Header Image Placeholder

Tuarascáil Bhliantúil 2011 

Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh

Image Placeholder on top of main text

Main Text Placeholder

Rinne An Post gnóthachain dhearfacha le linn na bliana 2011,in ainneoin na ndúshlán móra a bhí ann don Chuideachta, agus do na custaiméirí mar gheall ar na deacrachtaí eacnamaíocha timpeallacht.

Tá titim i méideanna poist, méadú in ionadú leictreonach agus iomaíochtnua bunaithe anois mar thionchar ar ár gnónna poist, miondíola agus fochuideachtaí.

Leanadh ar aghaidh le hoiriúnú an ghnó d’fhíricí tráchtála an mhargaidh le cláir forfheidhmiú athruithe, nuála, infheistíochta straitéiseach agus laghdú costais.

Rinneadh liobrálú iomlán ar mhargadh poist na hÉireann i 2011, agus osclaíodh é d’iomaíocht iomlán mar atá ordaithe ag an Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist) 2011, agus ainmníodh An Post mar sholáthróir seirbhíse uilíche le haghaidh tréimhse 12 bliain.

Lean an Chuideachta ar aghaidh ag infheistiú sna réimsí is tábhachtaí don ghnó agus i réimsí a bhfuil an t-ionchas iontu sruthanna nua ioncaim a ghiniúint. Choinníomar ár bhfócas straitéiseach, agus d’fheabhsaíomar an t-iomaíochas, an caighdeán seirbhíse agus an nuáil ar fud na heagraíochta. Bhí struchtúir agus samhail ghnó na Cuideachta á n-oiriúnú againn go leanúnach le dul i ngleic leis na hathruithe sa timpeallacht gnó. Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’ár gcustaiméirí i bhforbairt agus i bhfás a ngnó. Leanamar ar aghaidh ag díriú ar chaighdeán na seirbhíse intíre a fheabhsú agus arís eile sháraíomar na spriocanna atá againn le haghaidh seachadadh poist idirnáisiúnta.

Brabús Oibriúcháin

Rinne an Chuideachta brabús oibriúcháin €2.2m don Ghrúpa i 2011 (titim ó €5.8m i 2010), toradh an-sásúil i bhfianaise na ndúshlán thuasluaite. D’eascair an fheidhmíocht seo den chuid is mó as na cláir Athruithe a chur i bhfeidhm. Rinneadh sábháil €15.4m i gcostais phá le socruithe oibre níos éifeachtúla, le huathoibriú agus le meánlaghdú 300 sa Choibhéis Lánaimseartha (CLA), rud a thugann an laghdú sa chroí-ghnó go beagnach 1,100 ó 2008. Cuirfear laghdú breise CLA foirne de 1,500 i gcrích faoin mbliain 2016. I rith 2011 rinne sábháil iomlán neamhphá de €10m, laghdú 3.7% ar thoradh na bliana roimhe sin. Déanfar laghdú costais den chineál céanna i 2012 le laghdú iomlán costais de €100m a dhéanamh ó 2008 i leith.

Bhí baint mhór ag an bhfeidhmíocht láidir i mbeartáin, miondíol agus i bhfochuideachtaí le Láimhdeachas Grúpa de €806.7m, méadú ar an mbliain roimhe seo (€805.1m). Ba láidir an fheidhmíocht í seo i bhfianaise laghdú 7 faoin gcéad eile ar na croí-mhéideanna poist sa tréimhse céanna.

Glactar leis go mbeidh méideanna poist ag titim go leanúnach ar fud na cruinne; is í ár bhfreagairt don treocht seo an dúshlán is mó a bheidh ann don Chuideachta sa bhliain seo romhainn.

Poist

Táimid bródúil as ár gceannródaíocht caighdeáin agus nuála poist. Tá infheistíocht déanta againn sa tealamh próiseála agus sna bogearraí is déanaí inár nIonaid Poist. Is ár n-acmhainní féin a mhaoiníomar na tionscadail seo agus cuirfidh siad ar ár gcumas caipitliú a dhéanamh ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn sa mhargadh litreacha agus beartán agus cinnteoidh siad go mbeidh seirbhís den chéad scoth ag ár gcustaiméirí go léir.

