha    
Éire - Cáin ghnóthachan caipitil 46 31
Éire – Cáin chorparáide 2,252 5,925
Éire – coigeartú i leith blianta roimhe sin 206 (69)
RA – Cáin chorparáide 437 788
Sciar de cháin chomhfhiontair - -
  2,941 6,675

Tá an muirear reatha cánach níos ísle ná an ráta caighdeánach cánach corparáide in Éirinn. Tá na difríochtaí mínithe thíos:

 
2009
€'000

2008
€'000
(Caillteanas)/brabús ar ghnáthghníomhaíochtaí roimh cháin (25,569) 39,890

Cáin reatha 12.5% (2008: 12.5%)

(3,196)

4,986
Tionchar:    
Speansais nach bhfuil inasbhainte 782 1,068
Dímheas sa bhreis ar liúntais caipitil 785 988
Sciar de chaillteanais chomhfhiontair nach bhfuil inasbhainte 1,344 1,211
Ioncam le rátaí cánach níos airde 1,782 3,214
Caillteanais chánach ar fáil - (1,750)
Difríochtaí gearrthéarmacha uainiúcháin 1,238 (2,973)
Gannsoláthar/(rósholáthar) don bhliain roimhe sin 206 (69)
Muirear reatha cánach 2,941 6,675
De bharr éiginnteachta ó thaobh brabúis incháinithe sa todhchaí, níl sócmhainn cánach iarchurtha ionchasach de €55,060,000 (2008: €76,372,500) aitheanta sa chlár comhardaithe comhdhlúite ag an 31 Nollaig, 2009. Tá an tsócmhainn cánacha iarchurtha nach bhfuil aitheanta comhdhéanta de shócmhainn cánach iarchurtha i ndáil le glan-easnamh pinsin aitheanta de €50,407,000 (2008: €72,937,500), de dhifríochtaí uainiúcháin ar athstruchtúrú gnó, €2,381,000 (2008: €2,381,000), na caillteanais chánach ar aghaidh nár úsáideadh, €6,353,000 (2008: €5,529,000), tá á bhfritháireamh ag difríochtaí uainiúcháin de €4,081,000 (2008: €4,475,000).

6. (Caillteanas)/brabús Don Bhliain Airgeadais

 
2009
€'000

2008
€'000
(Caillteanas)/brabús na cuideachta sealbhaíochta tar éis cánach (21,481) 40,023
Brabús na bhfochuideachtaí tar éis cánach 3,721 2,877
Sciar de thoradh an chomhfhiontair (10,750) (9,685)
Leas mionlaigh (555) -
(Caillteanas)/brabús don bhliain airgeadais (29,065) 33,215
Níor ullmhaíodh cuntas brabúis agus caillteanais ar leith do An Post mar gur comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos in Alt 148(8) d’Acht na gCuideachtaí, 1963.

7. Líon agus Costais Foirne

 
2009

2008
Meánlíon foirne chóibhéis lánaimseartha (CLA) fostaithe ag obair
sa ghrúpa i rith na bliana:
   
Oibriúcháin (post agus miondíol)
Corparáideach
9,785
713
9,960
711
Iomlán na bhfostaithe cuideachta (CLA)
Fochuideachtaí*
10,498
356
10,671
299
Iomlán na bhfostaithe Grúpa (CLA) 10,854 10,970
Ba é an meánlíon fostaithe a bhí ag obair sa Ghrúpa i rith na bliana,
stiúrthóirí feidhmeannacha san áireamh:
   

Oibriúcháin (post agus miondíol)
Corparáideach

8,983
747

8,961
717
Iomlán na bhfostaithe cuideachta
Fochuideachtaí*
9,730
356
9,678
310
Iomlán na bhfostaithe Grúpa 10,086 9,988
     
Máistrí poist: Fostaithe mar ghníomhairí 1,185 1,185
* D’eascair an méadú as iniamh na foirne i bhfochuideachta a fuarthas i rith na bliana.

 
2009
€'000

2008
€'000
Is mar seo a leanas a bhí costais chomhlána párolla:    
Pá, tuarastail agus costais na máistrí poist 510,298 511,679
Costais leasa sóisialta 36,491 35,314
Costais eile pinsin (nóta 17) 42,186 52,017
  588,975 599,010


8. Sócmhainní Neamhinláimhsithe Seasta - Cáilmheas

  Iomlán
€'000
Grúpa  
Costas  
Ag 31 Nollaig, 2008
Éadálacha (nóta 24)
13,628
10,475
Ag 31 Nollaig, 2009 24,103

Amúchadh
 
Ag 31 Nollaig, 2008 10,764
Muirear don bhliain 961
Ag 31 Nollaig, 2009 11,725

Glanluach na Leabhar
 
Ag 31 Nollaig, 2009 12,378
Ag 31 Nollaig, 2008 2,864
Tá luach iompraithe an cháilmheasa ag 31 Nollaig, 2009 breithnithe ag na stiúrthóirí agus meastar nach bhfuil aon lagú air.

