Header Image Placeholder

Tuarascáil Bhliantúil 2011 

An Bord Stiúrthóirí agus Faisnéis Chorparáideach

Image Placeholder on top of main text

Main Text Placeholder

  • 1. John Fitzgerald

    F.C.C.A.
    Cathaoirleach – 2,3
    Ceapadh 1 Márta, 2008

    Tá formhór a shaol oibre caite ag an Uasal Fitzgerald sa rialtas áitiúil, i bpoist shinsireacha éagsúla, lena n-áirítear seal mar Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 1996 go 2006. Tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin agus ar an dá Ghníomhaireacht Athnuachana a bunaíodh i Luimneach tar éis dó tuarascáil a dhéanamh ar fhabhanna eisiaimh shóisialta sa chathair sin don Rialtas. Tá sé ina Chathaoirleach ar an Údarás Náisiúnta Iompair.
  • 3. Jerry Condon

    Stiúrthóir-Fostaí – 2
    Ceapadh 1 Samhain, 2008; ceathrú téarma

    Thosaigh an tUasal Condon ag obair i 1971 leis an Roinn Poist agus Teileagracha agus bhí sé ag obair mar Chléireach Post-Oifige. Tá sé ina bhall gníomhach de Cheardchumann na nOibrithe Cumarsáide ar feadh a shaoil agus chaith sé trí bliana déag ar fheidhmeannas náisiúnta an cheardchumainn sin.
  • 5. Anne Connolly

    B.A., M.B.A.
    Stiúrthóir – 2
    Ceapadh 23 Samhain 2007

    Tá Iníon Connolly ag obair faoi láthair mar Stiúrthóir ar an Ageing Well Network, líonra neamhspleách ceannaireachta sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus deonacha. Roimhe seo bhunaigh sí Anne Connolly Consulting Limited, cuideachta comhairliúcháin sa bhainistíocht straitéiseach. Sular chruthaigh sí an chuideachta seo, bhí sí ag obair mar bhainisteoir straitéise le Kingspan plc agus, roimhe sin, ar leibhéal sinsireach bainistíochta sna hearnálacha poiblí agus neamhbhrabúsacha. Roimhe seo bhí sí ar bhoird ICC Bank plc agus APSO agus bhí sí ina cathaoirleach ar Chomhnaidhm na bPobal Síomóin in Éirinn
  • 7. Thomas Devlin

    Stiúrthóir-Fostaí
    Ceapadh 26 Márta, 2010; an dara téarma 

    Chur an tUasal Devlin tús lena shaol oibre in Oifig an Phoist sa bhliain 1976 nuair a chuaigh sé isteach sa Roinn Poist agus Teileagrafa mar Fhear Poist Sóisir ag obair mar theachtaire in Oifig an Aire. Faoi láthair tá sé fostaithe mar Bhainisteoir Seirbhís Seachadta in Ionad Seachadta Mhullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath. Mar bhall gníomhach de Cheardchumann na nOibrithe Cumarsáide chaith sé dhá bhliain ar an gCoiste Riartha Náisiúnta agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Chraobh na dTiománaithe den SDS ó 1996 go 2004.

    9. Peter Ormond

    B.A. (Bus. Mgt.)
    Stiúrthóir
    Ceapadh 8 Márta, 2011

    Tá an tUasal Ormond ina Bhainisteoir Margaíochta le Mid Ireland Tourism ó mhí Mhárta 2010, tar éis dó seal a chaitheamh mar Bhainisteor Clár le Cumann Forbartha Chill Chormaic. Tá taithí aige chomh maith sa cheantálacht, i ndíolacháin agus margaíocht agus i lóistíocht. Tá sé ina bhall de Chomhairle Contae Uíbh Fháilí agus bhí sé ina chathaoirleach ar an gComhairle in 2005/2006. Tá sé ina chomhalta chomh maith den mBord Airgeadais Oideachais.
  • 11. John Quinlivan

    B.Sc. (Mgt. & Law), M.Sc. (Spatial Planning), Dip. in Public Admin.
    Stiúrthóir – 3
    Ceapadh 24 Nollaig, 2008; dara téarma

    Bhí saol gairme fada ag an Uasal Quinlivan sa rialtas áitiúil, i bpoist shinsireacha i naoi gcontae, agus cúig bliana déag mar Bhainisteoir Contae Lú san áireamh. Chaith sé cúig bliana mar chomhalta d’Údarás na mBóithre Náisiúnta agus bhí sé ina chomhalta freisin de Bhord Seirbhísí Bainistíochta an Rialtais Áitiúil agus de Bhord Seirbhísí Ríomhaireachta an Rialtais Áitiúil agus An Chomhairle.
  • 13. Catherine Woods

    B.A.(Econ)
    Stiúrthóir – 1, 3
    Ceapadh 4 Feabhra, 2008

    Tá an mhórchuid dá saol gairme caite ag iníon Woods i Londain le JP Morgan. Tá taithí leitheadach aici ar chumaisc agus éadálacha agus ar stocbhróicéireacht san earnáil airgeadais. I measc a cuid sainorduithe bhí athchaipitliú mhargadh árachais Lloyd’s of London agus athphríobháidiú bhainc Chríocha Lochlainn. Ó d’fhill sí ar Éirinn, chaith sí na blianta 2004 go 2007 ar an bPainéal um Achomharcanna Ríomhchumarsáide, ag barúlú faoi achomhairc in aghaidh chinntí ComReg. Tá sí ina Stiúrthóir ar Bhainc-Aontas Éireann cpt agus ar an bPainéal Breithnithe maidir le hachomharcanna a bhaineann leis an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda.