Cuireadh síneadh 18 mí eile ar Theastas Feabhais An Post i mBainistiú agus i bPróiseáil Poist Idirnáisiúnta, a bronnadh den chéad uair trí bliana ó shin ag an gCorparáid Poist Idirnáisiúnta (IPC) go luath sa bhliain 2009. Rinneadh é seo tar éis tréimhse dian meastóireachta a rinne an IPC ar ár n-aonad Aerphoist in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus in Ionad Poist Bhaile Átha Cliath, mar a ndéantar an chuid is mó den phost litreacha ón iasacht a phróiseáil ar dtús. I rith 2011, sháraíomar ár sprioc feidhmíochta arís agus baineadh seachadadh 95.4 faoin gcéad ar an gcéad lá eile amach agus 88.6 faoin gcéad do phost amach a shroich an spriocthír an chéad lá eile. Tá an leibhéil cáilíochta seo coinnithe againn le seacht mbliana. Deimhníonn coinneáil an Teastais seo seasamh An Post mar cheannródaí cáilíochta i margadh poist na hEorpa.

Tá feabhsú cáilíochta intíre agus seirbhís do chustaiméirí i gcroílár ár straitéis claochlú agus forbairt ghnó. Dhíríomar i gcónaí ar an dul chun cinn a bhuanú i gcomhthéacs an athrú leanúnach oibriúcháin agus infheistíochta i mbonneagair post agus miondíola.

Tá bunchlocha na chéad céime eile den bhfeabhsúchán cáilíochta, lena dtabharfar isteach seirbhísí breisluacha litreacha agus beartán, curtha in áit anois. Beidh toradh leanúnach ar an infheistíocht a rinneadh i rith na bliana 2011 sa nuatheicneolaíocht, in oiliúint foirne, i bhfeabhsú próiseála agus i gcomhdhlúthú ár nAonaid Seachadta i mbliana agus sna blianta atá romhainn.

Ghnóthaigh muid deimhniú ISO 9001 ar son ár gceithre Ionad Poist uathoibrithe i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i mBaile Átha Luain agus i bPort Laoise, ár 120 Aonad Seachadta agus ár n-aonad Seirbhísí do Chustaiméirí, in Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath.

Mar sholáthróir ainmnithe Oibleagáid Seirbhíse Uilíche (OSU), táimid lántiomanta do sheirbhísí bailiúchán agus seachadadh poist a sholáthar cúig lá sa tseachtain chuig os cionn dhá mhilliún seoladh ar an bpraghas céanna – tá an ráta postais céanna i bhfeidhm ar son litreach a chuirtear ó Bhaile Átha Cliath 1 go Baile Átha Cliath 2 agus atá le haghaidh litreach a sheoltar ó Chorcaigh go Leitir Ceannain. Is cuid ríthábhachtach den bhonneagar náisiúnta é an OSU, cuid lárnach de shaol gnó agus pobail na tíre agus áisitheoir riachtanach le haghaidh gníomhaíocht eacnamúil lena n-áirítear nuáil gnó.

Is léiriú ar thiomantas na Cuideachta i leith soláthar na seirbhíse seo gan leas a bhaint as deontas ná fordheontas den chlár straitéiseach infheistíochta, srianú costais agus nuála. Ach is saincheist í an OSU anois atá ríthábhachtach ó thaobh gnó. Rinne An Post seachadadh chuig 100,000 pointe seachadta níos mó anuraidh ná sa bhliain 2007 – an bhliain dheireanach a ndearnadh praghas an stampa is saoire a ardú. Sa tréimhse cúig bliana céanna, thit méideanna poist beagnach 25%, agus táthar ag glacadh leis go mbeidh meath den chineál céanna ann i 2012.