9. Sócmhainní Seasta Inláimhsithe

  Ruíleas & léas fada; Talamh & foirgnimhs 
€'000

Leas in Ard-Oifig an Phoist 
€'000


Feithiclí Mótair
€'000
Ríomhairí agus trealamh eile 
€'000



Iomlán
€'000
Grúpa        
Costas          
Ag 31 Nollaig, 2008 185,629 26,429 27,978 240,104 480,140
Breiseanna 28,894 - 2,479 20,041 51,414
Éadálacha fochuideachta 37 - 146 1,307 1,490
Diúscairtí (95) - (11,505) (20) (11,620)
Ag 31 Nollaig, 2009 214,465 26,429 19,098 261,432 521,424

Dímheas Carnaithe
         
Ag 31 Nollaig, 2008 43,107 10,150 21,687 207,435 282,379
Curtha chun dochair i rith na bliana 4,669 651 1,766 13,149 20,235
Díchurtha ar dhiúscairtí (20) - (11,390) (16) (11,426)
Ag 31 Nollaig, 2009 47,756 10,801 12,063 220,568 291,188

Glanluach na Leabhar
         
Ag 31 Nollaig, 2009 166,709 15,628 7,035 40,864 230,236
Ag 31 Nollaig, 2008 142,522 16,279 6,291 32,669 197,761

Cuideachta
         
Costas          
Ag 31 Nollaig, 2008 187,992 26,429 27,915 233,857 476,193
Breiseanna 28,861 - 2,386 19,567 50,814
Diúscairtí (95) - (11,372) - (11,467)
Ag 31 Nollaig, 2009 216,758 26,429 18,929 253,424 515,540

Dímheas Carnaithe
         
Ag 31 Nollaig, 2008 37,614 10,150 21,661 202,621 272,046
Curtha chun dochair i rith na bliana 4,771 651 1,727 12,432 19,581
Díchurtha ar dhiúscairtí (20) - (11,331) - (11,351)
Ag 31 Nollaig, 2009 42,365 10,801 12,057 215,053 280,276

Glanluach na Leabhar
         
Ag 31 Nollaig, 2009 174,393 15,628 6,872 38,371 235,264
Ag 31 Nollaig, 2008 150,378 16,279 6,254 31,236 204,147
Grúpa agus Cuideachta
Tá an ghné dímheasa d’fhoirgnimh ar shaorshealús agus ar léas-shealús fada talún agus foirgneamh (is é sin foirgnimh) cothrom le: Grúpa €170,744,000 (2008: €154,971,000), Cuideachta €178,531,000 (2008: €161,921,000).

10. Sócmhainní Seasta Airgeadais

                                       Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Scaireanna i bhfochuideachtaí, ag costas - - 10,652 10,651
Leas i gcomhfhiontar agus i ngnóthais comhlachais 90 10,840 - 33,110
  90 10,840 10,652 43,761

Ba mar seo a leanas a bhí scaireanna i ngnóthais fhochuideachtaí, ag costas, sa Ghrúpa: €102 (2008 : €102)

Ba mar seo a leanas a bhí gluaiseachtaí na bliana:
Scaireanna i ngnóthais fhochuideachtaí
Ag tús na bliana - - 10,651 10,651
Breiseanna - - 1 -
Ag deireadh na bliana - 10,652 10,651
Tagraíonn breiseanna do cheannach scairshealbhóireacht 53.6% sa Gift Voucher Shop (nóta 24)

Leas i gcomhfhiontair agus i ngnóthais comhlachais
Ag tús na bliana 10,840 25,380 33,110 19,109
Breiseanna - - - 18,856
Scair de thoradh chomhfhiontair (10,750) (9,685) - -
Lagú - - (33,110) -
Costais chaipitlithe curtha chun speansais - (4,855) - (4,855)
Ag deireadh na bliana 90 10,840 - 33,110

Bheartaigh scairshealbhóirí Postbank Ireland Limited, BGL BNP Paribas Fortis agus An Post gan leanúint ar aghaidh leis an gcomhfhiontar níos faide ná an bhliain féilire 2010. Tugann cuntais Chuideachta An Post aitheantas dó seo agus tá luach iompair na hinfheistíochta laghdaithe go €náid.

Déantar nochtuithe breise maidir le Postbank Ireland Limited, a sháraíonn tairsigh áirithe faoi Chaighdeán Tuairisceoireachta Airgeadais 9 Comhlaigh agus Comhfhiontair, leagtha amach thíos. Tá nochtuithe 2009 le faomhadh fós ag stiúrthóirí Postbank Ireland Limited agus níl iníuchadh déanta orthu.

 
Sócmhainní seasta 3,909 8,629
Sócmhainní reatha 249,625 183,328
Scair de mhórshócmhainní (gan cáilmheas san áireamh) 253,534 191,957
Dliteanais dlite laistigh de bhliain amháin (253,444) (181,117)
Scair de mhórdhliteanais (253,444) (181,117)
Infheistíocht i gcomhfhiontar 90 10,840

Cruthaíodh cáilmheas in Postbank Ireland Limited nuair a fuarthas na gnóthaí agus na sócmhainní a aistríodh chuige ó An Post. I gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta, níl a sciar den cháilmheas a cruthaíodh in Postbank Ireland Limited aitheanta ag An Post.

