1. An Grúpa agus a Phríomhghníomhaíochtaí
Feidhmíonn an Chuideachta an tseirbhís náisiúnta poist agus seirbhís tarchur airgid agus cuireann sí seirbhísí gníomhaire ar fáil do Ranna Rialtais, do Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, do Chomhlacht an Chrannchur Náisiúnta, agus comhlachtaí eile.
Tá gnáthscair amháin ag an Aire Caiteachais, Phoiblí agus Áthchóirithe agus tá an chuid eile den scairchaipiteal eisithe i seilbh an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.
Tugtar sonraí faoi na gníomhaíochtaí a dhéanann fofhiontair, fiontair chomhlachaithe agus comhfhiontair, maraon leis an bhfaisnéis a éilítear in Alt 158 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 i Nóta 25 do na Ráitis Airgeadais.
2. Torthaí
Tá sonraí faoi thorthaí na bliana leagtha amach sa chuntas comhdhlúite brabúis agus caillteanais agus snanótaí gaolmhara do na ráitis airgeadais. Ní mholann na Stiúrthóirígo n-íocfaí díbhinn don bhliain.
3. Athbhreithniú Gnó
Is toradh sásúil é an brabús oibriúcháin de €2.2m don bhliain i bhfianaise chúlú eacnamaíoch na bliana 2011. Cé go raibh méadú an-bheag ar an láimhdeachas i gcomparáid le 2010, tá tionchar an chúlú le feiceáil sa laghdú láimhdeachais sa ghnó poist a thit ó €552m go €535m. Bhí méadú €18m i seirbhísí eile rud a léiríonn rath agus leathnú leanúnach na bhfochuideachtaí i rith na bliana 2011. Tháinig laghdú de €15.4m ar chostais saothair i gcroíchomhlacht An Post, laghdú €10m ar chostais neamhphá agus laghdú €0.3 ar chostais máistrí poist. Tháinig méadú €4.9m ar an muirear pinsin agus bhain costas aon uaire de €8.2m le postáil toghcháin. D’eascair an chuid is mó den laghdú i gcostais oibriúcháin as laghduithe i líon na gCLA agus i smachtú costais neamhphá. Bhí barabús an Ghrúpa tar éis cánachais agus leas mionlaigh cothrom le €0.3m.
Mhéadaigh an t-easnamh pinsin ó €368m ag an 31 Nollaig 2010 go €484m ag 31 Nollaig 2011 rud a léiríonn staid neamhchinnte na margaí airgeadais agus an laghdú a tháinig dá réir ar luach sócmhainní na scéime. Mhéadaigh an glandliteanas sa chlár comhardaithe don Ghrúpa go €165m ag an 31 Nollaig 2011 i gomparáid le glandliteanais de €45m ag an 31 Nollaig, 2010.
Tuarascáil na stiúrthóiríis cúis áthais do na stiúrthóirí an t-ochtú tuarascáil bhliantúil agus fiche maraon le ráitis airgeadais iniúchta an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2011, a chur i láthair i gcomhlíonadh a gcuid dualgas faoi Achtannana gCuideachtaí, 1963 go 2009.
Tá an fhaisnéis a éilítear i Rialachán 37 de Rialacháin na gComhphobal Eorpacha (Cuideachtaí: Cuntais Ghrúpa), 1992, áirithe sa bhfaisnéis a thugtar ar leathanaigh 6 go 18.