Tá easnamh tromchúiseach neamhinbhuanaithe ann mar gheall ar an treocht seo i maoiniú OSU, a chuireann todhchaí na seirbhíse agus bailitheacht oibríochtaíníos leithne An Post i mbaol. Mhéadaigh an caillteanas bunúsach san OSU i 2011 ar an gcaillteanas €50 milliún a bhí ann an bhliain roimhe sin. In ainneoin laghdú mór i gcostas, beidh an staid ag dul in olcas go leanúnach. Tá ar a laghad athrú praghais amháin déanta ag ár gcomhghleacaithe Eorpacha, rud a fhágann go bhfuil an dara muirear bunúsach is ísle sa ghrúpa tíortha AE15 in Éirinn. Deimhníodh é seo le déanaí nuair a d’eisigh an Coiste Gnó, Nuála agus Scileanna i bparlaimint na Breataine tuarascáil dár dáta Márta 1 faoi Phraghsanna Stampaí. In alt 6 luaitear go bhfuil “an ceathrú praghas stampa céad ghrád is ísle ag an RA san AE15 (AE roimh leathnú). Níl ach An Spáinn (37p), Éire (42p) agus Lucsamburg (45p) níos saoire”. Ó shin i leith, tá ardú suntasach 30 faoin gcéad agus 39 faoi gcéad faoi seach fógraithe ag an Royal Mail ar a sheirbhísí céad agus dara grád le héifeacht ón 30 Aibreán 2012. Is sa chomhthéacs seo atá iarratas déanta againn le ComReg le praghsanna ár dtáirgí agus ár seirbhísí OSU a athrú.

I mí Feabhra 2012, sheirbheáil ComReg imeachtaí dlíthiúla ar An Post faoi théarmaí Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Seirbhísí Poist) 2002, ag lorg ordú ón Ard-Chúirt go gcomhlíonfadh An Post leis na spriocanna seachadta 94 faoin gcéad le haghaidh seachadadh ar an gcéad lá eile do phost aon earra agus ag iarraidh go ngearrfaí píonós airgeadais ar An Post mar gheall ar neamhghéilliúntas líomhainte leis an gcaighdeán cáilíoch seirbhíse.

I bhfianaise na n-iarrachtaí atá á ndéanamh againn maidir le cáilíocht ár seirbhíse, is ábhar iontais dúinn gur roghnaigh ComReg an bealach seo tar éis na mblianta d’fheabhsúcháin réidh leanúnach ar cháilíocht na bpost. Tá an fheidhmíocht seo le feiceáil sna sonraí atá againn féin; le comhthacaíocht ón monatór leanúnach cáilíochtaí atá á reachtáil go neamhspleách ag PWC, agus a cuireadh ar fáil do ComReg, chomh maith leis na monatóir neamhspleácha idirnáisiúnta thuasluaite atá sa tionscal. Cuirfimid go bríomhar in aghaidh an ghnímh seo.

Ag tús na bliana 2011, d’eisíomar éide nua ar nós éide oibre le haghaidh 4,500 ball foirne bailiúcháin agus seachadta. Tá teicneolaíocht scanóir láimhe úrscothach acu anois le sonraí bailiúcháin agus seachadta a thaifeadadh agus bíonn na sonraí ar fáil i bhfíor-am don chustaiméir. Is é An Post an chéad oibritheoir poist sa domhan a chuir an teicneolaíocht ar seo ar fáil do gach ball foirne.

Tá sé curtha in iúl ag an gCuideachta go bhfuil sé i gceist aici a bheith rannpháirteach sa tairiscint le haghaidh Ceadúnas Bainistiú Cód Poist atá le cur ar an margadh ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i rith na bliana 2012.

Mhéadaigh siopadóireacht ar líne agus ar chatalóg méid an phost paicéad agus mionbheartán go díreach. Beidh infheistíocht á dhéanamh ag An Post go leanúnach sa chuid seo den mhargadh trí thacaí agus táirgí nua a sholáthar le fás a spreagadh agus le riachtanais na ndíoltóirí agus an lucht siopadóireachta araon a réamh-mheas.

Ag obair go dlúth le custaiméirí i ngach earnáil agus méid, dhíríomar ár gcuid acmhainní ar chabhrú le gnólachtaí níos mó gnó a dhéanamh. Chuamar i bpáirt le cuideachtaí nuathionscanta a raibh cúnamh de dhíth orthu le trácht ar líne, díolacháin agus seirbhís a fhorbairt. Phléamar le gnólachtaí seanbhunaithe a bhí ag cur lena bpunann táirgí comh maith le brandaí móra Éireannacha agus idirnáisiúnta le post ardmhéide a bhí íogar ó thaobh am seachadta. Dírimid ar a riachtanais a thuiscint ar mhaithe le seirbhís, iontaofacht agus breisluach a sheachadadh trínár mbonneagar uathúil agus ár saineolas a chur ag obair ar a son in Éirinn agus inár bhfochuideachta sa RA, Air Business.