11. Feichiúnaithe

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
'000
Cuideachta
2009
'000
Cuideachta
2008
€'000
Suimeanna laistigh de bhliain amháin
Feichiúnaithe trádála 41,514 41,926 30,481 36,543
Suimeanna dlite ag gnóthais comhlachtaithe nach bhfuil comhdhlúite 1,040 979 1,040 785
Suimeanna dlite ag gnóthais comhlachtaithe eile - - 2,437 588
Suimeanna dlite ag gnóthas comhlachtaithe (nóta 27) 799 895 799 895
Suimeanna dlite ag comhfhiontar (nóta 27) 4,278 403 4,085 -
Feichiúnaithe eile 977 304 608 295
Réamhíocaíochtaí agus ioncam fabhraithe 11,599 6,220 4,944 5,391

Suimeanna dlite tar éis níos mó ná bliain amháin
60,207 50,727 44,394 44,497
Suimeanna dlite ag gnóthais fochuideachta - - 15,016 5,465
  60,207 50,727 59,410 49,962


12. Airgead sa Bhanc agus ar Lámh

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Airgead sa bhanc 30,863 14,157 994 5,727
Airgead ar lámh 258,827 254,753 258,827 254,753
289,690 268,910 259,821 260,480

Taiscí téarma

289,102

392,139

289,102

392,139
Lúide: Suimeanna in iontaobhas (288,678) (310,586) (288,678) (310,586)
  290,114 350,463 260,245 342,033


13. Creidiúnaithe: Suimeanna dlite laistigh de bhliain amháin

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Creidiúnaithe trádála 35,115 18,853 10,373 15,418
Suimeanna dlite do fhochuideachtaí - - 47,217 48,138
Suimeanna dlite do chomhfhiontar (nóta 27) - 1,754 - 1,754
Creidiúnaithe eile 16,511 4,045 7,640 3,402
Cánachas agus leas sóisialta (nóta 14) 16,303 15,208 15,096 14,202
Fabhruithe 97,421 105,130 91,287 102,883
Ioncam iarchurtha - deontais chaipitil (nóta 15) 102 102 102 102
Rótharraingt bainc 2,490 - - -
Ioncam poist iarchurtha 15,956 20,100 15,956 20,100
  183,898 165,192 187,671 205,999


14. Cánachas agus Leasa Sóisialta

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Cáin chorparáide (193) 1,160 (419) 508
Cáin ioncaim asbhainte faoi ÍMAT 7,358 7,353 7,099 7,210
Árachas Sóisialta Pá-choibhneasta 6,675 5,205  6,459 5,146
Cáin bhreisluacha 1,911 780  1,365 554
Cáin shiarchoinneálach do sheirbhísí gairmiúla 552 710   592 784
   16,303 15,208 15,096 14,202


15. Creidiúnaithe: Suimeanna dlite tar éis níos mó ná bliain amháin

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Ioncam iarchurtha - deontais chaipitil 3,665 3,767 3,665  3,767
Is mar seo a leanas a bhí na gluaiseachtaí ar dheontais:        
Ag tús na bliana 3,869 3,971 3,869  2,912
Aistrithe ó fhochuideachta - - 1,048
Amúchta go cuntas brabúis agus caillteanais (102) (102) (102) (91)
Ag deireadh na bliana 3,767 3,869 3,767  3,869
Aistrithe go creidiúnaithe: suimeanna dlite laistigh de bhliain amháin (102) (102) (102) (102)
  3,665 3,767 3,665 3,767


16. Soláthair le Haghaidh Dliteanas

 
2009
€'000

2008
€'000
Grúpa agus Cuideachta    
Soláthair le haghaidh athstruchtúrú gnó 49,885  59,938

Ba mar seo a leanas a bhí gluaiseachtaí i rith na bliana:
   
Ag tús na bliana 59,938 69,261
Úsáidte i rith na bliana (10,053) (9,323)
Ag deireadh na bliana  49,885 59,938

Áirítear i soláthar athstruchtúrú gnó ag an 31 Nollaig, 2009 €30,839,000 (2008: €40,892,000) i leith costais iomarcaíochta athstruchtúrú gnó, agus €19,046,000 (2008: €19,046,000) i leith thabhairt isteach Plean um Scair-Úinéireacht Fostaithe (ESOP).

17. Oibleagáidí Pinsin agus Oibleagáidí Chosúla

Grúpa agus Cuideachta

Tagann teidlíochtaí pinsin fhostaithe chun cinn faoi roinnt scéimeanna pinsin ranníoca sainmhínithe agus sochair sainmhínithe, bíonn na sócmhainní dílsithe in iontaobhaithe neamhspleácha a bhíonn ceaptha ag an gCuideachta do shochar fhostaithe agus a gcleithiúnaithe agus iad sin amháin. Bíonn ranníocaíochtaí bliantúla bunaithe ar chomhairle achtúire cáilithe gairmiúil.

