Tá iniúchadh déanta againn ar ráitis airgeadais Ghrúpa agus mháthairchuideachta (na ‘ráitis airgeadais) an post don bhliain dar críoch an 31 nollaig, 2011 atá comhdhéanta den chuntas brabúis agus caillteanais comhdhlúite, clár comhardaithe comhdhlúite agus clár comhardaithe na cuideachta, ráiteas comhdhlúite ar shreabhadh airgid,
an ráiteas comhdhlúite maidir le gnóthachain agus caillteanais aitheanta iomlána, an ráiteas um bheartais chuntasaíochta agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais seo faoi na beartais chuntasaíochta atá ann.
Tá an tuarascáil seo ullmhaithe do chomhaltaí na Cuideachta amháin mar chomhlacht de réir alt 193 d’Acht na gCuideachtaí, 1990. Chuathas i mbun ár gcuid oibre iniúchta ionas go bhféadfaimis na nithe ar gá dúinn a lua do chomhaltaí na Cuideachta i dtuarascáil iniúchóirí a lua agus ní chun críche ar bith eile. Chomh fada agus atá ceadaithe le dlí, ní ghlacaimid agus ní ghabhaimid freagracht orainn féin maidir le haon duine seachas an Chuideachta agus comhaltaí na Cuideachta mar chomhlacht, as ár n-obair iniúchta, don tuarascáil seo agus do na tuairimí atá déanta againn.
Freagrachtaí Faoi Seach na Stiúrthóirí agus an Iniúchóra
Tá freagrachtaí na stiúrthóirí as an tuarascáil bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir dlí infheidhme agus na caighdeáin chuntasaíochta arna eisiúint ag an mBord Caighdeán Cuntasaíochta agus atá fógartha ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Cleachtas Cuntasaíochta Inghlactha go Ginearálta in Éirinn), leagtha amach i Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí ar leathanach.
Is é ár bhfreagracht iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais de réir cheanglais dlí agus rialacháin chuí agus de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchadh (Ríocht Aontaithe agus Éire).
Tuairiscímid ár dtuairim cibé an dtugann na ráitis airgeadais léargas fíor agus cothrom de réir Chleachtas Cuntasaíochta Inghlactha go Ginearálta in Éirinn agus cibé an bhfuil siad ullmhaithe go cuí de réir Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais), 1992. Tuairiscímid freisin cibé inár dtuairim: an bhfuil leabhair chuntais chearta coinnithe ag an gCuideachta; ag dáta an chláir chomhardaithe, ar ann do staid airgeadais a éilíonn cruinniú ginearálta urghnách den Chuideachta a thionól; agus cibé an bhfuil an fhaisnéis atá tugtha i dTuarascáil na Stiúrthóirí ag teacht leis na ráitis airgeadais. Sa bhreis air sin, luaimid cibé an bhfuaireamar an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad atá riachtanach chun críocha ár n-iniúchta agus cibé an dtagann ráiteas airgeadais na Cuideachta leis na leabhair chuntais.
Tuairiscímid freisin, mura dtugtar, inár dtuairim féin, aon fhaisnéis atá sonraithe le dlí maidir le luach saothair na stiúrthóirí agus idirbhearta na stiúrthóirí leis an nGrúpa agus, beidh faisnéis den sórt sin inár dtuarascáil nuair atá sin praiticiúil.
Athbhreithneoimid, ar iarratas ó na stiúrthóirí, cibé (1) an léiríonn an ráiteas deonach Rialachas Corparáideach gur chomhlíon an Grúpa na naoi gcinn d’fhorálacha i gComhchód FRC 2006 a shonraíonn Stocmhalartán na hÉireann d’athbhreithniú iniúchóirí agus (2) an léiríonn an ráiteas den chóras rialaithe inmheánaigh gur chomhlíon an Grúpa foráil an Chóid Dea-Chleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit a shonraítear le haghaidh athbhreithniú iniúchóirí agus tuairiscímid mura léiríonn na ráitis sin. Níl orainn a bhreithniú an gclúdaíonn ráitis an Bhoird ar rialú inmheánach na rioscaí agus na rialuithe ar fad, nó a theacht ar thuairim maidir le héifeachtacht nósanna imeachta rialachais chorparáidigh an Ghrúpa nó a nósanna imeachta maidir le rioscaí agus rialú.
