Header Image Placeholder

Tuarascáil Bhliantúil 2011 

Bainistíocht

Image Placeholder on top of main text

Main Text Placeholder

  • 1. Donal Connell

    C.Eng., F.I.E.I., B.E.
    Príomhfheidhmeannach
    Ceapadh an tUasal Connell ina Phríomhfheidhmeannach ar an 14 Lúnasa 2006. Chuir sé tús lena ghairm sa Roinn Poist agus Teileagrafa agus bhí poist shinsireacha bainistíochta aige le Unitrode Ireland, 3Com Ireland agus Maxtor Ireland mar a raibh sé ina Bhainisteoir Ginearálta roimh dhul isteach in An Post. Is stiúrthóir neamhfheidhmeanach é ar Bhord Eorpach Xilinx Corporation agus tá sé ina Chathaoirleach ar Chuideachta Crannchur Náisiúnta An Post.

  • 3. Jack Dempsey

    B.Comm., M.B.A., M.P.A.
    Rúnaí na Cuideachta
    Tháinig an tUasal Dempsey isteach in Oifig an Phoist sa bhliain 1968 mar Oifigeach Feidhmiúcháin sa Roinn Poist agus Teileagrafa. Le linn a shaol oibre tá taithí leitheadach faighte aige i ngach gné d’oibriúcháin poist agus de ghníomhaíochtaí tráchtála, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus bhí postanna sinsearacha éagsúla aige ar fud na Cuideachta. Ceapadh é mar Rúnaí na Cuideachta i mí Mhárta 2011.

  • 5. Pat Knight

    M.Sc.(Mgmt.), F.C.I.P.D.
    Stiúrthóir Acmhainní Daonna
    Tháinig an tUasal Knight isteach in An Post i mí Mhárta 2004 mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna. Roimhe sin, bhí sé ina Bhainisteoir Ginearálta i Waterford Crystal, mar a raibh sé ón mbliain 1986 agus postanna sinsearacha AD aige, in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Bhí taithí aige roimhe sin mar Oifigeach Pearsanra le Bord na Móna cpt. Tá sé ina iontaobhaí ar Scéimeanna Aoisliúntais An Post agus ina stiúrthóir ar Air Business Limited.

  • 7. Liam O’Sullivan

    Stiúrthóir Oibriúcháin Poist
    Tháinig an tUasal O’Sullivan isteach in An Post sa bhliain 1985. Le linn a ghairme, tá taithí leitheadach faighte aige i réimse iomlán gnó na Cuideachta. Bhí postanna éagsúla sinsearacha aige sa Chuideachta, lena n-áirítear tréimhsí mar Stiúrthóir Próiseála Poist agus Stiúrthóír na gClár agus na nOibriúchán Athraithe Bailiúchán agus Seachadta. Ghlac sé lena phost reatha i mí Aibreáin 2009.

  • 9. Liam Sheehan

    Stiúrthóir Díolacháin agus Margaíochta
    Tháinig an tUasal Sheehan chuig An Post sa bhliain 2000 mar Bhainisteoir Ginearálta Díolacháin agus Margaíochta agus ceapadh ina Stiúrthóir Díolacháin agus Margaíochta é i mí Dheireadh Fómhair 2006. Tá taithí leitheadach aige in earnáil mearghluaiseachta earraí tomhaltóra na hÉireann agus i gcruthú brandaí, i mbainistiú cainéil agus i straitéis díolacháin. Bhí postanna sinsearacha aige roimhe seo le Procter & Gamble agus Guinness agus bhí sé ina Stiúrthóir Tráchtála Erin Foods. Tá sé ina Stiúrthóir ar an gCuideachta Duaisbhannaí Teoranta agus ina Chathaoirleach ar an Siopa Dearbhán Bronntanas Teoranta.

Main Text Placeholder 2

  • 2. John Daly

    A.C.M.A., M.Sc. (Mgmt.)
    Bainisteoir Oibríchtaí Miondíola
    Ba i mí na Nollag 1988 a chuaigh an tUasal Daly leis An Post tar éis dó a bheith ina chuntasóir bainistíochta in FÁS. Sa tréimhse luath dá ghairm leis An Post bhí sé ag obair sa roinn Airgeadais mar chuntasóir bainistíochta. Bhí poist éagsúla airgeadais agus bainistíochta aige ansin sa roinn Miondíola sular ceapadh é ina phost reatha i mí Dheireadh Fómhair 2006. Tá sé ina Chathaoirleach ar Chuideachta Duaisbhannaí An Post Teoranta.

  • 4. Peter Gallagher

    B.Sc., M.B.A., M.Inst.D
    Stiúrthóir Straitéise agus Feabhas Gnó

    Tháinig an tUasal Gallagher isteach in An Post i mí Aibreáin 2007 mar Cheann Straitéise agus Feabhas Gnó. Sular tháinig sé isteach in An Post, bhí sé ina Chomhpháirtí i gCleachtas Claochlú Gnó Domhanda an PA Consulting Group mar a raibh sé i gceannas ar chláir mhóra claochlaithe agus feabhsú oibriúcháin do chliantaí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Fuair sé taithí roimhe seo chomh maith mar Stiúrthóir Straitéise le KPMG Consulting agus mar Bhainisteoir Oibriúcháin Gnó (RA agus Éire) le Dell Computer Corporation.

  • 6. Brian McCormick

    B.E. (Mech.)
    Stiúrthóir Seirbhísí

    Ba i mí Bhealtaine 2002 a tháinig an tUasal McCormick isteach in An Post mar Stiúrthóir Straitéise agus ceapadh é ina phost reatha mar Stiúrthóir Seirbhísí i mí Dheireadh Fómhair 2003. Bhí taithí aige roimhe sin le CRH plc agus Merrion Corporate Finance mar a raibh sé ina Stiúrthóir. Tá sé ina iontaobhaí ar Scéimeanna Aoisliúntais An Post agus ina Chathaoirleach ar One Direct (Ireland) Limited agus Air Business Limited.

  • 8. Peter Quinn

    B.Comm., F.C.A., M.B.A.
    Príomhoifigeach Airgeadais

    Ba i mí Lúnasa 2004 a tháinig an tUasal Quinn go dtí An Post tar éis dó a bheith i bpostanna shinsearacha le PJ Carroll and Company plc agus Monaghan Mushrooms Limited. Go luath ina shaol gairmiúil fuair sé oiliúint mar chuntasóir cairte agus bhí sé i gcleachtas le KPMG. Tá sé ina stiúrthóir ar Chuideachta Chrannchur Náisiúnta An Post.

  • 10. Barney Whelan

    B.Sc., M.B.A., F.P.R.I.I.
    Stiúrthóir Cumarsáide agus Gnóthaí Corparáideacha
    Tháinig an tUasal Whelan isteachin An Post i mí Eanáir 2005. Tar éis blianta fada a chaitheamh sa tionscal feirmeoireachta uisce, bhí sé freagrachas caidreamh poiblí agus cumarsáidbhranda sa BSL. Ina dhiaidh sin bhí postaige mar Stiúrthóir, Díolacháin agus Margaíocht sa Bhord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia. Ceapadh é inaphost reatha i mí Dheireadh Fómhair 2006.