Ba iad seo a leanas na suimeanna a gearradh i gcostais oibriúcháin i rith na bliana:

 
2009
€'000

2008
€'000
Scéimeanna sochair sainithe – costas reatha seirbhíse 40,500 50,400
Scéimeanna ex gratia – costas reatha seirbhíse 1,000 1,000
Scéim shainithe ranníocaíochtaí 686 617
Aitheanta sa chuntas brabúis agus caillteanais 42,186 52,017


Tháinig costais iarseirbhíse de €5,378,000 (2008: €3,638,000) chun cinn i rith na bliana. Urscaoileadh iad sin tríd a soláthar athstruchtúraithe a úsáid (nóta 16) agus ní raibh aon tionchar acu ar an gcuntas brabúis agus caillteanais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2009 nó 2008. B’ionnan an ranníocaíocht a bhí iníoctha do scéimeanna pinsin agus a áiríodh i gcreidiúnaithe ag an 31 Nollaig, 2009 agus €3,304,000 (2008 : €43,000).

Déantar costais phinsin scéimeanna sochair sainmhínithe a mheas de réir chomhairle achtúire cáilithe neamhspleách gairmiúil. Rinneadh na luachálacha achtúireacha is déanaí ar an 1 Eanáir, 2008 ag baint úsáide as an modh aoise sroichte agus tá siad dóthanach chun 100% de na dliteanais charnaithe a chlúdach. Ba é an príomhbhonn tuisceana achtúire, thar an bhfadtéarma, go mbeadh an ráta toradh bliantúil ar infheistíochtaí 2.0% níos airde ná an t-ardú bliantúil i luach saothair inphinsin. Mhol an luacháil achtúire ar an 1 Eanáir, 2008 ráta ranníoca de 14.4% de luach saothair inphinsin. Níl na luachálacha achtúire ar fáil do scrúdú poiblí agus tá torthaí na luachálacha curtha ar aird chomhaltaí na scéimeanna.

Tá na luachálacha de na scéimeanna pinsin a úsáideadh d’fhonn nochtadh FRS 17 bunaithe ar na luachálacha achtúire is déanaí mar a aithníodh thuas agus thug achtúirithe neamhspleácha cothrom le dáta iad go dtí an 31 Nollaig, 2009. Luaitear sócmhainní na scéime ag luach an mhargaidh amhail dáta an chláir chomhardaithe.

Seo a leanas na boinn tuisceana airgeadais ar baineadh leas astu chun dliteanais sochair scoir faoi FRS 17 a ríomh:

An modh luachála 2009
Aonad Fortheilgthe
2008
Aonad Forteilgthe
2007
Aonad Forteilgthe
Ráta lascaine 5.75% 5.75% 5.50%
Ráta boilscithe 2.00% 2.00% 2.00%
Ardú ar phinsin in íocaíocht 3.25% 3.25% 3.75%
Arduithe i dtuarastail inphinsin 3.25% 3.25% 3.75%


Ba iad seo a leanas na rátaí ionchais toradh fadtéarmacha ar shócmhainní na scéime pinsin: 2009 2008 2007
Cothromais 9.00% 9.00% 7.75%
Bannaí 4.00% 3.80% 4.50%
Eile 6.00% 6.85% 5.15%


Tá na boinn tuisceana maidir le fad saoil na ndliteanas pinsin ag dáta an chlár comhardaithe bunaithe ar tháblaí caighdeánacha mortlaíochta achtúireacha agus cuirtear feabhsú fad saoil sa todhchaí san áireamh. Tá na boinn tuisceanna bunaithe ar an dóchúlacht go mairfidh duine 65 bliana d’aois ar feadh roinnt blianta mar seo a leanas:

Ionchas saoil ag 65 Fear Bean
Pinsinéirí reatha – aois 65 84.0 87.0
Pinsinéirí sa todhchaí – aois 40 85.5 88.5


Is mar seo a leanas a bhí luach margaidh sócmhainní na scéimeanna sochair sainithe ag an 31 Nollaig, 2009, 2008 agus 2007:

  2009
€'000
2008
€'000
2007
€'000
Cothromais 916,100  723,800 1,362,000
Bannaí 625,100  612,400 529,000
Eile 112,400  111,500  200,000
Luach cóir sócmhainní na scéimeanna pinsin 1,653,600 1,447,700 2,091,000

Luach láithreach oibleagáidí sochair sainithe maoinithe

 (2,045,000)

(2,017,900)

(2,193,100)
Luach láithreach oibleagáidí sochair sainithe neamh-mhaoinithe (11,852) (12,100)  (12,200)
Luach láithreach oibleagáidí sochair sainithe (2,056,852) (2,030,000) (2,205,300)
Dliteanas pinsin (403,252) (582,300) (114,300)

Gluaiseacht i luach cóir sócmhainní na scéimeanna pinsin
Luach cóir sócmhainní na scéimeanna pinsin ag tús na bliana 1,447,700 2,091,000  
Toradh ionchais ar shócmhainní plean 95,500 139,200  
Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach 125,700 (768,161)  
Ranníocaíochtaí an fhostóra 58,696  55,263  
Ranníocaíochtaí na mball 4,400  3,900  
Sochair íoctha (78,396) (73,502)  
Luach cóir na scéimeanna pinsin ag deireadh na bliana 1,653,600 1,447,700  