Cuireadh ceardlann le saineolaithe margaíochta, máistir-ranganna agus staidéír ar chásanna ar líne ar fáil in aisce do chustaiméirí gnó i rith na bliana 2011. Dhíríomar go háirithe ar an earnáil SME, ag tabhairt spreagadh do na gnólachtaí seo feachtais poist agus teicnící margaíochta digiteacha a chur le chéile le díolacháin a fhás agus dílseacht na gcustaiméirí a choinneáil. Chuaigh An Post i bpáirt le Google, Blacknight Solutions agus na Boird Fiontraíochta Contae agus Cathracha sa togra ‘Gnó na hÉireann a chur ar Line’ a chabhraigh le SMEí barrleibhéal láithreachta ar líne a fhorbairt mar thaca díolacháin agus mar leathnú ar a ngnó.

Seirbhísí Miondíola

Bhí géag míondíola An Post ag feidhmiú go han-láidir i rith na bliana 2011. Agus réasúnú á dhéanamh ag forais airgeadais eile, leanamar ar aghaidh ag cur lenár dtairiscintí táirgí agus seirbhísí. Is tarraingteach an líonra miondíola atá againn, le timpeall 1.7m custaiméar sa tseachtain, do fhorais airgeadais eile atá ag déanamh athbhreithniú faoi láthair ar a gcuid oibriúchán.

Bhí glaninsreabhadh láidir isteach i Státchoigilteas sa chuid luath den bhliain, agus cé gur lagaigh sé beagán timpeall lár na bliana, cuireadh an treocht seo ar mhalairt treosa bhfómhar. Chríochnaigh an bhliain le glaninsreabhadh €1.4 billiún. Tá an ciste seoag €14 billiún anois (clúdaíonn an tsuim seo 12 faoin gcéad den Fhiachas Náisiúnta agus tá sé cothrom le 14 faoin gcéad de choigilteas teaghlaigh). Tá an t-airgead seo an-luachmhar don Stát nuair a chuirtear é i gcomparáid leis na torthaí atá ar namargaí idirnáisiúnta.

Tá an t-ionchas chun ár mbonn ioncaim a mhéadú le feiceáil sa bhfás socair a rinne na seirbhísí a tugadh isteach le déanaí. Tá postfone, an tseirbhís fón póca ag cur lena bhonn custaiméiri i margadh atá lán d’iomaíocht. Chruthaíomar comhghuallaíocht straitéiseach le DHL le seirbhís chúiréara idirnáisiúnta thar oíche a sholáthar, le cumasc dár saineolas bonneagair agus lóistíochta idirnáisiúnta. Sa chéad bhliain feidhmíochta i 329 Oifig Phoist ar fud na tíre ghabh an áis Malartán Sterling agus Dolar 23 faoin gcéad den mhargadh seo.

Láimhseáil ár n-áis Billpay thar an gcuntar 25 milliún idirbheart i 2011 agus cuireadh ardán den scoth ar fáil leis an tseirbhís ar líne, mybills.ie a sheoladh. Chláraigh os cionn 50,000 úsáideoir leis an áis íocaíochta agus buiséid saor in aisce seo laistigh de 19 seachtain ó seoladh í i mí Lúnasa. Is breiseán é do na táirgí seirbhísí airgeadais a chuirimid ar fáil.

Bhain an-tábhacht le slándáil i rith na bliana 2011. Cé gur tharla méadú i líon na n-ionsaithe armtha agus na hiarrachtaí robála, níor éirigh lena bhformhór mar gheall ar gur cloíodh le prótacail slándála. D’éirigh go han-mhaith leis an nGarda Síochána sna fiosrúcháin a rinne siad. Ar an drochuair diríodh ar roinnt bheag d’fhoireann An Post, dá ngníomhairí agus dá dteaghlaigh in ionsaithe ‘Fuadach Tíogait’. Arís, ba mhór an chabhair é cloí le prótacail slándála, le nósanna imeachta oiliúna agus an comhoibriú leis na Gardaí le dul i ngleic leis an ngníomhaíocht choiriúil seo.