Léimid an fhaisnéis eile atá sa tuarascáil bhliantúil agus breithnimid an bhfuil sé comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais iniúchta. Níl i gceist leis an bhfaisnéis eile sin ach Tuarascáil na Stiúrthóirí, Ráiteas an Chathaoirligh, Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh, an tAthbhreithniú Airgeadais, an Ráiteas maidir le Rialachas Corparáideach agus an Achoimre Airgeadais Cúig Bhliana. Breithnimid na himpleachtaí dár dtuarascáil má thagaimid ar aon fhaisnéis maidir le mí-ráitis nó neamhréireachtaí ábhartha leis na ráitis airgeadais. Ní shíneann ár bhfreagrachtaí chuig aon fhaisnéis eile.
Bunús Na Tuairime
Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchadh (Ríocht Aontaithe agus Éire) arna n-eisiúint ag an mBord um Chleachtais Iniúchóireachta. Áirítear in iniúchadh fianaise a bhaineann leis na méideanna agus an nochtadh sna ráitis airgeadais a scrúdú ar bhonn tástála. Áirítear ann freisin, measúnú ar na meastacháin agus breithiúnais shuntasacha a rinne na stiúrthóirí agus iad ag ullmhú na ráiteas airgeadais agus cibé an bhfuil na beartais chuntasaíochta oiriúnach d’imthosca an Ghrúpa agus na Máthairchuideachta, ar cuireadh i bhfeidhm go seasta iad, agus an bhfuil faisnéisiú dóthanach tugtha fúthu orthu.
Phleanálamar agus rinneamar ár n-iniúchadh chun an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad a fháil a mheasamar a bheith riachtanach chun dóthain fianaise a chur ar fáil dúinn chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé de bharr calaoise nó mírialtachta eile nó earráide. Agus sinn ag teacht ar ár dtuairim, rinneamar meastóireacht ar leordhóthanacht fhoriomlán thíolacadh na faisnéise sna ráitis airgeadais.
Tuairim
Is é ár dtuairim go dtugann na ráitis airgeadais:
- • léargas fíor agus cothrom, de réir Chleachtas Cuntasaíochta Inghlactha go Ginearálta in Éirinn, ar staid chúrsaí an Ghrúpa agus na Cuideachta amhail an 31 Nollaig, 2011 agus ar brabús an Ghrúpa don bhliain dar críoch amhlaidh, agus
- • gur ullmhaíodh na ráitis airgeadais go cuí de réir Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 2009 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais), 1992.
Gnóthaí eile
Tá an fhaisnéis agus na mínithe ar fad a mheasaimid a bheith riachtanach chun críocha ár n-iniúchta faighte againn. Is é ár dtuairim, go bhfuil tuairisceán cuí dóthanach dár n-iniúchadh faighte againn ó bhrainsí na Cuideachta nár thugamar cuairt orthu. Is é ár dtuairim go bhfuil leabhair chuntais chuí coimeádta ag an gCuideachta agus go bhfuil clár comhardaithe na Cuideachta amhail an 31 Nollaig, 2011 ag teacht leis na leabhair chuntais.
Is é ár dtuairim go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí ag réiteach leis na ráitis airgeadais.
Tuairiscíonn clár comhardaithe na Cuideachta mar a luaitear, farasbarr dliteanas thar sócmhainní agus, inár dtuairim, ar an mbunús sin go raibh staid airgeadais ann ar an 31 Nollaig, 2011, a d’éileodh, faoi Alt 40(1) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983, go dtionólfaí cruinniú ginearálta urghnách den Chuideachta.
Caroline Flynn
ar son agus thar ceann

KPMG
Cuntasóirí Cairte
Iniúchóir Cláraithe
1 Plás Stokes
Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
22 Márta 2012