Gluaiseacht i luach láithreach na n-oibleagáidí sochair sainithe
Oibleagáidí sochair sainithe ag tús na bliana (2,030,000) (2,205,300)  
Costas seirbhíse reatha (41,500) (51,400)  
Costas seirbhíse caite (5,378) (3,638)  
Costas úis  (116,060) (120,860)  
Ranníocaíochta na mball (4,400) (3,900)  
Sochair íoctha 78,396 73,502  
Gnóthachan achtúireach 62,090  281,596  
Oibleagáidí easnamh sochair ag deireadh na bliana (2,056,852) (2,030,000)  


(Speansas)/Ioncam Airgeadais eile

 
2009
€'000

2008
€'000
Ús ar dhliteanais scéimeanna (116,060) (120,860)
Torthaí ionchais ar shócmhainní scéimeanna 95,500 139,200
  (20,560) 18,340
Bunaítear ríomh torthaí ionchasaigh ar shócmhainní scéimeanna ar luach shócmhainní na scéimeanna ag tús na bliana airgeadais.

Suimeanna aitheanta i ráiteas iomlán na ngnóthachan agus na gcaillteanas aitheanta
   
Déantar anailís ar ghnóthachain agus caillteanais achtúireacha mar seo a leanas:    

Difríocht idir toradh ionchais agus toradh iarbhír ar shócmhainní

125,700

(768,161)
Taithí gnóthachain agus caillteanais ar dhliteanais scéime 62,090 (8,400)
Athruithe i mboinn tuisceana a bhíonn mar bhonn de luach reatha dliteanais na scéimeanna - 289,996
Gnóthachain/(caillteanas) achtúire aitheanta 187,790 (486,565)

Bhí gnóthachan €221m (2008: caillteanas €629m) mar thoradh iarbhír ar shócmhaínní na scéimeanna i 2009. B’ionnan na gnóthachain agus na caillteanais charnaithe achtúireacha a aithníodh i ráiteas na ngnóthachan agus na gcaillteanas aitheanta ag an 31 Nollaig 2009 agus caillteanas de €229m.

Táthar ag tuar go mbeidh ranníocaíochtaí fostóra cothrom le €54m i 2010.

Stair Ghnóthachain agus Chaillteanais achtúireach

  2009 2008 2007 2006 2005
Difríocht idir toradh ionchais agus toradh iarbhír ar shócmhainní 125,700 (768,161) 188,294 66,000 257,000
Léirithe mar chéatadán de na sócmhainní scéimeanna 8% (53%) 9% 3% 13%
Taithí gnóthachain agus caillteanais ar dhliteanais scéimeanna 62,090 (8,400) - (43,000) (2,000)
Léirithe mar chéatadán de dhliteanais scéimeanna 3% - - (2%) -
Iomlán gnóthachain agus caillteanais achtúireacha iarbhír 187,790 (486,565) 63,141 118,179 (1,786)
Léirithe mar chéatadán de dhliteanais scéimeanna 9% (24%) 3% 5% -


18. Scairchaipiteal
Grúpa agus Cuideachta

 
2009
€'000

2008
€'000
Údaraithe:    
80,000,000 Gnáthscair ag €1.25 an ceann 100,000 100,000
Leithroinnte, glaoite agus íoctha ina n-iomláine:    
54,590,946 Gnáthscair ag €1.25 an ceann 68,239 68,239
Ar an 14 Eanáir, 2003 de bhun Alt 26 den Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998 rinneadh athainmniú ar scaireanna na Cuideachta ó €1.269738 go €1.25 an scair agus aistríodh suim de €877,000 chuig cúlchiste comhshóite caipitil.

19. Cuntas Brabúis agus Caillteanais

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Ag tús na bliana (267,658) 185,692 (281,217) 165,325
(Caillteanas)/brabús don bhliain airgeadais (29,065) 33,215 (21,481) 40,023
Lagú sócmhainne airgeadais - - (33,110) -
Gnóthachain/(caillteanais) aitheanta eile 187,790 (486,565) 187,790 (486,565)
Ag deireadh na bliana (108,933) (267,658) (148,018) (281,217)


20. Réiteach (Easnaimh)/Chistí na Scairshealbhóirí

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Ag tús na bliana (198,542) 254,808 (212,101) 234,441
(Caillteanas)/brabús don bhliain airgeadais (29,065) 33,215 (21,481) 40,023
Bearnú sócmhainne airgeadais - - (33,110) -
Gnóthachain/(caillteanais) aitheanta eile 187,790 (486,565) 187,790 (486,565)
Ag deireadh na bliana (39,817) (198,542) (78,902) (212,101)


 

21. Leas Mionlaigh

  Iomlán
€'000
 Ag 31 Nollaig, 2008  -
 Ag eascairt as éadálacha (nóta 24)  8,413
 Scair an leas mionlaigh den bhrabús  (555)
Ag 31 Nollaig, 2009 7,858