Fochuideachtaí

Tá an bonn ioncaim á leathnú i gcónaí againn inár bhfochuideachtaí. Mar atá beartaithe, beidh ár spleáchas ar ioncam ón bpost á laghdú againn sna blianta atá romhainn. Bhí láimhdeachas €84 ag ár bhfochuideachtaí, méadú 24 faoin gcéadsa bhliain.

Tá Air Business, ár bhfochuideachta sa RA, a dhéanann dáiliúchán ar thréimhseacháin agus ar phost díreach idirnáisiúnta, ar cheann de na cuideachtaí idirnáisiúnta postála is tapúla fáis agus is rathúla sa Ríocht Aontaithe. Anuraidh ghlac sé seilbh ar Quadrant Subscription Services (QSS), gnólacht thábhachtach bainistiú síntiús agus seirbhísí foilsitheoireachta. Trí Air Business, táimid ag súil le seirbhísí oiriúnaithe breisluacha idirnáisiúnta a sholáthar do líon custaiméirí atá bunaithe in Éirinn agus atá ag méadú.

Cuireadh síniú, go dtí mí Mheithimh 2013, ar an gceadúnas lena bhfeidhmíonn Cuideachta Crannchur Náisiúnta An Post. D’fhógair an tAire um Chaiteachas Poiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin go mbeidh próiseas tairisceana á reachtáil ag a Roinn ina n-áireofar go n-íocfadh an tairgeoir rathúil roinnt céadta milliún euro. Bronnfar an ceadúnas le haghaidh tréimhse fadaithe 20 bliain. Tá sé ar intinn ag An Post páirt ghníomhach a ghlacadh sa próiseas seo.

Cáilmheas agus Branda

Aithníodh An Post mar an chuideachta dhúchasach Éireannach is mó cáilmheas i suirbhé 2011 RepTrak a rinne an chuideachta idirnáisiúnta Reputation Institute.

Táimid an-bhródúil as an ionad iontaofachta seo atá againn i gcroílár gnó agus pobail na hÉireann, go háirithe agus cáilmheas an oiread sin eagraíochtaí faoi smál. Tuigeann gach ball foirne agus gníomhaire de chuid An Post an ról atá acu i gcoinneáil agus i mbreisiú ár seasaimh i sochaí na hÉireann. Tá an prionsabal seo mar bhonn do gach idirbheart gnó, gach gníomhaíocht bhranda agus gach togra idirghníomhaíochta foirne.

Rinneadh dul chun cinn mór i laghdú astaíocha agus i mbainistiú bruscair le córais taifeadta nua agus áiseanna bainistiú costais curtha ar fáil.

Rinneadh infheistíocht leanúnach i mbranda An Post lena n-áirítear sraith nua d’fheachtais rathúla, ardtionchair fógraíochta agus poiblíochta, ar na meáinathbhreithniú an phríomhfheidhmeannaigh chumarsáide go léir, leis an réimse leathnaithe seirbhísí gnó agus pearsanta atá ar fáil a phoibliú. Chloíomar leis an tiomantas atá againn i leith tacaí a sholáthar le Litearthacht agus Uimhirtheacht Aosach a fheabhsú ar fud na tíre, i gcomhar le NALA, an Ghníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh.

Mhéadaigh an rannpháirtíocht phobail i measc daoine de gach aois agus cumas i Sraith Rothaíochta An Post le cúig imeacht rothaíochta i rith an tséasúir. Ghlacamar seilbh ar urraíocht teidil Rás An Post, an t-aon rás rothaíochta Éireannach ar leibhéal idirnáisiúnta a mheallann foirne gairmiúla as gach cearn den domhan. Cuireann an urraíocht seo lenár rannpháirtíocht i bhFoireann Rásaíochta Seán Kelly a fheidhmíonn mar fhoireann forbartha do rothaithe óga Éireannacha. Is mór an sochar a dhéanann na himeachtaí seo don eacnamaíocht áitiúil, lena n-áirítear na leasanna turasóireachta atá rannpháirteach.