Tugann na stiúrthóirí agus an lucht bainistíochta aird ar réimse de phríomhtháscairí feidhmíochta (PTF) chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht, agus cuirtear iad seo a leanas san áireamh:
PTF
|
feidhmíocht in 2011 |
feidhmíocht in 2010 |
Brabús oibriúcháin |
|
|
| Brabús oibriúcháin mar chéatadán den láimhdeachas |
0.3% |
0.7% |
| Costais foirne agus máistrí poist mar chéatadán den láimhdeachas |
61.7% |
62.0% |
| Costais oibriúcháin eile mar chéatadán den láimhdeachas |
10.0% |
10.0% |
| Costais oibriúcháin eile mar chéatadán de lán costais oibriúcháin |
28.3% |
28.0% |
| Airgead sa Bhanc agus ar lámh |
€150.1m |
€198.1m |
Foireann - Meánchóibhéis Lánaimseartha (CLA) |
|
|
| Cuideachta |
10,037* |
10,129 |
| Fochuideachtaí |
612 |
481 |
| Grúpa |
10,649 |
10,610 |
| Ráta reatha CLA na cuideachta ag deireadh na bliana |
9,422 |
9,624 |
gnó poist |
|
|
| Innéacs croí-ioncaim ó litreacha *(leathanach 77) |
(7.0%) |
(7.2%) |
| Caighdeán na seirbhíse (náisiúnta) - píosa tosaíochta aonair a seachadadh an chéad lá eile |
83%** |
85%** |
gnó miondíola |
|
|
| Bearta leasa sóisialta |
44.1m |
43.5m |
| Bearta Íoc Billí |
24.9m |
25.2m |
| Díoacháin ceadúnais teilifíse (mílte) |
1,426k |
1,432k |
| Táirgí Infheistíochta - Glan-Insreabhadh ciste |
€1,084m |
€2,683m |
| Banc Taisce an Phoist - Glan-insreabhadh ciste |
€149m |
€429m |
| Duaisbhannaí - Glan-insreabhadh ciste |
€118m |
€258m |
| Buirgléireacht agus Robáil - Líon na dTeagmhas |
67 |
73 |
seirbhís do chustaiméirí |
|
|
| Gearáin i Scríbhinn |
27,839 |
26,373 |
| Fiosrúcháin ar an teileafón |
511,827 |
446,682 |
Bliain eisceachtúil a bhí sa bhliain 2011 mar gheall ar Olltoghchán agus Toghchán Uachtaránachta. Bhí croí-uimhir CLA 300 níos ísle ná 2010 nuair a chuirtear riachtanais na dtoghchán as an áireamh.
** Figiúr bliana iomlán de réir Monatór ComReg.
De réir an cheanglais anailís a dhéanamh ar na príomhrioscaí agus na neamhchinnteachtaí atá ann d’fhorbairt an Ghrúpa agus na Cuideachtaí, aithníodh na nithe seo a leanas:
- cúinsí ginearálta eacnamaíochta;
- an gá atá le cláir athraithe aontaithe a fhorfheidhmiú go hiomlán;
- tionchar na hionadaíochta leictreonaí;
- easpa cumais i leith maoiniú na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí;
- praghsanna dóthanacha a bhaint amach ar son seirbhísí;
- an gá atá le spriocanna caighdeán seirbhísí a bhaint amach agus a choinneáil;
- caillteanas ionchasach seirbhísí suntasacha gníomhaireachta;
- teip i ndáil le saincheisteanna caidreamh tionsclaíochta a réiteach trí phróisis chomhaontaithe.
Tá anailís déanta ag na stiúrthóirí orthu seo agus ar rioscaí eile agus tá cláir oiriúnacha curtha ar bun chun bainistiú agus rialú a dhéanamh ar na rioscaí seo. Sa Ráiteas maidir le Rialachas Corparáideach, ar cuid den tuarascáil seo iad, leagtar amach na beartais agus an chur chuige maidir le rioscaí, agus na nósanna imeachta agus na freagrachtaí inmheánacha a bhaineann leo.
4. Na Stiúrthóirí, an Rúnaí agus a gcuid Leasanna
Rinneadh na hathruithe seo a leanas i gcomhdhéanamh an Bhoird ó dháta thuarascáil na stiúrthóirí roimhe seo:
- Chuaigh Ciara Hurley ar scor ar an 31 Márta 2011.
- Chuaigh Brian McConnell ar scor ar an 31 Márta 2011.
- Ceapadh Paul Henry ar an 15 Meán Fómhair 2011.
- Ceapadh James Wrynn ar an 15 Meán Fómhair 2011.
