Misean, Fís agus Luachanna
Ár Misean
Seirbhísí poist, dáileacháin agus airgeadais den scoth ar chaighdeán domhanda le rochtain phobail áitiúil agus naisc dhomhanda nach féidir a shárú a chur ar fáil.
Ár bhFís
Agus muid ag obair le chéile mar fhoireann aontaithe, is í ár n-aidhm an t-iomaíochas nua atá ann a shárú, seirbhís de cháilíocht níos fearr a sheachadadh, ar bhealach níos éifeachtaí, ar níos mó custaiméirí trí bheith de shíor ag dul in oiriúint, a bheith nuálach agus an t-athrú a chur i bhfeidhm go leanúnach.
Ár Luachanna
Seirbhís Custaiméirí d’Ardchaighdeán
Tús áíte a thabhairt don chustaiméir i ngach rud a dheinimid, caighdeán den chéad scoth a sholáthar go seasta.
Rath Tráchtála
Ráth tráchtála a bhaint amach, agus brabús a thuilleamh ar mhaithe leis an ngnó a bhuanú agus a fhorbairt.
Iomaíochas Costais agus Éifeachtúlacht
Gnó éifeachtúil a rith ar bhonn iomaíoch.
Meas agus Freagracht Phearsanta
Meas a bheith againn dá chéile agus a glacadh le freagracht phearsanta.
Saoránach Corparáideach Faoi Mheas
Cúram a dhéanamh den chomhshaol agus a bheith rannpháirteach sa phobal mar shaoránach corparáideach faoi mheas.
Nuáil agus Athrú
Nuáil agus oiriúnú a chleachtadh go leanúnach, agus athrú a fhorfheidhmiú go rathúil.