Ag Breathnú Romhainn

Choinnigh An Post an t-ionad faoi leith atá aige i sochaí na hÉireann agus táimid tiomanta do bheith rannpháirteach i dtéarnamh eacnamaíoch an Stáit. Déanfaimid é seo trí iontaofacht, luach ar airgead agus soláthar réimse leathnaithe seirbhíse feabhsaithe a sholáthar don Stát agus thar ceann an Stáit, do lucht gnó na hÉireann agus do na pobail áitiúla.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mBord ar son an chúnaimh, na tacaíochta agus na treorach a thug siad i 2011 agus go háirithe ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gCathaoirleach, John Fitzgerald, ar son a chuid oibre agus a chuid tacaíochta. Tá mé buíoch freisin do m’fhoireann bainistíochta, dár mbaill foirne agus dár gconraitheoirí ar son a ndúthracht agus a dtiomantas agus iad i mbun a gcuid dualgas. Mar fhocal scoir, is mian liom ár mbuíochas a chur in iúl dár bpáirtithe gnó ar son na muiníne a chuir siad ionainn.

Spreagann an mhuinín sin muid chun leanúint ar aghaidh agus ár seirbhísí agus ár bhfeidhmíocht a fheabhsú agus a chinntiú go mbeimid inár gcomhpháirtí iontaofa nuálach i gach gné den lóistíocht, den chumarsáid agus den idirbheartaíocht airgeadais.

Ní féidir éalú ón athrú agus ón oiriúnú leanúnach atá i ndán do na tionscail poist, seirbhísí airgeadais agus cumarsáide in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá laghdú mór á thuairisciú ar fud an domhain i méid an phoist a bhíonn á phróiseáil. Is léir go gcaithfear an luas athraithe a bhrostú le dul i ngleic leis an laghdú i méid an phoist. Beimid ag tabhairt faoi seo go diongbháilte sa bhliain seo atá romhainn agus amach anseo. Coinneoimid orainn le hailíniú na Cuideachta, a struchtúir agus a hacmhainní leis na fíricí nua gnó atá os ár gcomhair. Cinnteoimid go ndéanfar táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt.

Lena chur go hachomar, coinneoimid ag cur ardcháilíocht, luach ar airgead, agus seirbhís ábhartha atá dírithe ar an gcustaiméir ar fáil. Tá gach muinín agus creideamh agam go bhfuil sé ar ár gcumas é sin a sholáthar ag gach leibhéal.

Donal Connell
Príomhfheidhmeannach

Right Column Image Placeholder

Right Column Text Placeholder

 

Táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’ár gcustaiméirí i bhforbairt agus i bhfás a ngnó.
















GHNÓTHA IGH MU ID DEIMHN IÚ ISO 9001 AR SON ÁR GCE ITHRE IONAD POIST UATHO IBR ITHE I MBA ILE ÁTHA CL IATH , I GCORCA IGH, I MBA ILE ÁTHA LUA IN AGUS I BPORT LAO ISE, ÁR 120 AONAD SEACHADTA AGUS ÁR N-AONAD SEIRBHÍSÍ DO CHUSTA IMÉIRÍ.














IS TARRA INGTEACH AN LÍONRA MIONDÍOLA ATÁ AGA INN , LE TIMPEALL 1.7M CUSTA IMÉAR SA TSEACHTA IN, DO FHORA IS AIRGEADA IS EILE ATÁ AG DÉANAMH ATHBHRE ITHN IÚ FAO I LÁTHA IR AR A GCUID OIBR IÚCHÁN.



beidh ár spleáchas ar ioncam ón bpost á laghdú againn sna blianta atá romhainn. bhí láimhdeachas E84 ag ár bhfochuideachtaí, méadú 24 faoin gcéad.


ní féidir éalú ón athrú agus ón oiriúnú leanúnach atá i ndán do na tionscail poist,
seirbhísí airgeadais agus cumarsáide in éirinn agus ar fud an domhain.