22. Sreabhadh Airgid Comhlán

 
2009
€'000

2008
€'000
Réiteach brabús oibriúcháin le glan-insreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin    
Brabús oibriúcháin  5,741 31,235
Dímheas agus amúchadh 21,196 24,246
Brabús as sócmhainní seasta inláimhsithe a dhíol (307) (310)
Íocaíochtaí maidir le soláthar le haghaidh athstruchtúrú gnó (10,053) (9,323)
Costas airgid pinsin (11,818) (225)
Deontais chaipitil amúchta (102) (102)
(Méadú)/laghdú i bhfeichiúnaithe oibriúcháin (2,824) 5,549
(Laghdú)/méadú i gcreidiúnaithe oibriúcháin (16,107) (6,628)
Glan-(eis-sreabhadh)/insreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin (14,274) 44,442

Cánachas
   
Cáin íoctha (4,294) (6,845)

Caiteachas caipitil agus infheistíocht airgeadais
   
Ceannach sócmhainní seasta inláimhsithe (46,801) (40,773)
Diúscairt sócmhainní seasta inláimhsithe 501 432
  (46,300) (40,341)

Éadálacha agus diúscairtí
   
Éadáil ghnóthais fhochuideachta (nóta 24) (2,287) -
Airgead i bhfochuideachtaí faighte 4,316 -
  2,029 -

Bainistiú achmhainní leachtacha (nóta a)
   
Laghdú i dtaiscí téarma 103,037 9,897

Nóta a: Tá acmhainní leachtacha comhdhéanta de thaiscí téarma le tréimhse fógra aibíochta de níos mó ná lá amháin.

23. Anailís ar Ghlan-Chistí

 
Ag tús na bliana
€'000

Sreabhadh airgid
€'000

Ag deireadh na bliana
€'000
Airgead sa bhanc agus airgead ar lámh 268,910  20,780 289,690
Rótharraingt bainc (2,490) (2,490)
Suimeanna coinnithe in iontaobh  (310,586) 21,908 (288,678)
40,198
Taiscí Téarma 392,139  (103,037) 289,102
Iomlán 350,463  (62,839) 287,624


24. Fochuideachtaí Agus Gnóthais Bhainteacha


Ainm Cineál Gnó % Sealúchas Oifig Chláraithe
Foghnóthais i seilbh dhíreach na Cuideachta
Comhlacht Crannchur
Náisiúnta An Post (nóta 27)
Feidhmiú an Chrannchuir
Náisiúnta
80% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Arcade Property
Company Limited
Forbairt agus ligean maoine 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Post Consult
International Limited
Seirbhísí bogearrai ríomhaire 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Precision Marketing
Information Limited
Soláthar bunachair sonraí
agus seirbhísí, bunachar
sonraí agus eolairí gnó
100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Prince's Street Property
Company Limited
Neamhghníomhach 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Printpost Limited Clóbhualadh ardmhéide 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Post.Trust Limited Seirbhísí deimhniúcháin agus
slándála digiteacha
100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Transpost Limited Cúiréirí agus dáiliúchán 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
Kompass Ireland Publishers
Limited
Neamhghníomhach 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
An Post Billpost Processing
Services Limited
Próiseáil íocaíocht bhillí 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
An Post GeoDirectory Limited Seirbhísí bunachar sonraí 100% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
An Post (NI) Limited Cuideachta sealbhaíochta 100% Stokes House, College
Square East, Béal Feirste.
GVS Gift Voucher Shop Limited Dearbháin bhronntanais
mhiondíola
53.6% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath 1
The Gift Voucher Shop Limited Dearbháin bhronntanais
mhiondíola
53.6% The Merlin Centre,
Acrewood Way, St. Albans
Herts, U.K.

Gnóthais fochuideachta atá i seilbh go hindíreach trí ghnóthas fochuideachta
Air Business Limited Dáiliúchán 100%     4 The Merlin Centre
Acrewood Way
St. Albans
Herts U.K.
Jordan & Co International Limited Dáiliúchán 100% 4 The Merlin Centre
Acrewood Way
St. Albans
Herts U.K.

Foghnóthais i seilbh dhíreach na Cuideachta
Cuideachta na nDuaisbhannaí
Teoranta 
Riarachán
Scéim na nDuaisbhannaí
50% Ard-Oifig an Phoist,
Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1

Comhfhiontar
Postbank Ireland Limited Baincéireacht 50% Bloc a hAon
Campas Gnó na Céibhe Thiar
Dún Laoghaire
Co Bhaile Átha Cliath

I rith na bliana, ghlac an grúpa seilbh ar scairchaipiteal iomlán Jordan & Co International Limited agus scair 53.6% sa Gift Voucher Shop Limited. Ba iad seo a leanas na sócmhainní agus na dliteanais a fuarthas agus an méid a íocadh ar a son:

 
Jordan & Co
€'000

The Gift Voucher Shop
€'000

Iomlán
€'000
Sócmhainní seasta inláimhsithe (nóta 9) 751 739 1,490
Feichiúnaithe 752 5,904 6,656
Airgead 912 3,404 4,316
Creidiúnaithe (886) (28,177) (29,063)
Leas mionlaigh (nóta 21) 8,413 8,413
Glansócmhainní/(glandliteanais) faighte 1,529 (9,717) (8,188)
Cáilmheas ag eascairt as éadáil (nóta 8) 757 9,718 10,475
Coimín – sásta trí íocaíocht airgid (nóta 22) 2,286 1 2,287

Creideann na stiúrthóirí nach raibh aon difríocht ábhartha idir luach leabhair na sócmhainní agus na ndliteanas a fuarthas agus a luachanna cothrom ag dáta na héadála.

