Tuarascáil ón Iniúchóir Neamhspleách maidir leis na Córais Chuntasaíochta
Chomh maith lenár n-iniúchadh ar na ráitis airgeadais, d’athbhreithníomar ráiteas na stiúrthóirí a bhaineann le géilliúntas na cuideachta, don bhliain dar críoch 31 nollaig 2010, d’fhorálacha cuntasaíochta na Rialachán agus na treorach a tugadh do An Post a leag amach mionriachtanais an rialtóra i ndáil le córais chuntasaíochta An Post (an Treoir) arna n-eisiúint ag an rialtóir seirbhísí poist, ComReg, an 8 nollaig 2006, i ndáil le córais chuntasaíochta An Post.
Freagrachtaí Faoi Seach na Stiúrthóirí agus an Iniúchóra
Ullmhaíonn na stiúrthóirí ráiteas bliantúil de chomhlíonadh forálacha cuntasaíochta na Rialachán agus na Treorach as a bhfuil siad freagrach. Is é cuspóir ár n-athbhreithniú aird a tharraingt ar neamhghéilliúntas riachtanas fhorálacha cuntasaíochta na Rialachán agus na Treorach. Ní ionann ár n-athbhreithniú agus iniúchadh ar na cuntais dheighilte. Eiseofar tuarascáil iniúchta ar leithligh maidir le hiniúchadh na gcuntas rialála.
Bunús na Tuairime
Rinneamar ár n-athbhreithniú de réir phrionsabail ghinearálta agus treoir an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.
Tuairim
Is é ár dtuairim, bunaithe ar fhiosrúchán stiúrthóirí agus oifigigh faoi leith na Cuideachta agus ar cháipéisí chuí a scrúdú, go léiríonn ráiteas na stiúrthóirí go cuí, gur chomhlíon an Chuideachta forálacha cuntasaíochta na Rialachán agus Treorach ar Chórais Chuntasaíochta An Post, arna n-eisiúint an 8 Nollaig, 2006 ag ComReg, don bhliain dar críoch 31 Nollaig, 2011.

KPMG
Cuntasóirí Cairte
1 Plás Stokes
Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
22 Márta 2012