Rúnaí

Jack Dempsey 

Oifig Chláraithe

Ard-Oifig an Phoist
Sráid Uí Chonaill
Baile Átha Cliath 1

 

Iniúchóir

KPMG, Cuntasóirí Cairte

Baincéirí

Banc na hÉireann

Aturnaetha

Matheson Ormsby Prentice

Gluais Do Choistí An Bhoird

1. Iniúchadh agus Slándáil
2. Pearsanra
3. Luach Saothair

Main Text Placeholder 2

  • 2. Patrick Compton

    Stiúrthóir-Fostaí
    Ceapadh 1 Samhain, 2008; cúigiú téarma
    Tá naoi mbliana is tríocha caite ag an Uasal Compton sa tseirbhís phoist agus faoi láthair tá sé ina Chomhordaitheoir Comhpháirtíochta, lonnaithe i Ros Comáin. Bhí sé ina chomhalta d’fheidhmeannas náisiúnta Cheardchumann na nOibrithe Cumarsáide ar feadh dhá bhliain is fiche agus ina uachtarán air i 1986. Tá sé ina stiúrthóir ar Chuideachta Duaisbhannaí An Post Teoranta le blianta fada. Tá páirt ghníomhach aige i bhforbairt phobail ina cheantar féin agus ina Oifigeach Traenála agus Forbairt Chluichí i gCLG Ros Comáin.

  • 4. Donal Connell

    C.Eng., F.I.E.I., B.E.
    Stiúrthóir – 2, 3
    Ceapadh 14 Lúnasa, 2006
    Ceapadh an tUasal Connel mar Phríomhfheidhmeannach ar an 14 Lúnasa, 2006. Chuir sé tús lena shaol oibre sa Roinn Poist agus Teileagrafa agus bhí poist shinsearacha bainistíochta aige le Unitrode Ireland, 3Com Ireland agus Maxtor Ireland mar a raibh sé ina Phríomhfheidhmeannach sular tháinig sé chuig An Post. Tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmeannach ar Bhord Eorpach an Xilinx Corporation agus ina Chathaoirleach ar Chuideachta Chrannchur Náisiúnta An Post.
  • 6. Paddy Costello

    Stiúrthóir-Fostaí
    Ceapadh 1 Samhain, 2008

    Chuaigh an tUasal Costello isteach in Oifig an Phoist mar Fhear Poist Sóisireach sa bhliain 1964. Rinneadh Fear Poist de i 1966 agus tá sé fostaithe in Oifig Seachadta Fhionnghlais, Baile Átha Cliath 11 le trí bliana agus daichead. Le linn a shaoil oibre, rinne sé ionadaíocht ar son bhaill de Cheardchumann na nOibrithe Cumarside in Oifigí Seachadta i mBaile Átha Cliath. Bhí poist éagsúla aige mar oifigeach craoibhe agus tá sé ag freastal faoi láthair mar Chisteoir ar Chraobh Seachadadh Poist Bhaile Átha Cliath.
  • 8. Paul Henry

    A.C.A.,M. Accounting B.A. (bus & econ).
    Stiúrthóir - 1
    Ceapadh 15 Meán Fómhair 2011
    Is Cuntasóir Cairte é an tUasal Henry atá ag obair mar Bhainisteoir Iniúchta Sinsir, Iniúchóireacht Inmheánach an Ghrúpa, le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath CPT ó 2008. Roimhe sin bhí sé le PriceWaterhouseCooper, Baile Átha Cliath mar ar cuireadh oiliúint air mar Chuntasóir Cairte.
  • 10. Gerry O’Toole

    Stiúrthóir-Fostaí – 2
    Ceapadh 1 Samhain, 2008

    Thosaigh an tUasal O’Toole ag obair sa Roinn Poist agus Teileagrafa i 1980 mar Fhear Poist Sóisir agus ceapadh é an bhliain dar gcionn ina Fhear Poist. I 1989 tugadh ardú céime dó go post mar Oifigeach Cléireachais agus bhí sé ag obair i réimse na Seirbhísí Airgeadais go dtí 1998 nuair a d’aistrigh sé chuig an tAonad TF mar a bhfuil sé faoi láthair ina Speisialtóir Tacaíochta Teicniúil sa Tacaíocht Líonra TF. Bhí sé ina chomhalta de choistí éagsúla craoibhe nó ceardchumainn i rith na mblianta.
  • 12. Alan Sloane

    Stiúrthóir – Máistir Poist
    Ceapadh 1 Eanáir, 2007; ceathrú téarma
    Tá an tUasal Sloane ag obair i siopa grósaera agus in oifig poist a theaghlaigh ó 1976 i leith. Ceapadh é ina mháistir poist ar oifig an phoist Loch Gamhna, Co. an Chabháin i 1979. Tá sé ina Stiúrthóir Bainistíochta freisin ar J.A.S. Limited, gnó déantúsaíochta cuntair slándála, a bhunaigh sé i 1985.
  • 14. James Wrynn

    BSC.BCOMM. MBA
    Stiúrthóir - 1
    Ceapadh 15 Meán Fómhair 2011

    Bhí an tUasal Wrynn ina Léachtóir Sinsireach i mBainistíocht Straitéiseach i DIT agus ina Cheann ar Roinn an Staidéar Riaracháin i nDáimh Gnó DIT. D’fhreastail sé ar Bhord BSL ar feadh níos mó ná deich mbliana agus le linn a théarma oifige bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ó 1995 go 2000. Bhí sé ina Chathaoirleach chomh maith ar Choistí Boird BSL um Infheistíocht Idirnáisiúnta agus Freagairt Straitéiseach do Dírialú.