Forléargas Airgeadais
Bhí láimhdeachas €806.7m ag an nGrúpa don bhliain. Gineadh brabús oibriúcháin de €2.2m. Is sásúil an éacht é torthaí mar sin a bhaint amach agus an eacnamaíocht bhaile faoi bhrú chomh mór
| |
| |
|
2011 |
2010 |
| |
|
|
|
| Láimhdeachas |
€m |
806.7 |
805.1 |
|
|
|
|
| Brabús oibriúcháin an Ghrúpa |
€m |
2.2 |
5.8 |
| Brabús/(Caillteanas) an Ghrúpa tar éis chánach |
€m |
0.3 |
(24.7) |
| Glansócmhainní (gan dliteanas pinsin san áireamh) |
€m |
319.0 |
323.9 |
| |
|
|
|
Bhí láimhdeachas €806.7m ann don bhliain 2011. Is feabhas beag é seo ar an mbliain roimhe sin agus is mór an éacht é. B’ionann an t-ioncam poist €535.3m (laghdú 3 faoin gcéad ón mbliain roimhe seo), agus is é seo an foinse ioncaim is mó atá ag an nGrúpa.
Is iomaí toisc a théann i bhfeidhm ar an ioncam poist. Tá na méideanna ag titim mar gheall ar fheidhmíocht na heacnamaíochta intíre, ríomhionadú agus laghdú i gcríochnú tithe.
Bhí méadú i méideanna áfach, mar gheall ar sheachadadh ó orduithe idirlín agus seirbhísí Poist Díreach. I 2011 chomh maith bhí postálacha aon uaire ann mar gheall ar an dá thoghchán, an t-ollthoghchán agus toghchán na huachtaránachta.
Bhí an t-ioncam sa líonra miondíola ag teacht leis an mbliain roimhe seo ag €171.6m. Shroich luach an Státchoigiltis €14.1 billiún faoi dheireadmh mhí na Nollag 2011, méadú €1.4 billiún ar an mbliain roimhe seo. I measc sruthanna eile ioncaim a raibh fás iontu bhí Malartáin Eachtracha le haghaidh Dolar agus Sterling; agus seirbhísí breise gníomhaireachta le haghaidh AIB, NIB agus soláthróirí eile airgeadais agus fóntas.
Bhí láimhdeachas €84m ag na fochuideachtaí, méadú 24 faoin gcéad sa bhliain. Réitíonn sé go mór le straitéis an Ghrúpa cur leis na sruthanna ioncaim.Tá an brabús oibriúcháin a fhaightear ó fhiontair gnó ar nós PostPoint, an Siopa Dearbhán Bronntanas, One Direct Insurance, ar méadú mar chloch choirnéil i bplean airgeadais an Ghrúpa.
Costais Oibriúcháin
Mar atá i ndlínsí eile, is cuspóir tábhachtach straitéiseach é costais oibriúcháinpoist a laghdú.
Rinneadh laghdú €25.4m ar Chostais Oibriúcháin i gcroí-chuideachta An Post. Sna trí bliana atá caite rinneadh laghdú €78m ar bhonn costais bliantúil na cuideachta. Rinneadh breis dul chun cinn i 2011. Bhí na costais fhoriomlána €804.5m níos mó ná cosatias na bliana roimhe seo de €5.2m, agus an ghníomhaíocht i bhfochuideachtaí á méadú ag an nGrúpa agus an dá thoghchán náisiúnta á áisiú.
De ghnáth bíonn costais saothair cothrom le 70 faoin gcéad den mbonn costais i riaracháin poist. Is gné lárnach mar sin dár gclár laghdú costais an Cóibhéis Lánaimseartha (CLA) a laghdú. Rinneadh meánlaghdú breise de 300 ar an CLAsa bhfoireann.
Scéimeanna Pinsin
Bhí easnamh cuntasaíochta de €483.6m i scéim pinsean an Ghrúpa faoi FRS17. Tá bonn sócmhainní €1.76 billiún ann.
Mar atá le formhór na scéimeanna pinsin le sochar sainithe, éilítear ar scéim sochar sainithe An Post na hÍoschaighdeáin Maoinithe atá leagtha síos ag an mBord Pinsean a shású. Tá plé ag dul ar aghaidh leis na páirtithe leasmhara d’fhonn plean comhaontaithe maoinithe a fhoirmliú le dul i ngleic le riachtanais na Íoschaighdeáin Maoinithe.
Sócmhainní Seasta
Rinneadh caiteachas caipitiúil de €36m i 2011. Ní raibh aon diúscairt shuntasach sócmhainní ann i rith na bliana. Tá pleananna ann le haghaidh caiteachas caipitiúil den mhéid chéanna i 2012 lena n-áirítear an infheistíocht sa chéad ghlúin eile den trealamh sortála poist a chur i gcrích.
Rinneadh infheistíocht €3.3m i gcuideachta sa Ríocht Aontaithe, Quadrant Subscription Services Limited, a fhreastalaíonn ar thithe foilsitheoireachta. Beidh an ghníomhaíocht bhreise seo á bainistiú ag fochuideachta rathúil an Ghrúpa sa RA, Air Business. Is ionann é agus fairsingiú breise i ngníomhaíocht breisluacha a bhaineann le post.
Clár Comhardaithe agus Acmhainní Airgid Tirim
Léiríonn clár comhardaithe an Ghrúpa sócmhainní seasta de €291m, iarmhéideanna airgid tirim de €150m agus glanseasamh sócmhainní de €319m roimh dliteanas pinsin. Feidhmíonn an Grúpa straitéis chisteáin le cinntiú go mbíonn airgead ar fáil le haghaidh trádála agus an toradh ar acmhainní airgead á mbarrfheabhsú ag an am céanna faoi bheartas faofa an Bhoird.
An tIonchas Eacnamaíoch
Is cosúil go mbeidh croí-ghníomhaíocht an tseirbhís náisiúnta poist faoi bhrú leanúnach mar gheall ar staid na heacnamaíochta. Nuair a chuirtear é seo leis an meath atá sa tionscal poist i gcuid mhór den domhan, is cinnte go mbeidh an gnó faoi dhúshlán go leanúnach.
Ach le hilghnéithiú na sruthanna airgeadais, laghdú leanúnach ar chostais agus feabhas ar éifeachtúlacht agus ar cháilíocht na seirbhíse, beidh an Chuideachta in ann dul i ngleic leis an timpeallacht gnó seo. Tá an Grúpa ag súil lena seasamh láidir a bhuanú i 2012 agus amach anseo.