Déanfar cáilmheas a eascraíonn as éadáil a dhíscríobh thar 10 mbliana.

Tá torthaí na n-aonán faighte áirithe sa chuntas comhdhlúite brabúis agus caillteanais ó dhátaí na n-éadálacha faoi seach agus b’ionann iad agus láimhdeachas €6.1m, costais oibriúcháin de €5.0m agus brabús oibriúcháin de €1.1m. Déantar soláthar sa chonradh ceannacháin don Gift Voucher Shop le haghaidh breis airgid a íoc má bhaintear spriocanna ioncaim áirithe amach. Ní raibh an tsuim fabhraithe lena haghaidh seo ag an 31 Nollaig 2009.

Tá Air Business Limited, Jordan & Co International Limited agus Gift Voucher Shop (UK) Limited corpraithe i Sasana agus An Bhreatain Bheag agus ag feidhmiú sna tíortha sin. Tá An Post (NI) Limited corpraithe agus ag feidhmiú i dTuaisceart Éireann.

Tá gach gnóthas eile corpraithe agus ag feidhmiú i bPoblacht na hÉireann. Is gnáthscairchaipiteal atá sa scairshealbhóireacht uile.

Déanann Comhlacht Crannchur Náisiúnta An Post an Crannchur Náisiúnta a fheidhmiú faoi cheadúnas ón Aire Airgeadais de réir fhorálacha an Achta um Chrannchur Náisiúnta, 1986. Tá 20% den scairchaipiteal atá eisithe faoi sheilbh ag an Aire Airgeadais.

Riarann Cuideachta na nDuaisbhannaí Teoranta an Scéim Duaisbhannaí faoi chonradh le Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta.

Bainfidh na fochuideachtaí seo a leanas leas as díolúine comhadaithe atá ar fáil faoi Alt 17 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 ina ndéanfaidh siad ráitis airgeadais An Post a chur mar iarscríbhinn lena dtuairisceáin bhliantúla:

Post Consult International Limited; Printpost Limited; Post.Trust Limited; Transpost Limited; PrecisionMarketing Information Limited; Prince’s Street Property Company Limited; Arcade Property Company Limited; An Post Billpost Processing Services Limited; An Post GeoDirectory Limited agus Kompass Ireland Publishers Limited.

25. Ceangaltais Léasa

  Talamh & Foirgnimh
2009
€'000

Eile
2009
€'000

Iomlán
2009
€'000
Talamh & Foirgnimh
2008
€'000

Eile
2008
€'000

Iomlán
2008
€'000
Ba iad seo a leanas tiomantais bhliantúla faoi léasanna oibríochta dochealaithe:
Grúpa  
Ag dul in éag laistigh de bhliain amháin 981 4,788 5,769 903 1,542 2,445
Ag dul in éag tar éis bliana agus roimh chúig bliana 3,575 7,767 11,342 1,110 9,801 10,911
Ag dul in éag tar éis cúig bliana 4,495 -  4,495 5,874 - 5,874
  9,051 12,555 21,606 7,887 11,343 19,230

Cuideachta
 
Ag dul in éag laistigh de bhliain amháin 164 4,750 4,914 630 1,412 2,042
Ag dul in éag tar éis bliana agus roimh chúig bliana 3,140 7,582 10,722 772 9,705 10,477
Ag dul in éag tar éis cúig bliana 3,926 - 3,926 5,305 - 5,305
  7,230 12,332  19,562 6,707 11,117  17,824


Baineann tiomantais léasa eile le trealamh agus mótarfheithiclí. Ní raibh aon tiomantais léasa airgeadais ábharacha ann an 31 Nollaig, 2009 nó 2008 ná cinn a bhí le tosú i ndiaidh an dáta sin.

26. Ceangaltais Chaipitil

  Grúpa
2009
€'000
Grúpa
2008
€'000
Cuideachta
2009
€'000
Cuideachta
2008
€'000
Ar chonradh 16,923 25,122 16,923 25,122
Údaraithe ach gan a bheith ar chonradh 46,223 14,416 46,223 14,416
  63,146 39,538 63,146 39,538

 

27. Nochtadh Páirtithe Gaolmhara Agus Páirtí Rialaithe

Páirtí Rialaithe
Rinne an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, ag a bhfuil sealús ar scairchaipiteal eisithe iomlán An Post ach amháin gnáthscair amháin atá ag an Aire Airgeadais, rialú i rith na bliana ar an nGrúpa.