- Cuaigh James Hyland ar scor ar an 10 Nollaig 2011.
Ní raibh leas ar bith i scaireanna ná i mbintiúirí na Cuideachta ná aon chuideachta sa Ghrúpa ag tús na bliana (nó ag an dáta ceapacháin má bhí níos déanaí) ná ag deireadh na bliana ag na stiúrthóirí ná ag an rúnaí a bhí in oifig ar an 31 Nollaig 2011(2010: Tada).
5. Fostaithe
Is fostóir comhdheiseanna é an Grúpa. Breithnítear gach iarratas ar fhostaíocht go hiomlán agus go cóir, tugtar aird chuí ar infheidhmeacht agus ar chumas an duine agus ar riachtanais an phoist a bhíonn i gceist. Caitear le gach duine ar an gcaoi chéanna ó thaobh oiliúna, forbairt ghairme agus ardú céime. Deimhníonn An Post go sáraíonn fostaíocht daoine le míchumais an sprioc de 3% a leagadh amach faoin Acht um Mhíchumais, 2005.
Tá An Post tiomanta do na caighdeáin sábháilteachta agus cleachtais sábháilte is airde a chinntiú dá fhostaithe, dá chonraitheoirí agus do bhaill an phobail de réir an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005. Sa bhliain 2011, bhí 36.6 timpiste le cailliúint ama ann do 1,000 fostaí. Is ionann é seo agus laghdú 12% ar 2010.
Tá An Post tiomanta do thimpistí le cailliúint ama a laghdú agus le sin a bhaint amach tá clár feabhsú sábháilteachta ar bun lena n-áirítear iniúchóireachtaí creidiúnaithe a chur i gcrích don chaighdeán OHSAS 18001:2007 sa bhliain 2011. Chomh maith leis sin, d’fhreastail 4,732 fostaí ar chúrsaí sonracha oiliúint sábháilteachta sa bhliain 2011, agus a lán eile ag freastal ar chúrsaí ina raibh an tsábháilteacht san áireamh. Áirítear anseo bliain a dó de chlár 3 bliana a cuireadh i gcrích le hardoiliúint tiomána a sholáthar do gach tiománaí den 1,025 a thiománann flít na Cuideachta. Tuigtear do An Post go mbaineann íoschaighdeán inghlactha lena oibleagáidí dlíthiúla, agus dá bhrí sin tá a dhícheall á dhéanamh ag An Post feasacht na bhfostaithe agus na gconraitheoirí faoi riachtanas na gcaighdeán sábháilteachta is airde a mhéadú.
6. Íoc Pras Cuntas
Is é beartas An Post riachtanais na reachtaíochta ábhartha maidir le híoc pras cuntas a chomhlíonadh. Is iad gráth-théarmaí an Ghrúpa maidir le creidmheas a ghlacadh, mura sonraítear a mhalairt i socraithe sonracha conartha, ná 30 lá. Tá rialuithe inmheánacha cuí ann, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí atá sainmhínithe go soiléir agus tuairisciú agus athbhreithniú míosúil ar chleachtais íocaíochta. Tugann na nósanna imeachta seo dearbhú réasúnta nach bhfuil absalóideach in aghaidh neamhghéilliúntas ábhartha do na rialacháin.
7. Taifid Chuntasaíochta
Trí fhoireann chuntasaíochta le saineolas cuí a fhostú agus acmhainní dóthanacha a sholáthar don fheidhm airgeadais, creideann na stiúrthóirí go bhfuil riachtanais Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 maidir le leabhair chuntais comhlíonta acu. Coinnítear leabhair chuntais na Cuideachta ag áitreabh na Cuideachta ag Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1.
8. Iniúchóirí
De réir Alt 160(2) d’Acht na gCuideachtaí, 1963, leanfaidh an t-iniúchóir KPMG, Cuntasóirí Cairte, in oifig.
Thar ceann an Bhoird
John Fitzgerald, Cathaoirleach
Donal Connell, Stiúrthóir
Márta 2012