Header Image Placeholder

Tuarascáil Bhliantúil 2011 

Ráiteas an Chathaoirligh

Image Placeholder on top of main text

Main Text Placeholder

Agus an eacnamaíocht náisiúntaagus idirnáisiúnta ina cíor tuathaill, an margadh á liobrálú go hiomlán agus na margaí airgeadais fós éiginnte, d’éirigh leis An Post roinnt de na snáitheanna is tábhachtaí dá straitéisí athraithe agus forbartha gnó a chomhdhlúthú i rith na bliana 2011.

Rinne an chuideachta feabhsúcháin bhreise sna réimsí tábhachtacha srianú costais, caighdean seirbhíse, rannpháirtíocht foirne agus sruthanna nua ioncaim a fhorbairt. Is fíric seachas ardmhian í ár suíomh sa mhargadh mar sholáthróir seirbhísí nuálach d’ardchaighdeán a thugann luachar airgead.

Is cuid dár ngnó laethúil anois na cláir Athruithe agus Claochlaithe. Leis na tograí seo d’éirigh linn na caighdeáin idirnáisiúnta a bhaint amach sa tionscal ár bhfócas ar chustaiméirí a fheabhsú agus lóistíocht shaincheaptha agus réitigh comhlíonta a sheachadadh sna margaí poist agus miondíola. Tá athrú buan déanta ag cur chuige na Cuideachta ar an gcultúr inmheánach agus tá An Post agus a fhoireann in ann oiriúnú go héifeachtúil dá réir do chúinsí athraithe an mhargaidh.

Is fiontar níos nua-aimseartha, níos nuálaí agus níos cost-éifeachtúla é An Post anois ná riamh cheana. Is mó an mhuinín atá ag custaiméirí as ná aon chuideachta dhúchasach eile in Éirinn, agus an leibhéal sástachta is airde aige ó chustaiméirí gnó agus príobháideacha go comhleanúnach.

Is as a cuid acmhainní féin atá a chlár claochlaithe agus infheistíochta i dtrealamh, i dteicneolaíocht agus i mbonneagar déanta ag an gCuideachta, gan leas a bhaint as fóirdheontas stáit ná iasachtaí d’aon chineál. Tá an straitéis chuí againn i gcónaí, lena n-áirítear infheistíocht i ngnólachtaí ailínithe.Ach tá méideanna Poist ag meath go mór ar fud an domhain i gcónaí, agus tá sé níos tábhachtaí dúinn ár mbonn costais a laghdú dá réir. Níl aon amhras orm ach go mbeidh sé seo deacair ach bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann don Chuideachta dá gcuirfí moill air seo. Sheirbheáil, ComReg, an Coimisiún um Rialú Cumarsáide, imeachtaí dlí ar An Post mar gheall ar theip líomhainte caighdeán na seirbhísí poist a fheabhsú le spriocanna áirithe a bhaint amach. Creidimid nach bhfuil bunús leis na gníomhartha seo agus nach dtugann siad aird ar an bhfeabhas suntasach atá déanta ag an gCuideachta ar chaighdeán na seirbhísí.

Faoi láthair ní mór dár bpáirtithe leasmhara tábhachtacha go léir obair le chéile le inmharthanacht na Cuideachta a chinntiú agus cumas iomlán An Post a bhaint amach. Tá bonneagar láidir socair a bhfuil muinín ag custaiméirí Éireannacha agus idirnáisiúnta as riachtanach mar thaca don téarnamh eacnamaíoch.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Brian McConnell, Ciara Hurley agus Jim Hyland a scoir den Bhord i rith na bliana. Is mór againn an cion a rinne siad sin le linn a dtéarmaí oifige.

Tá mé buíoch freisin don Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte T.D., agus dá chuid oifigeach as ucht a gcuid cabhrach agus tacaíochta i rith na bliana 2011.

Tá lánmhuinín agam as an mBord, as an mbainistíocht agus as baill foirne An Post agus iad ag plé go leanúnach le dúshláin an mhargaidh, agus iad ag baint leasa as deiseanna nua tráchtála don chroí-ghnó agus do na fochuideachtaí.

John Fitzgerald

Right Column Image Placeholder

Right Column Text Placeholder

 




















Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh leis na feabhsúcháin ar sheirbhís agus díriú ar an nuáil agus ar an iomaíochas sa Chuideachta i ngach gníomh tráchtála agus i ngach idirbheart le custaiméirí.