Idirbhearta le gnóthais bhainteacha

Comhlacht Crannchur Náisiúnta An Post

Soláthraíonn an Grúpa seirbhísí seachadta agus bainistíochta do Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post, gnóthas nach bhfuil comhdhlúite. Comhlíontar na seirbhísí sin ar bhonn fad láimhe, nó nuair is cuí, de réir théarmaí an cheadúnais a cheadaigh an tAire Airgeadais chun an Crannchur Náisiúnta a fheidhmiú. Soláthraíonn an Chuideachta freisin seirbhísí gníomhaireachta do Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post ina ndéanann An Chuideachta díolachán thar ceann Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post agus ina n-íocann sí duaischistí thar ceann Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post de réir na dtéarmaí caighdeáin, na gcoinníollacha agus na struchtúir luach saothair a bhaineann le gníomhairí ar fad Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post. Áirítear i láimhdeachas an Ghrúpa don bhliain €6,346,000 (2008: €6,128,000) i ndáil le seirbhísí a soláthraíodh do Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post. Tá táille bainistíochta de €2,993,000 (2008: €2,993,000) san áireamh anseo iníoctha don Chuideachta de réir théarmaí an cheadúnais chun an Crannchur Náisiúnta a fheidhmiú.

Déantar costas na foirne atá ag obair i gComhlacht Crannchur Náisiúnta An Post a athmhuiriú ó An Post ag costas agus ba é an tsuim sin ná €7,764,000 don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2009 (2008: €7,442,000).

Ba é an méid a bhí dlite ag Comhlacht Crannchur Náisiúnta An Post don Chuideachta ná €1,040,000 ag 31 Nollaig, 2009 (2008: €979,000).

Tá comhaontaithe ag An Post rathaíocht a dhéanamh ar fheidhmíocht Chomhlacht Crannchur Náisiúnta An Post ina oibleagáid faoi cheadúnas do shealbhú an Chrannchuir Náisiúnta arna dheonú ag an Aire Airgeadais. Tá an rathaíocht curtha ar fáil ag An Post, an t-uasdliteanas den tsuim €10milliún, do thréimhse an cheadúnais go 31 Nollaig, 2011.

Cuideachta na nDuaisbhannaí Teoranta

Faoi théarmaí an chonartha le Cuideachta na nDuaisbhannaí Teoranta, comhlíonann an Chuideachta gnéithe áirithe de riarachán Scéim na nDuaisbhannaí. I bhfoirm táillí do sheirbhísí den chineál sin thuill an Chuideachta €4,266,000 don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2009 (2008: €3,104,000). Bhí €799,000 (2008: €895,000). dlite ag Cuideachta na nDuaisbhannaí Teoranta don Chuideachta ar an 31 Nollaig, 2009.

 

Postbank Ireland Limited

Soláthraíonn an Chuideachta seirbhísí seachadta agus seirbhísí gníomhaireachta ina ndéanann an Chuideachta díolacháin agus a nglacann sí le taiscí agus astarraingtí thar ceann Postbank Ireland Limited (Postbank). Tuilleann an Chuideachta coimisiúin ó Postbank ar dhíolachán breisiú creidmheasa do fóin póca. Soláthraíonn cuideachtaí eile sa Ghrúpa seirbhísí ríomhaireachta do Postbank ar bhonn fad láimhe. I láimhdeachas an Ghrúpa don bhliain áirítear €5,683,000 (2008 : €7,131,000) i leith seirbhísí a soláthraíodh do Postbank agus coimisiúin a tuilleadh. Ar feadh cuid den bhliain bhí baill foirne tugtha ar iasacht ag an gCuideachta do Postbank agus déantar costais ghaolmhara, arbh ionann iad agus €707,000 (2008 : €1,865,000) a chuirtear ar ais mar mhuirear ar Phostbank. Soláthraíonn Postbank seirbhísí áirithe bainistíochta don Chuideachta chomh maith, de luach €617,000 (2008 : €507,000). Ba iad seo a leanas na suimeanna a bhí dlite do Postbank ag an nGrúpa agus ag gCuideachta ag an 31 Nollaig 2009: €4,278,000 (2008: €403,000) agus €4,085,000 (2008, €náid) faoi seach. Ba iad na suimeanna a bhí dlite ag an nGrúpa agus ag an gCuideachta le Postbank ag an 31 Nollaig 2009: €náid (2008: €1,754,000) agus €náíd (2008: €1,754,000) faoi seach.

Idirbhearta le ranna Rialtais agus le comhlachtaí Stáit eile

Soláthraíonn an Grúpa, i ngnáth-imeacht gnó, seirbhísí postais, gníomhaireachta, íocaíochta agus seirbhísí teachtaire do ranna Rialtais éagsúla agus do chomhlachtaí Stáit eile ar bhonn fadláimhe.

 

28. Teaghmhais

Grúpa agus Cuideachta

Ní raibh aon dliteanais theagmhasacha ná ráthaíochtaí ann an 31 Nollaig, 2009 nó 2008 óna bhfuiltear ag súil le caillteanais ábharacha seachas iad sin atá nochtaithe in áit éigin eile sna ráitis airgeadais.

 

29. Faomhadh An Bhoird

Bhí na ráitis airgeadais faomhaithe ag Bord na Stiúrthóirí ar an 25 Márta, 2010.