EAGRÁIN STAMPAÍ AGUS FOILSEACHÁIN STAMPSHANAIS
D’eisigh An Post 40 stampa comórtha i 2011. Chomh maith leis sin tugadh amach ocht stampa sa tSraith Dheifnídeach Ainmhithe agus Beatha Muirí na hÉireann.
Tá saothar ó na healaíontóirí agus an dearthóirí is fearr in Éirinn ar fáil sa Chlár Stampaí. I measc na mbuaicphointí tá Eisiúintí Stampaí a cheilliúraíonn Ceardaíocht na hÉireann, an chéad uair a tionóladh Comórtas Idirnáisiúnta Golf Chorn Solheim do Mhná in Éirinn, agus Comóradh 50 bliain ar an gcéad chraoladh a rinne Teilifís RTÉ.
Tugadh isteach Céim II den seachtú sraith deifnídach i 2011, le hocht stampa sa bhailiúchán Ainmhithe agus Beatha Muirí na hÉireann. Is é seo an dara chéim den táirge nuálach Stampaí ar Rolla (SOAR) mar a gclóbhuailtear luach gach stampa ag am a cheannaithe de réir an phostais atá ag teastáil. Eisíodh dhá stampa ó chéim I leis an Iora Rua agus an deilf bholgshrónach mar chorna stampaí.
Déantar ceiliúradh ar an gcapall Éireannach le tacar ceithre stampa lepríomhealaíontóir eachraíochta na hÉirean, Peter Curling. Tá léiriú iontu ar cheithre chapall coitianta Éireannacha: an Capall Folaíochta, Capailín Chonamara, an Capall Daite agus an Capall Oibre Éireannach.
Rinneadh ceiliúradh ar fhorais mhóra ar nós Amnesty International, an American Chamber of Commerce, Ireland agus Cumann Dornálaíochta Amaitéireach na hÉireann a raibh cuimhneacháin speisialta acu i rith na bliana.
Bhí portráid den údar Brian Ó Nualláin “Flann O’Brien” lena dheartháir an tealaíontóir Mícheál Ó Nualláin, ar stampa a rinne ceiliúradh céad bliain ar a bhreith.
Táirgeadh punann ilghnéitheach de nithe eile chomh maith, lena n-áirítear Paca Bliana agus Bailiúchán Clúdaigh Céad Lae. Arís eile, táirgeadh Leabhar Stampaí Bliantúil na hÉireann leis na caighdeáin is airde i ndearadh agus i dtéacs, le trácht ar na heagráin uile sa chlár bliantúil, i ngnátheagrán agus in eagrán galánta.
